Tá an phríomhdhuais i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael buaite ag Coiste Forbartha Charn Tóchair as an obair atá déanta acu an Ghaeilge a chur chun cinn i measc an phobail áitiúil.
Rinneadh buaiteoirí ó chomórtas 2024 a fhógairt ar maidin ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Is é seo an ceathrú huair go bhfuil an phríomhdhuais tugtha leo ag Coiste Forbartha Charn Tóchair, a bhí ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód anuraidh.
Duaise €15,000 atá le bronnadh ar Choiste Forbartha Charn Tóchair as an gcéad áit a bhaint amach. Bronnfar €5,000 ar Choiste Forbartha Dhobhair Teo ó Dhún na nGall, a roghnaíodh sa dara háit. Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair ó chontae an Dúin a tháinig sa tríú háit sa gcomórtas náisiúnta.
18 grúpa ar fad a ghlac páirt i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2024.
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a rinne urraíocht ar an phríomhdhuais.
Bhí an duaischiste do Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael do 2024 i bhfad níos lú ná mar a bhí blianta roimhe sin. Bronnadh €70,000 ar fad ar bhuaiteoirí chomórtas 2023 agus duaischiste €80,000 a bhí ann roimhe sin.
D’fhógair Foras na Gaeilge, a thugann tacaíocht do Ghlór na nGael agus a dhéanadh urraíocht ar chuid mhaith den duaischiste, ciorruithe suntasacha ar a bhuiséad ag tús na bliana. D’fhógair an rialtas ó dheas le gairid go raibh breis is €600,000 le bronnadh ar an bhForas chun cuid den bhearna a líonadh ach bhí cinneadh déanta ag Glór na nGael dul ar aghaidh le “comórtas teoranta” i mbliana, a dúradh.
Bhíodh duaischiste €40,000 le bronnadh ar bhuaiteoirí na nduaiseanna rannóige mar chuid den chomórtas – €3,000 don chéad áit agus €2,000 don dara háit i ngach rannóg – ach níl aon airgead le bronnadh ar bhuaiteoirí rannóige 2024. Níl aon mhórócáid bhronnta le reáchtáil do chomórtas 2024 ach an oiread.
“Cé go bhfuil nuacht níos dearfaí faoi mhaoiniú na n-eagraíochtaí faighte ar na mallaibh, tá muid go fóill san áit nach bhfuil ach céatadán beag de dhuaischiste againn i mbliana. Ní bhfuair muid maoiniú ar bith i mbliana don duaischiste rannógach ná don ócáid bhronnta,” a dúirt Brian Ó Gallachóir, Oifigeach Forbartha Fiontraíochta agus Gnó le Glór na nGael.
Beidh ceiliúradh ann i gCarn Tóchair mar sin féin mar níl aon dream a bhfuil an phríomhdhuais buaite níos minice acu ná iad. Thug Coiste Forbartha Charn Tóchair an chéad áit leo i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael den chéad uair in 2010 agus thug siad leo an phríomhdhuais in 2014 agus 2020 chomh maith.
Coiste Inse an t-aon dream eile a bhuaigh an comórtas ceithre huaire agus an bua is déanaí acu tagtha in 2002. Tá an comórtas á reáchtáil ó 1962.
Buaiteoirí Chomórtas Ghlór na nGael 2024
Príomhdhuais an Chomórtais:
Tríú háit: Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair
Dara háit agus duais €5,000: Coiste Forbartha Dhobhair Teo
Chéad áit agus duais €15,000: Coiste Forbartha Charn Tóchair
Duaiseanna Rannóige an Chomórtais
An Óige:
Dara háit: Coiste Forbartha Dhobhair Teo
Chéad áit: Coiste Forbartha Charn Tóchair
Oideachas:
Dara háit: Coiste Forbartha Charn Tóchair
Chéad áit: Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar
An Teaghlach:
Dara háit: Comhlacht Forbartha na nDéise
Chéad áit: Cill Dara le Gaeilge
Tacaíochtaí Pobail & Folláine:
Dara háit: Coiste Forbartha Chnoc Fola
Chéad áit: Coiste Forbartha Dhobhair Teo
Gnó & Fiontraíocht:
Dara háit: Glór Cheatharlach
Chéad áit: Comharchumann Mhic Dara
Tograí Cosanta Comhshaoil, Caomhnaithe Oidhreachta:
Dara háit: Comharchumann Mhic Dara
Chéad áit: Comhlacht Forbartha Inis Meáin
Labhairt na Gaeilge:
Dara háit: Coiste Forbartha Charn Tóchair
Chéad áit: Líonra Leitir Ceanainn
Rannóg na Gaeltachta:
Dara háit: Coiste Forbartha Dhobhair Teo
Chéad áit: Comhlacht Forbartha na nDéise
Fág freagra ar 'Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael buaite ag Coiste Forbartha Charn Tóchair'