‘Tá sé millteanach tábhachtach go bhfeicfeadh an t-aos óg tábhacht na teanga’ –  fás na Gaeilge i gCarn Tóchair le ceiliúradh

Tá an coiste forbartha a spreag go leor den obair a rinneadh chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gCarn Tóchair ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód inniu

‘Tá sé millteanach tábhachtach go bhfeicfeadh an t-aos óg tábhacht na teanga’ –  fás na Gaeilge i gCarn Tóchair le ceiliúradh

Déanfar ceiliúradh ar cheann de na tograí teanga is rathúla sa tír tráthnóna agus Coiste Forbartha Charn Tóchair i nDoire ag ceiliúradh 30 bliain d’fhás agus d’fhorbairt pobail.

Tá an obair atá déanta chun an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn sa cheantar luaite go minic mar eiseamláir dóibh siúd atá ag iarraidh an teanga a athbheochan agus, in 2022, mhol coiste Oireachtais go mbeadh sé mar pholasaí ag an rialtas ‘Samhail Charn Tóchair’ a chruthú i ngach contae in Éirinn.

Is ag iarraidh dul i ngleic le deacrachtaí eacnamaíochta agus sóisialta a bhí Coiste Forbartha Charn Tóchair ar dtús nuair a bunaíodh é ag tús na 1990idí ach, mar a mhíníonn Cathaoirleach an Choiste, Liam Ó Flannagáin, glacadh an deis go luath an nasc a dhéanamh le cúrsaí teanga agus cultúir.

“Bhí daoine áitiúla buartha fadúda an dóigh a raibh aos óg an cheantair ag imeacht nuair a tháinig an t-am le dul amach go dtí an ollscoil nó ag obair agus ní raibh siad ag teacht ar ais arís. Ní raibh mórán deiseanna tithíochta fa choinne daoine sa cheantar, ní raibh mórán áiseanna fa choinne teaghlaigh óga. Bhí cúrsaí eacnamaíochta go holc.”

“Ag an am céanna, bhí grúpa ag teacht le chéile, agus go leor de na daoine céanna a bhí i gceist, a raibh suim ar leith acu i gcúrsaí cultúrtha agus go háirithe i gcúrsaí teanga,” arsa Ó Flannagáin, a bhog go dtí an ceantar ó Bhéal Feirste cúpla mí tar éis bhunú an choiste.

Bhí an Ghaeilge láidir go maith i gCarn Tóchair agus sna ceantair mháguaird go dtí tús an 20ú haois, a deir sé, agus thosaigh an coiste ag díriú ar bhealaí a bhféadfaí í a thabhairt ar ais.

“Bhí an grúpa sin daoine ag amharc ar chúrsaí Gaeloideachais i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste agus shocraigh siad gurb é sin an uirlis is fearr le húsáid le tús a chur le hathbheochan na Gaeilge sa cheantar. Go luath, tháinig an dá cuspóir le chéile, athbheochan comhphobail agus athbheochan na Gaeilge.”

Deir Ó Flannagáin go bhfuil an obair atá déanta i réimse an ghaeloideachais ar cheann de na húdair mhórtais is mó atá ag Coiste Forbartha Charn Tóchair. Bunaíodh an chéad naíscoil sa cheantar i 1993 agus tháinig an chéad Ghaelscoil go luath ina dhiaidh sin. Tá cúrsaí imithe ó neart go neart ó shin.

“Thosaigh muid amach le seachtar páistí sa chéad bhliain sin i mBunscoil Luraigh i Machaire Rátha agus anois, agus muid bogtha amach go dtí Bunscoil Naomh Bríd in aice le ceantair Shleacht Néill agus Charn Tóchair, tá 180 páiste ag freastal gach lá ar an mBunscoil sin. Tá trí naíscoil sa cheantar seo agus tá na páistí anois in ann dul ar aghaidh ón mbunscoil go dtí Gaelcholáiste Dhoire, scoil dara leibhéal a bhfuil níos mó ná 350 páiste ag freastal uirthi.”

Deir sé gurbh iad an chéad dream lasmuigh den Ghaeltacht agus lasmuigh de na cathracha ar éirigh leo réamhscoil agus bunscoil lán-Ghaeilge a chruthú. Ba mhór an obair a bhí i gceist do phobal beag tuaithe.

“Is fiú cuimhneamh gur tháinig achan rud a rinne muid anseo ón talamh aníos. Ní raibh rannóg stáit ar bith, ach go háirithe anseo sna sé contae, ag iarraidh é seo a dhéanamh. Níor tháinig aon rannóg stáit chugainn ag síneadh amach na láimhe agus ag síneadh crobh airgid chugainn ná rud ar bith mar sin,” arsa Ó Flannagáin.

“Bhí orainn achan rud a fhoghlaim muid féin. Cad é mar a chuireann tú isteach ar dheontais? Cad é mar a úsáideann tú scileanna an chomhphobail chun rudaí a dhéanamh ar dhóigh atá éifeachtach do na hacmhainní atá agat? Cad é mar a tharraingíonn tú daoine le chéile le bheith ar chúl an rud atá tú ag déanamh? Chaith muid a lán ama ag déanamh cinnte nach raibh muid ag fágáil duine ar bith amach as seo, go raibh siad ag teacht linn.”

Deir Ó Flannagáin go raibh pobail eile timpeall ar Charn Tóchair in ann a fheiceáil na féidearthachtaí a bhí ann an Ghaeilge a chur chun cinn agus tógáil ar obair agus ar chomhairle an Choiste Forbartha.

“Bhí muid ag iarraidh taispeáint do dhaoine go raibh fiúntas sa rud seo, go raibh tábhacht leis agus, go bunúsach, féinmhuinín a thógáil sa phobal. Sin an dearcadh agus fealsúnacht a bhí againn ón tús.”

Tá Carn Tóchair anois ar an t-aon cheantar tuaithe ar éirigh leis stádas mar Líonra Gaeilge a bhaint amach faoin bpróiseas pleanála teanga agus deir Ó Flannagáin gurb é an sprioc atá ann don chéad 30 bliain eile ná an obair atá déanta “a dhaingniú” sa phobal.

“Tá sé millteanach tábhachtach go bhfeicfeadh an t-aos óg go bhfuil tábhacht leis an teanga, go bhfuil deiseanna ar leith acusan nach bhfuil ag daoine nach bhfuil an teanga acu. Gur rud dearfach é. Gur rud é atá i bhfad níos leithne ná cúrsaí scolaíochta.

“An obair atá againn anseo ná go bhfeiceann an pobal uile é sin agus go mbeadh daoine nach bhfuil an Ghaeilge acu fiú bródúil nuair a fheiceann siad chomh maith is atá an teanga ag déanamh agus nuair a fheiceann siad grúpa páistí ag baint sult as an teanga.”

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar 30 bliain Choiste Forbartha Charn Tóchair, beidh taispeántas ar an méid atá bainte amach le linn na tréimhse sin ar siúl san ionad ealaíne i gCarn Tóchair, An Coire, ó 7.30in anocht.

Fág freagra ar '‘Tá sé millteanach tábhachtach go bhfeicfeadh an t-aos óg tábhacht na teanga’ –  fás na Gaeilge i gCarn Tóchair le ceiliúradh'

  • Ciarán Ó Maitiú

    Comhgháirdeas ar an obair iontach atá ar siúl agaibh – mo cheol sibh! Ardaíonn mo chroí gach uair a thugaim cuairt ar mhuintir Charn Tóchair.

  • JP

    Deallraíonn sé go bhfuil cuisle sa phobal beag dlúth seo a bhfuil pobail eile na tíre gann uirthi. Dob fhiú scagadh níos doimhne a dhéanamh air agus é a ‘easpórtáil’.