Seacht mbliana fichead ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, tá éileamh déanta ag grúpaí Gaeilge go dtiocfaí ar shocrú nua maidir le cúrsaí teanga a mhaoiniú ar fud na hÉireann.
Deirtear nach bhfuil an struchtúr maoinithe thuaidh theas don Ghaeilge ag feidhmiú mar is cuí agus go bhfuil sé in am teacht ar shocrú nua a bheadh chun leasa daoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn.
Bunaíodh Foras na Gaeilge de thoradh Chomhaontú Aoine an Chéasta 27 bliain ó shin, ach deir Conradh na Gaeilge go léiríonn na fadhbanna airgeadais atá ag cur as don eagraíocht le roinnt mhaith blianta go bhfuil athrú ag teastáil.
Deir an Foras féin go bhfuil 45% níos lú de mhaoiniú acu ná mar a bhí in 2008 agus d’fhógair an eagraíocht ciorruithe ag tús na bliana chun bearna i mbuiséad 2025 a líonadh. Tá maoiniú “aon-uaire” ceadaithe ag an rialtas ó dheas ionas gur féidir cuid de na ciorruithe a fógraíodh a chur ar ceal, ach tá Conradh na Gaeilge i measc na ngrúpaí atá ag lorg socrú nua agus ag éileamh go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta sa teanga.
“Tá muid anois 27 bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta agus tá sé soiléir do chách go bhfuil an mheicníocht mhaoinithe a bunaíodh fríd an Chomhaontú sin as dáta, agus níl sé ábalta freastal go sásúil ar riachtanais pobal teanga atá faoi bhláth ar fud na tíre,” a deir Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.
“Tá dualgas orainn an t-athrú sin a éileamh agus struchtúr maoinithe a lorg atá sainoiriúnaithe don staid reatha agus ábalta cothrom na Féinne a sholáthar dúinn uilig. Níor cheart go mbeadh glúin eile Gaeilgeoirí fágtha gan seirbhísí, gan spásanna, gan deiseanna chun an Ghaeilge a úsáid.”
Deir Mac Giolla Bhéin go bhfuil dualgas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta ar an dá rialtas, thuaidh agus theas, “gníomh diongbháilte” a dhéanamh ar son na teanga.
Tuigtear go bhfuil múnla maoinithe nua aontaithe idir na hairí airgeadais ó thuaidh agus ó dheas ach go bhfágann bac ón DUP nach féidir glacadh leis. Is Oifigeach Pleanála Teanga ar an gCarn i gcontae Dhoire é Joe Ó Dochartaigh agus deir nach raibh an socrú reatha oiriúnach don fheidhm “le fada an lá”.
“Le 20 bliain anuas tá grúpaí Gaeilge ag dul ó ghéarchéim go géarchéim de dheasca ganntanas airgid. Tá sin ag tarlú tráth a bhfuil borradh ollmhór faoin Ghaeilge, go háirithe i measc an aosa óig,” a deir Ó Dochartaigh.
“Fágann an gaol maoinithe thuaidh theas nach féidir muid a mhaoiniú mar is ceart agus tá sé soiléir gur gá dúinn sin a athrú go suntasach ag dul chun tosaigh, nó beidh muid sa tsáinn seo go deo na ndeor. Tá níos fearr ná sin tuillte ag ár ndaoine óga.”
Bhuaigh Coiste Forbartha Charn Tóchair Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael inné, comórtas inar tháinig laghdú mór ar a bhuiséad i mbliana toisc na gciorruithe a d’fhógair Foras na Gaeilge.
Sa bplean straitéiseach nua a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge an tseachtain seo, dúradh go bhfuil socrú nua maoinithe mar thosaíocht ag an eagraíocht.
Tá éileamh go dtabharfaí ar a laghad €20 milliún breise d’Fhoras na Gaeilge ar cheann de na héilimh atá ag Conradh na Gaeilge mar chuid den fheachtas RAIC: Réiteach Anois. Infheistíocht Chothrom.
Fág freagra ar 'Gá le múnla maoinithe nua don Ghaeilge 27 bliain i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta'