Gaeil na hEorpa ag ceiliúradh sa Bhruiséil agus plé i Luimneach ar an nGaeilge sa saol digiteach

Tá roinnt imeachtaí móra Gaeilge ar siúl an deireadh seachtaine seo – in Éirinn agus thar sáile

Gaeil na hEorpa ag ceiliúradh sa Bhruiséil agus plé i Luimneach ar an nGaeilge sa saol digiteach

I gColáiste Mhuire Gan Smál i Luimneach amárach beidh comhdháil spéisiúil ag a bpléifear an Ghaeilge i saol digiteach an lae inniu – ‘Pobal na Gaeilge san Fhearann Fíorúil: i dTearmann nó ar Thairseach?’

Óna 10.00 am go dtí ardtráthnóna roinnfidh lucht taighde agus lucht oibre as réimsí go leor a dtaithí féin ar an nGaeilge sa saol fíorúil. Gheofar léargas ar fheidhmeanna, féidearthachtaí agus teorainneacha na Gaeilge sa ré dhigiteach in earnálacha éagsúla – ina measc an phleanáil teanga, an t-oideachas, an iriseoireacht agus na healaíona. Pléifear éabhlóid na teanga agus í á cur in oiriúint d’fhearann fíorúil an lae inniu.

I measc na gcainteoirí beidh Maitiú ó Coimín, eagarthóir NÓS, a labhróidh faoin méadú atá tagtha ar léitheoirí Gaeilge ar líne. Labhróidh John Caulfield faoi na pobail Ghaeilge ar líne agus inseoidh Eoin McEvoy faoi ealaíontóirí bisiúla LADTIÉ+ na Gaeilge. Cartlann Dhigiteach Chonradh na Gaeilge a bheidh á ríomh ag Niamh Ní Charra. Na hamhránaithe Síle Denvir agus Máire Ní Churraoin a chuirfidh críoch leis an gcomhdháil lena gcur i láthair ‘Aithne Insta: Na hAmhráin Ghaeilge sa bhFearann Fíorúil’.

Tá saorchead isteach ag an gcomhdháil seo agus fáilte roimh an bpobal. Tá clár na Comhdhála le fáil anseo.

Éigse na Bruiséile 2023

Má thugann do chinniúint chun na Bruiséile thú an deireadh seachtaine seo, tá an t-ádh dearg ort mar tá Éigse na bliana seo ar siúl ansin ón lá amárach go Domhnach agus neart ceoil, comhrá agus léachtaí le fáil agat.

I gcuimhne ar an sárscríbhneoir agus fear léinn Feargal Ó Béarra a bheidh léacht na hoscailte san oíche amárach óna sheanchomrádaí Diarmuid Johnson. Mealltach go maith atá teideal na léachta – ‘Aisling na hEorpa le míle go leith bliain – Ceallach, Columbanus agus Robert Schuman’.

Ní bheidh aon easpa ceoil ina diaidh sin.

Beidh Sadhbh Rosenstock in Ambasáid na hÉireann maidin Dé Sathairn agus seisiún spraoi agus rannta aici do na páistí agus a dteaghlaigh. Ina dhiaidh tabharfar cuairt ar Leabharlann Ríoga na Beilge le breathnú ar lámhscríbhinní Gaeilge ón seachtú céad déag.

San iarnóin ar an Domhnach beidh an t-aistritheoir Máirín Nic Con Iomaire ag plé an aistriúcháin liteartha. ‘Ealaín na Cumhachta’ an rúndiamhair a nochtfaidh Darach Ó Scolaí ina diaidh. Geallann lucht na hÉigse dúinn go mbeidh ceol go maidin i ndiaidh na seisiún sin.

Gach eolas anseo.

Fleadh Cheoil Mhaigh Eo

Más ceol is pléaráca níos gaire do bhaile atá uait tabhair d’aghaidh ar Chathair na Mart i gContae Mhaigh Eo mar a bhfuil Fleadh Cheoil Mhaigh Eo ar siúl na laethanta seo. Beidh ceoltóirí is amhránaithe Mhaigh Eo ansin ag na comórtais éagsúla agus súil acu dul ar aghaidh go dtí Fleadh Chonnacht agus as sin go Fleadh Cheoil na hÉireann a thionólfar i mBéal an Átha i mbliana.

Ach ní taobh le comórtais a bheidh i gCathair na Mart, beidh céilí mór, ceol sráide, comórtas buscála agus go leor leor eile le cloisteáil agus le feiceáil.

Anocht seolfaidh boscadóir Iorras Aithneach PJ Ó hIarnáin a CD nua ‘Ar ais ar mo dhúchas’ i dteach ósta McCarthy. San oíche amárach beidh ceoltóirí Mhaigh Eo ag Halla an Bhaile – Matt agus Peter Molloy, Cora agus Breda Smyth, Emer Mayock, agus a lán lán eile de scoth na gceoltóirí. In Achadh Ghobhair a bheidh an céilí mór oíche Dé Sathairn agus banna céilí an Swallow’s Tail ag cur cosa ag damhsa. Má tá aon mhisneach agat céard faoi tabhairt faoin gcomórtas buscála amuigh faoin aer ar an Domhnach?

Gach eolas anseo.

Fág freagra ar 'Gaeil na hEorpa ag ceiliúradh sa Bhruiséil agus plé i Luimneach ar an nGaeilge sa saol digiteach'