Gach seans ag Sinn Féin ar 28 suíochán agus 26 ar a mhéad don DUP

Seachas bua stairiúil Shinn Féin, is é an borradh atá faoi Pháirtí na Comhghuaillíochta (Alliance) scéal mór eile an toghcháin

Gach seans ag Sinn Féin ar 28 suíochán agus 26 ar a mhéad don DUP

Agus an comhaireamh críochnaithe i gceithre thoghcheantar as 18 i dtoghchán Stormont, ba léir go mbeidh níos mó suíochán in Stormont ag Sinn Féin ná aon pháirtí eile.

Ag breathnú ar na torthaí ó na toghcheantair ar fad, tá mé ag déanamh amach go mbeidh 28 suíochán ag Sinn Féin agus 26, ar a mhéad, ag an DUP.  D’fhéadfadh an DUP an locht a chur ar Jim Allister mar gur bhain a pháirtí vótaí ón DUP gach áit ar sheas iarrthóir don TUV, ach i ndáiríre ní dhearna sin an oiread sin dochar don DUP mar gur fhill na vótaí ar pháirtí Jeffrey Donaldson.

Cé gur mhéadaigh céatadán na vótaí céad rogha a fuair an TUV ó 2.6% go 7.1% tá an chuma ar an scéal nach mbeidh ach comrádaí amháin ag Jim Allister sa Chomhthionól nua, sin má éiríonn le Stephen Cooper i Loch Cuan.

Seachas bua stairiúil Shinn Féin, is é an borradh atá faoi Pháirtí na Comhghuaillíochta (Alliance) scéal mór eile an toghcháin.  Bhain iarrthóirí dá gcuid suíocháin ón Chomhaontas Glas agus ón SDLP. Déanaim amach go mbeidh 15 suíochán ag deireadh an lae ag páirtí Naomi Long, beagnach dúbailt líón na suíochán a bhí acu in 2017. Tá an chuma ar an scéal go gcaillfidh an Comhaontas Glas an dá shuíochán a bhí acu sa gComhthionól. Tá an SDLP ag cailliúint suíochán chomh maith don Alliance.

I roinnt de na toghcheantair beidh coimhlint ghéar ar bun leis an gcúigiú suíochán a líonadh. Mar shampla, san Fheabhal is cinnte go mbeidh dhá shuíochán ag Sinn Féin agus seans maith go gcoimeádfaidh an SDLP an dá shuíochán atá acu. Idir an DUP agus an UUP a bheidh an cúigiú suíochán i mo  thuairimse.

Tar éis an ceathrú cuntas aréir bhí bearna de 355 vóta idir Gary Middleton (DUP) agus Ryan McCready (UUP). Beidh breis is 8,000 vóta le dáileadh ó Aontú, ó Phobal seachas Brabús, ón IRSP, ó Alliance agus ón neamhspleách, Ann McCloskey. Beidh an cúigiú, an séú agus an seachtú rogha ar a bpáipéir ballóide an-tábhachtach nuair a thagann an crú ar an tairne don chúigiú suíochán san Fheabhal. An cheist ansin, ná cén sciar de vótaí na náisiúnaithe atá bailithe ag iarrthóirí a bheas á gcur as an áireamh a aistreoidh go dtí an DUP agus an UUP.

Toghcheantar eile a bheas spéisiúil is ea Loch Cuan, áit a bhfuil seans an-mhaith ag an TUV an dara suíochán a fháil. Beidh coimhlint ghéar don chúigiú suíochán idir Stephen Cooper (TUV) agus Conor Houston (SDLP) nó Nick Mathison (Alliance), ag brath ar cén duine den bheirt atá chun tosaigh nuair a roinnfear an farasbarr de 677 vóta a bhí ag Harry Harvey (DUP) nuair a toghadh é ar an séú comhaireamh aréir.

Seans maith go bhfaighidh Stephen Cooper thart ar 400 vóta, ach tá 3,735 ag Páirtí na Comhghuaillíochta le roinnt fós agus dá bhfaigheadh Conor Houston (SDLP) ar a laghad 70% de na vótaí sin, d’fhéadfadh sé breith suas ar Cooper TUV.

An ní is mó a chuir iontas orm an bealach ar thit an vóta a bhí ag Gerry Carroll ó Phobal seachas Brabús i mBéal Feirste Thiar. Bhí sé ar cheann an chomhairimh in 2016 le 8,299 vóta. In 2017 bhí beagnach 5,000 vóta aige nuair a fuair sé an cúigiú suíochán ach an uair seo ní bhfuair sé ach 3,279 vóta.

Cé go bhféadfadh sé a bheith san iomaíocht don chúigiú suíochán, bheadh air go leor leor vótaí aistrithe a fháil ón SDLP agus ó Alliance agus ní fheicim sin ag tarlú.

Tuar faoi na suíocháin mar sin: SF 28; DUP 25; Alliance 15; UUP 10; SDLP 8; TUV 2; Aon Nspl 2; Comhaontas Glas 0; PBPA 0.

Fág freagra ar 'Gach seans ag Sinn Féin ar 28 suíochán agus 26 ar a mhéad don DUP'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá seans nach mbeidh ach an suíochán amháin ag an TUV ag deireadh an rása. I Loch Cuan tá 3781 vóta de chuid Conor Houston (SDLP) á roinnt le fáil amach an é Stephen Cooper (TUV) nó Nick Mathieson (ALLIANCE) a bheas á thoghadh, Tá bearna 2026 eatarthu. Má fhaigheann Nick Mathieson aistriuchán de 60% ó vótaí Houston beidh an suíochán sin ag an ALLIANCE. D’fhéadfadh athchomhaireamh a bheith sa Toghcheantar sin.

    Níor cheart Gerry Carroll a chur as an áireamh go fóill in Iarthar Bhéal Feirste. Tá seans aige i gcónaí. Go leor ag braith ar aistriú vótaí an IRSP agus vótaí AONTÚ.