Gaeilge ar ‘extremist’? Seans nach bhfuil ‘antoisceach’ chomh holc sin i ndiaidh an iomláin!

FRIOTAL: Is scéal suimiúil ann féin mar a d’ainmnigh lucht na Gaeilge na pobail chreidimh éagsúla, a deir ár gcolúnaí

Foclóir beag

Nílimid ach mí amháin istigh sa bhliain 2015 ach is léir go mbeidh an caidreamh corrach idir Ioslám agus an tIarthar faoi chaibidil go minic, mar a bhí go tréan i ndiaidh na n-ionsaithe sa Fhrainc. Daoine dea-mhéineacha, beidh siad ag iarraidh fanacht i mbun na measarthachta agus na cúrsaí seo a phlé go beacht is go béasach. Is scéal suimiúil ann féin mar a d’ainmnigh lucht na Gaeilge na pobail chreidimh éagsúla agus mar a d’aimsíomar malairt friotail ó aois go chéile.

B’ait leat gan aon leagan den fhocal ‘Moslamach’ a bheith i gceann ar bith de na foclóirí a foilsíodh roimh English–Irish Dictionary de Bhaldraithe. An féidir nach raibh gnó againn leis go dtí 1959? Ceart go leor, tá ‘Mohamatach’ i gcuid de na haistriúcháin a d’fhoilsigh an Gúm.  Is focal é a bhfuil blas na linne air, ach oiread le ‘Mohammedan’ an Bhéarla. Níl dúil ar bith ag na Moslamaigh féin san ainm, nó níor mhaith leo a thabhairt le fios gurb é Mahamad a bhíonn á adhradh acu murab ionann agus Dia.

Má rinneadh neamart sna Moslamaigh, rinneadh clúmhilleadh ar na Giúdaigh. Tá a lorg sin sna foclóirí. Féach, mar shampla, an focal ‘iublach’ ag an Duinníneach: ‘Jewish; wicked, perverted’. Ní i gcónaí a dhéantaí an dealú ceart idir ‘Iúdach’ agus ‘Iúdás’ ach oiread, pé acu míchruinneas nó mírún ba chúis leis sin. Bhí lá ann agus thugadh lucht an Bhéarla ‘Hebrew’ ar dhuine den phobal Giúdach agus ar an teanga araon. Níl an úsáid sin díreach chomh coitianta sin inniu agus is dócha gur mar gheall air sin a chuaigh an t-ainm ‘Eabhrach’ ar gcúl go mór.

Mo thrua an t-iriseoir a bheadh ag obair ar thuairisc faoi Al-Qaeda nó faoi na lonnaitheoirí Síónacha ar na Bhruach Thiar. Tá ‘fundamentalist’ ar cheann de na coincheapa sin nár chuireamar friotal buan sásúil air riamh, dar liomsa. Nuair a chluinim ‘fundamentalist’, smaoiním ar ródhíograiseoir a bhfuil an creideamh i ndiaidh dul sa cheann dó – duine, go deimhin, nach dtuigeann a chreideamh i gceart. Ach is focal deas neamhurchóideach é ‘bunchreidmheach’ na Gaeilge. Ba é an chiall a bhain mise as riamh ná duine a ghéilleann do bhunteagasc éigin gan dul ródhomhain isteach ann – glanmhalairt na céille atá ceaptha don fhocal. Agus an mó duine a thuigfeadh ‘Islamic fundamentalist’ as ‘bunúsaí Ioslámach’?

I dtaca le ‘extremist’ de, is é ‘muiniceach’ atá tugtha i bhfoclóir Mhic Cionnaith, agus b’éigean dom comhairle an Duinnínigh a lorg le brí a bhaint as: ‘a stiff-necked, obstinate person.’ Seans nach bhfuil ‘antoisceach’ chomh holc sin i ndiaidh an iomláin!

Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie