Gaeilgeoirí iad ar a laghad 11.9% den 522 iarrthóir páirtí atá ag seasamh sa 43 dáilcheantar in olltoghchán na seachtaine seo
De réir suirbhé atá déanta ag Tuairisc.ie, is ag Sinn Féin atá an céatadán is mó iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu.
Is é an sainmhíniú atá againn ar líofacht sa chás seo ná dóthain Gaeilge chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.
Tá Gaeilge ag 18 den 71 iarrthóir atá ag seasamh do Shinn Féin, nó 25%.
Tá an líon céanna iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu ag Fianna Fáil – 18 den 81 iarrthóir atá acu, nó 22%.
Ar comhtharrac sa tríú háit, tá Pobal seachas Brabús agus an Comhaontas Glas. Tá Gaeilge ag seisear den 42 iarrthóir, nó 14%, d’iarrthóirí Phobal seachas Brabús.
Tá Gaeilge ag seisear den 43 iarrthóir atá ag seasamh don Chomhaontas Glas, nó 14%.
Níl Gaeilge ach ag seisear den 81 iarrthóir atá ag an tríú mórpháirtí, Fine Gael, rud a fhágann nach bhfuil Gaeilge ach ag 6% dá n-iomaitheoirí.
Triúr den 43 iarrthóir atá ag Aontú a bhfuil Gaeilge acu, nó 7%.
Tá Gaeilge ag beirt den 32 iarrthóir a bheidh san iomaíocht do Pháirtí an Lucht Oibre Dé hAoine, nó 6%.
Duine amháin den 26 duine atá ag seasamh do na Daonlathaithe Sóisialta a bhfuil Gaeilge aige.
Cainteoir Gaeilge amháin as 28 iarrthóir atá ag Independent Ireland. Tá cainteoir Gaeilge amháin i measc 16 iarrthóir an Irish Freedom Party.
Tá Gaeilge ag 62 iarrthóir páirtí ach tá Gaeilge líofa freisin ag cuid den 164 iarrthóir neamhspleách, cuid acu nár éirigh linn a dheimhniú cé acu an raibh nó nach raibh Gaeilge acu mar chuid den suirbhé seo.
Tá Gaeilge, mar shampla, ag Catherine Connolly atá ag seasamh mar iarrthóir neamhspleách i nGaillimh Thiar, Carol Nolan in Uíbh Fhailí, Barry Heneghan atá san iomaíocht i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, Marie Casserly atá i Sligeach-Liatroim, Seanán Ó Coistín i mBaile Átha Cliath Thiar Meán agus Patrick Feeney a atá ag seasamh i nGaillimh Thiar.
Os cionn 11% d’iarrthóirí páirtí a bhí ina nGaeilgeoirí in Olltoghchán 2020 chomh maith. Bhí Gaeilge ag 35 den 160 Teachta Dála a toghadh san olltoghchán sin, 21.9% nó beagán os cionn duine as gach cúigear Teachtaí Dála.
Níl naonúr den 35 Gaeilgeoir a toghadh san olltoghchán deireanach ag seasamh i dtoghchán na bliana seo.
Céatadán agus líon na n-iarrthóirí le Gaeilge…
Sinn Féin – 25% (18)
Fianna Fáil – 20% (18)
Pobal seachas Brabús – 14% (6)
An Comhaontas Glas – 14% (6)
Aontú – 7% (3)
Fine Gael – 7% (6)
Páirtí an Lucht Oibre – 6% (2)
Tom Murphy
Níor luaigh tú An Páirtí Náisiúnta, ar a laghad dhá iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu, Chuir Yan Mac Oireachtaigh (Baile Átha Cliath Thiar Theas) roinnt físeán amach i nGaeilge agus Ted Neville (Corcaigh theas-lárnach) a ndearna iolra agallamh le RnaG san aimsir caite. Sin 2/9 iarrthóirí (22%). Taighde dona
Teanga mhionlaithe
“Bhí Gaeilge ag 35 den 160 Teachta Dála a toghadh san olltoghchán 2020, 21.9% nó beagán os cionn duine as gach cúigear Teachtaí Dála.”
Ní labhairtear i nGaeilge ach faoi 1% den am sa Dáil.
Mairéad
Tá díoma orm,.
E.Ó R
Ní raibh fhios agam go raibh Gaeilge ag Hildegarde – níor chuala mé riamh í ar RnaG nó TG4 agus ní dóigh liom gur chuir sí giolch amach ar X! B’fhéidir go mbeadh sé níos fearr suirbhé a dhéanamh ar cé iad atá chun Gaeilge a labhairt ina s(h)aol féin!
Dlúthdhiosca
Thig liom a shamhlú nach bhfuil Gaeilge ag aon duine den Pháirtí Náisiúnta lol
SM
Tá Gaeilge ag Síomha Ní Aonghusa le Daoine Seachas Brabús (Baile Átha Cliath Ráth an Dúin) fosta. Bhí sí ag caint ar ‘Tús Áite’ ar RnaG ar na mallaibh.
Seán Mag Leannáin
Bheinn an-amhrasach faoi chaighdeán Gaeilge cuid de na daoine atá ar an liosta seo. Díol suntais é freisin go raibh ar bheirt de na daoine liostáilte a bheith ceapaithe ina nAirí Gaeltachta sular thug siad faoin teanga a shealbhú i gceart (Jack Chambers agus Patrick O’Donovan)! Ar an lámh eile de tá Gaeilge measartha maith ag Joe Neville, iarrthóir do Fhine Gael i gCill Dara Thuaidh. Cén fáth nach bhfuil seisean ar an liosta? Tá Neville ina Chathaoirleach ar an gComhairle Chontae i gCill Dara agus thug sé agallamh le déanaí do TG4 nuair a bhí an Taoiseach Simon Harris ar cuairt i Nás na Ríogh i mbun stocaireacht don olltoghchán. Tá súil agam go leanfaidh na Comhairleoirí eile ar an gComhairle an dea-shampla a thugann an Cathaoirleach. Tá tuilleadh Gaeilgeoirí ag teastáil go géar sa Dáil.