Gaeilge amháin ó thriúr Teachtaí Dála agus Seanadóir ó SF san Oireachtas an tseachtain seo chugainn

Tá roinnt ball Oireachtais de chuid Shinn Féin le tús a chur le ‘Triail Cearta Teanga’ Dé Luain seo chugainn, le feiceáil an féidir leis an Oireachtas freastal mar is ceart orthu sin ar spéis leo a gcearta teanga

27/4/2011 Seanad Elections
An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh. Pictiúr: Photocall Ireland

Gaeilge amháin a labharfaidh triúr Teachtaí Dála agus Seanadóir ó Shinn Féin i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo chugainn.

D’fhógair Sinn Féin tráthnóna go mbeidh na Teachtaí Dála Aengus Ó Snodaigh, Dessie Ellis agus Peadar Tóibín chomh maith leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag cur tús le ‘Triail Cearta Teanga’ san Oireachtas Dé Luain. 

Beidh na baill Oireachtais ag labhairt na Gaeilge agus sin amháin agus iad i mbun gnóthaí Oireachtais le feiceáil an féidir leis an Oireachtas freastal mar is ceart orthu sin ar mian leo a gcearta teanga a úsáid. 

Tá an ‘Triail Cearta Teanga’  á eagrú mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge atá ar siúl i láthair na huaire. Chuir an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada (SF) tús lena ‘Stailc Teanga’ i bParlaimint na hEorpa inné. Cuireadh “stop láithreach” leis an bhFeisire nuair a rinne sí iarracht an Ghaeilge a labhairt le linn cruinniú sa pharlaimint inné.

Tá Teachtaí Dála agus an Seanadóir ag iarraidh ar fhoireann oibre an Oireachtais agus a chomhghleacaithe sa Dáil agus sa Seanad  tacú leo agus páirt a ghlacadh sa ‘Triail Cearta Teanga’ freisin. Tá iarrtha acu go labhródh a gcomhghleacaithe an oiread Gaeilge agus ar féidir leo an tseachtain seo chugainn. 

Thagair an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh do phobalbhreith Chonradh na Gaeilge/Millward Brown a léirigh gur thacaigh formhór an phobail le cearta teanga.

“Creideann tromlach an daonra gur chóir go mbeadh seirbhísí ar fáil i nGaeilge agus thacaigh suirbhé de chuid Millward Brown leis seo le deireanas.

“Tá go leor constaicí ann seirbhísí stáit a úsáid as Gaeilge i dTithe an Oireachtais, mar shampla níl ach seomra coiste amháin inar féidir ateangaireacht chomhuaineach a chur ar fáil. Foilsítear an reachtaíocht agus meabhráin mhínithe as Béarla amháin. Murar féidir na dualgais seo a chomhlíonadh agus iad seo ag titim amach ag lár imeachtaí an rialtais conas is féidir a bheith ag súil go mbainfeadh cainteoirí dúchais úsáid as na seirbhísí ina dteanga féin. I bhfírinne ní thacóinn na hinstitiúidí ag croí an stáit lenár bpríomhtheanga oifigiúil, ba léir seo agus roinnt cinntí á nglacadh maidir leis an teanga le déanaí,” a dúirt an Clochartach.

Tá baill Shinn Féin ag iarraidh go n-éireofaí as “stádas den dara grád a thabhairt don Ghaeilge” mar thoradh ar ‘Stailc Teanga’ Uí Riada agus ‘Triail Cearta Teanga’ na mball Oireachtais.

Fág freagra ar 'Gaeilge amháin ó thriúr Teachtaí Dála agus Seanadóir ó SF san Oireachtas an tseachtain seo chugainn'