‘Gaeltique’ – gréasán nua margaíochta do mhionteangacha seolta i mBéal Feirste

Deir Seán Mistéil ó Forbairt Feirste go bhfuil buntáistí móra eacnamaíochta ag pobail mionteangacha - nach n-aithníonn siad féin go minic

‘Gaeltique’ – gréasán nua margaíochta do mhionteangacha seolta i mBéal Feirste

Seoladh Gaeltique, líonra úr do phobail mionteangacha na hEorpa i mBéal Feirste inné.

Is é atá in Gaeltique gréasán a bhfuil faoi eagraíochtaí agus gnóthaí turasóireachta i limistéir ina labhraítear teanga mhionlaigh a thabhairt le chéile. Tá sé mar aidhm ag an ngréasán, a deirtear, “próifíl agus féidearthachtaí eacnamúla phobail mionteangacha na hEorpa a mhéadú.”

Forbairt Feirste, an áisíneacht forbartha Gaeilge i mBéal Feiste, atá taobh thiar den tionscnamh a seoladh le linn comhdhála ag Coláiste Mhuire mar chuid d’Fhéile an Phobail.

Ar na cainteoirí, bhí ionadaithe ó na tíortha Ceilteacha agus ón Spáinn. Margueritte Perkins, bean óg arb é a jab an Fhraincis a athbheochan i Louisiana sna Stáit Aontaithe, a bhí mar aoi.

Measann Seán Mistéil ó Fhorbairt Feirste go bhfuil buntáistí móra eacnamaíochta ag pobail na mionteangacha – nach n-aithníonn siad féin go minic – ach atá ansin le leas a bhaint astu.

“Chomh maith leis na pobail iad féin, caithfidh muid a thaispeáint go soiléir do lucht déanta polasaí na féidearthachtaí móra a bhaineann le mionteangacha le go ndéanfaidh siad infheistíocht shóisialta agus eacnamaíochta sna teangacha agus sna cultúir luachmhara seo,” ar sé.

Cuirfidh Gaeltique comh-ardán margaíochta ar fáil a chuirfidh síos ar bhuanna na mionteangacha agus a gcultúir i gcomhthéacs na turasóireachta.

“Agus muid i ndianiomaíocht le háiteanna eile ar fud na cruinne, ó chathracha ollmhóra go séadchomharthaí ársa, tá muid uilig ag iarraidh níos mó turasóirí agus infheistíochta a mhealladh,” arsa Mistéil.

Tá dóchas ann go bhféadfar Gaeltique a fhorbairt mar bhranda a neartódh tuiscint ar na margaí seo.

“Díreach mar a dhéanann óstáin ar fud an domhain iad féin a dhlúthú le chéile chun a dtáirge a chur i lár an mhargaidh, is féidir le Gaeltique feidhmiú mar thairseach agus mar ardán margaíochta do na phobail mionteangacha – gach ceann acu ina eiseamláir ar an dúchas as a n-eascraíonn siad.”

Ach dúirt an tUasal Mistéil, go raibh dúshláin le sárú sa ghearrthréimhse.

 “Agus tubaiste an Bhreatimeachta ag druidim linn, tá sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh go mbeadh pobail mhionteangacha na hEorpa ag obair níos dlúithe le chéile.

“Tríd an chomhoibriú trasnáisiúnta seo, dar linn, cuirfidh sé brú ar institiúidí Eorpacha agus ar rialtais náisiúnta tionscnaimh phraiticiúla a fhorbairt a bhainfidh leas as mionteangacha agus as mionchultúir mar áis leis na teangacha sin a chaomhnú, na pobail sin a threisiú agus cur le rath eacnamaíochta lucht labhartha na dteangacha,” arsa an tUasal Mistéil.

Is é an gníomhaí teanga, Pádraig Ó Maolchraoibhe, a bheidh mar Chathaoirleach ar Gaeltique.

Fág freagra ar '‘Gaeltique’ – gréasán nua margaíochta do mhionteangacha seolta i mBéal Feirste'