‘Gach focal’ curtha amach ar Twitter agus deireadh tagtha leis an togra

Tá os cionn 53,200 ceannfhocal as Foclóir Uí Dhónaill agus tá gach uile cheann acu le léamh ar shruth Twitter @gachfocal, a d’éirigh as an ngiolcaireacht an mhí seo

‘Gach focal’ curtha amach ar Twitter agus deireadh tagtha leis an togra

Tá an togra le “gach focal Gaeilge” a fhoilsiú ar an suíomh meán sóisialta Twitter, tagtha chun críche an mhí seo. Sheol an cuntas @gachfocal a chéad ghiolc, an focal ‘a’, ar an 5 Iúil 2014 agus ó shin i leith, gach cúig nóiméad déag, in ord na haibítre, seoladh focal eile ó Fhoclóir Uí Dhónaill.

Tá os cionn 53,200 ceannfhocal i bhFoclóir Uí Dhónaill agus tá gach uile cheann acu le léamh ar shruth Twitter @gachfocal. Seoladh an focal deiridh ‘zú’ ag leathuair tar éis an mheán oíche ar an 11 Lúnasa. Bhí an giolc deiridh sin ar cheann de na giolcacha is mó a thuill croíthe, athghiolca, agus freagraí ó lucht a leanta.

Ba nós le giolcairí Gaeilge focail a thaitin leo féin go pearsanta, ar nós ‘grá’ agus ‘uafásach’ a athghiolcadh.

963 leantóir ar fad a bhí ag an gcuntas nuair a tháinig deireadh leis an togra — líon sách beag leantóirí do chuntas foclóra Gaeilge. Tá os cionn 8,200 leantóir ag @AnDuinnineach, a chuireann focail ó fhoclóir Phádraig Uí Dhuinnín amach, tá 4,000 ag @FoclirUiDhnaill, a chuireann focail agus frásaí ó Fhoclóir Uí Dhónaill amach, agus tá beagnach 25,000 leantóir ag @theirishfor, a chuireann focail ó fhoclóirí éagsúla amach.

Murab ionann agus na cuntais eile sin, áfach, níor chuir @gachfocal aon mhíniú, i mBéarla ná i nGaeilge, ar fáil dá chuid focal, agus is róbat seachas duine a bhí i mbun an chuntais a d’fhág nach raibh aon teagmháil ná caint ag an gcuntas lena leantóirí, mar a bhíonn i gcás na gcuntas eile.

Is é an ríomheolaí Liam Cooke, atá lonnaithe san Astráil, a chruthaigh an róbat leis an togra a chur i gcrích.

Bunaithe ar an togra Béarla @everyword, a chríochnaigh sa bhliain 2014, a bhí an togra Gaeilge seo. Bhí 95,000 leantóir ag an gcuntas sin a chuir gach focal ó fhoclóir Oxford amach ó 30 Samhain 2007 go 7 Meitheamh 2014.

Chruthaigh an tIodálach @stramon1um róbat eile le míniú a thabhairt ar na focail a bhí á seoladh ag @gachfocal sa chuntas @nascgachfocal inar ceanglaíodh na focail leis an nasc cuí ó www.teanglann.ie.

Fág freagra ar '‘Gach focal’ curtha amach ar Twitter agus deireadh tagtha leis an togra'

  • Mauro Maver

    “Mauro Maver is ainm dom” arsa @stramon1um ;)

  • An Foclóirí

    Agus na ceannfhocail againn anois, cad mar gheall ar iarracht sluafhoinsithe (crowdsourced) míniú Gaeilge a thabhairt ar gach ceann? Déarfainn go bhfuil cuid mhaith díobh ar fáil tríd an Fhoclóir Beag cheana féin, agus cuid mhaith eile mínithe go maith ar Vicipéid agus ar fhoinsí eile. Bheadh cuid mhaith truflais sa chéad dréacht, ach b’éasca sin a cheartú le grúpa beag cainteoirí maithe.

    Tá 9000 úsáideoirí ar “Gaeilge Amháin.” Dá dtabharfadh gach úsáideoir míniú ar CHEITHRE CHEANNFHOCAL (sin an méid!), bheadh muid críochnaithe amárach!

    Sin, nó fanacht fiche bliana eile (ar a laghad) ar fhoclóir Gaeilge-Gaeilge an Acadaimh Ríoga!