Gá le maoiniú breise le stad a chur le ‘síorthitim’ lucht féachana TG4 agus tús a chur le ‘fás arís’ – Esslemont

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont i dTithe an Oireachtais inné go dtiocfadh ‘an pointe go dtosófaí ag dó ola agus go dteipfeadh ar an inneall’ mura gcuirfí maoiniú breise ar fáil don stáisiún Gaeilge

Gá le maoiniú breise le stad a chur le ‘síorthitim’ lucht féachana TG4 agus tús a chur le ‘fás arís’ – Esslemont

Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont

Tá ráite ag Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont go dteastaíonn €6 mhilliún breise thar thréimhse cúig bliana le “stad a chur le síorthitim” lucht féachana TG4 agus chun go bhféadfadh an stáisiún Gaeilge ‘fás arís’.

Rinne Esslemont, Pádhraic Ó Ciardha Leascheannasaí TG4, agus Lís Ní Dhálaigh, Stiúrthóir Margaíochta agus Forbartha TG4, cur síos i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné ar phlean cúig bliana an stáisiúin.

Cé gur tháinig méadú beag anuraidh ar sciar TG4 den lucht féachana teilifíse náisiúnta den chéad uair ó 2005, tá titim mhór tagtha ar lucht féachana an stáisiúin le deich mbliana anuas. Sciar 3.2% den lucht féachana a bhí ag an stáisiún in 2005 i gcomparáid le 1.8% in 2016.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna inné, dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 go dtiocfadh “an pointe go dtosófaí ag dó ola agus go dteipfeadh ar an inneall” mura gcuirfí maoiniú breise ar fáil.

Dá dtarlódh sin, a dúirt Esslemont, d’fhéadfadh TG4 titim isteach sa “digital jungle” mar a thug sé ar na cainéil dhigiteacha ar fad a bhfuil sciar níos lú ná 1% den lucht féachana náisiúnta acu.

Agus biseach ar chúrsaí eacnamaíochta, bhí sé “in am”, a dúirt sé, “infheistíocht a dhéanamh arís sa rud dúchasach” agus an buiséad céanna a bhí ag an stáisiún roimh chiorruithe na géarchéime a thabhairt dó arís.

Dúirt Leascheannasaí an stáisiúin Pádhraic Ó Ciardha go raibh dhá rud ag teastáil chun seirbhís TG4 a chur ar fáil – “fís agus acmhainní”.

“Tá an fhís againn, táimid ag brath oraibhse na hacmhainní a thabhairt dúinn,” a dúirt Pádhraic Ó Ciardha le baill an Choiste Oireeachtais.

Dúirt Alan Esslemont gurbh é an t-ardú mór ar líon na gcainéal atá ar fáil in Éirinn agus an ghéar-iomaíocht a bhí i margadh na teilifíse dá bharr ba mhó ba chúis leis an titim ar lucht féachana agus gurb amhlaidh an scéal ag craoltóirí poiblí eile.

Is é an sprioc atá luaite le plean cúig bliana nua an stáisiúin ná go mbeadh sciar 2.2% den lucht féachana ag an stáisiún faoin am go mbeidh tréimhse an phlean istigh.

€4 mhilliún, sa bhreis ar an €32 milliún a fuarthas i mbliana ón státchiste, atá á lorg ag TG4 do 2018 agus €2 mhilliún eile atá á lorg do 2019. Ardú a bheadh ceangailte leis an ráta úis atá á éileamh do na blianta ina dhiaidh sin.

Fág freagra ar 'Gá le maoiniú breise le stad a chur le ‘síorthitim’ lucht féachana TG4 agus tús a chur le ‘fás arís’ – Esslemont'