GAILEARAÍ: Bean na Gráige i measc na ngaiscíoch ag maratón an Daingin i gCorca Dhuibhne

Chuir an ceo le hatmaisféar agus ildaiteacht mharatón an Daingin 2018, ócáid ar ghlac isteach is amach le 3,500 duine páirt ann. Pictiúir agus tuairisc le Mícheál de Mórdha

GAILEARAÍ: Bean na Gráige i measc na ngaiscíoch ag maratón an Daingin i gCorca Dhuibhne
Ruairí, Róisín agus Ruth Uí Ógáin ó Bhaile an Rátha, ag baint lán a súl as na reathaithe

Cé gur lá ceobhránach ab ea an Satharn agus go raibh radharcanna taibhseacha Chiarraí Thiar folaithe sa cheo an chuid is mó den am, níor chuir sin isteach ná amach ar mharatón an Daingin i mbliana agus ba é seo an deichiú ceann acu.

Go deimhin, is amhlaidh a d’éirigh go hiontach leis an maratón sin arís i mbliana agus is amhlaidh a chuir an ceo le hatmaisféar agus ildaiteacht na mórócáide spóirt seo ar ghlac isteach is amach le 3,500 duine páirt ann. Rud eile de, ní raibh na míola corra chomh rábach i mbliana ag ionsaí an lucht féachana agus a bhíodh blianta eile ach b’fhéidir gurb amhlaidh a taibhsíodh sin don scríbhneoir seo, tar éis é féin a smearadh leis an ‘Jungle Juice’!

Tuigeadh dúinn, ach go háirithe, go raibh atmaisféar ar leith ag baint le maratón 2018 agus é eagraithe gan cháim.

Lasmuigh de Thigh Khruger, ‘an tigh tábhairne is sia siar in Éirinn’ a bhí an tuairisceoir seo fara a cheamara maidin Dé Sathairn seo caite. Anseo do chríochnaigh an leathmharatón ar chúrsa ó Cheann an Ché sa Daingean, trí Pharóiste Fionntrá, mórthimpeall Chinn Sléibhe agus as sin go ceann scríbe i nDún Chaoin. Do bhailigh mathshlua daoine, muintir na háite agus cuairteoirí araon, lasmuigh den dtábhairne cáiliúil sin.

Is é John Meade a bhuaigh an leathmharatón arís i mbliana agus ba í Áine O’Reilly an chéad bhean a bhain Tigh Khruger amach.

Níorbh é a haon leis é ag Eoin Ó Siochrú a bhuaigh an lánmharatón den gceathrú bliain as a chéile – éacht a thóg dhá uair an chloig 44 nóiméad agus 44 soicind air.

Cúis mhór áthais do mhuintir na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne is ea gurb í Léan Ní Chíobháin, ón nGráig, an chéad ghearrchaile ón áit a chríochnaigh an lánmharatón. Trí uair an chloig agus 23 nóiméad an t-am a bhí ag Léan. Iníon í Léan le Séamuisín agus le hEibhlín Uí Chíobháin agus tá sí fillte ar ais ar a fód dúchais, tar éis di tamall a chaitheamh ag obair i Londain Shasana.

D’éirigh an-mhaith le hiomaitheoir eile ón nGaeltacht seo, Muiris Ó Bric, a chríochnaigh an rás i dtrí uair an chloig agus 34 nóiméad.

Léan Ní Chíobháin ón nGráig, an chéad ghearrchaile a chríochnaigh an lánmharatón

 

John Meade a bhuaigh an leathmharatón go héasca arís i mbliana

 

An bheart déanta

 

Áine O’Reilly, an chéad bhean a chríochnaigh an leathmharatón

 

Reathaithe sna cosa in airde

 

 

Beirt Mhuircheartach ó Bhaile an tSléibhe, Fionntrá, a bhí i measc lucht eagair an leathmharatóin

 

Rónan Ó Donnchadha agus a pháirtí Geraldine, Baile an Teampaill agus Tomás Ó Lúing, Baile Bhiocáire ag faire ar an maratón

 

Grúpa a bhí sa rás ar mhaithe le carthanacht Dónal Walsh

 

Mags Graham ón Daingean (a raibh a mac, Luke, sa rás agus é i gcathaoir rotha) fara Fran Horgan agus Denise O’Grady, beirt Éireannach a bhfuil cónaí orthu i Sasana, ag ceann scríbe an leathmharatóin ag Tigh Kruger, Dún Chaoin

Fág freagra ar 'GAILEARAÍ: Bean na Gráige i measc na ngaiscíoch ag maratón an Daingin i gCorca Dhuibhne'