Gá le ‘idirghníomhú láithreach’ ón Rialtas agus Oileáin Árann faoi ‘mhórbhagairt’ – tuarascáil Oireachtais

D’fhoilsigh Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tuarascáil inniu ina ndéantar sraith moltaí maidir le hOileáin Árann

Gá le ‘idirghníomhú láithreach’ ón Rialtas agus Oileáin Árann faoi ‘mhórbhagairt’ – tuarascáil Oireachtais

Tá gá le ‘idirghníomhú láithreach’ ón Rialtas chun dul i ngleic leis an “meath leanúnach” ar dhaonra Oileáin Árann agus dúshláin mhóra ann a fhágann go bhfuil “mórbhagairt” ann maidir le labhairt na Gaeilge ar na hoileáin agus “inmharthanacht” na n-oileán “i gcoitinne”.

Sin atá le rá ag Coiste Oireachtais i dtuarascáil nua ina n-éilítear tuilleadh “tacaíochta agus maoinithe” d’Oileáin Árann.

Sa tuarascáil sin, a d’fhoilsigh Comhchoiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán inniu, éilítear tuilleadh “tacaíochta agus maoinithe” d’Oileáin Árann agus éilítear go n-aithneodh an Rialtas go poiblí “gur mó i bhfad atá gá le deiseanna fostaíochta ar Oileáin Árann seachas in áiteanna eile in Éirinn”.

Déanann an coiste Oireachtais sraith moltaí sa tuarascáil atá bunaithe ar thuras a thug baill an choiste ar na hoileáin i nGaeltacht Chonamara le linn an tsamhraidh.

Moltar sa tuarascáil:

– Go dtabharfaí tuilleadh maoinithe do Chomharchumann Forbartha Árann, agus d’eagraíochtaí pobail eile ar na hoileáin

– Go ndéanfaí cothabháil ar an tseirbhís iompair isteach agus amach ó na hoileáin chun gur “seirbhís bhuan shábháilte” a bheadh ann “a mbeifí in ann brath uirthi”

– Go mbeadh na costais taistil ar phobal na n-oileán bunaithe ar chumas an phobail íoc astu “ionas nach míbhuntáiste breise ag an bpobal cónaí ar Oileáin Árann seachas ar an mórthír”

– Go gcuirfí feabhas ar bhonneagar agus ar sheirbhísí leathanbhanda

– Go dtabharfaí “gach tacaíocht” d’earnáil na feamainne

– Go dtacódh an tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt le polasaí a chinnteodh go mbeadh dóthain lóistín ann do thurasóirí

– Go dtacódh an tAire Oideachais agus Scileanna le líon na ndaltaí a bhíonn ag freastal ar choláistí samhraidh na n-oileán a mhéadú

– Go gcuirfeadh an tAire Oideachais “cúnamh cuí” ar fáil do scoileanna na n-oileán “chun a chinntiú go mbeidh an chéad ghlúin eile “ina gcainteoirí dúchasacha Gaeilge, mar a bhí riamh” agus go n-aithneodh sé “go dtiteann costais áirithe” ar scoileanna oileáin nach mbíonn i gceist le scoileanna eile

– Go ndéanfadh Comhairle Chontae na Gaillimhe athmhachnamh ar a bplean tithe a thógáil ar shuíomh atá roghnaithe acu ar Árainn agus go dtógfaí páirc fóillíochta agus spóirt don phobal ina n-áit

– Go dtabharfaí “gach tacaíocht” do Chomharchumann Forbartha Árann maidir le forbairt na dtithe folmha taobh le Naíolann Árann

Dúirt Cathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán Catherine Connolly gur “moltaí ríthábhachtacha maidir le hinmharthanacht Oileáin Árann agus na háitritheoirí ann san am atá le teacht” a bhí sa tuarascáil.

“Rachaidh na moltaí seo go mór chun tairbhe d’Oileáin Árann agus don Ghaeltacht i gcoitinne má chuirtear i bhfeidhm iad a luaithe is féidir. Seolfaidh muid an tuarascáil ar aghaidh chuig na hAirí iomchuí agus chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe,” a dúirt an Teachta Dála neamhspleách.

Fág freagra ar 'Gá le ‘idirghníomhú láithreach’ ón Rialtas agus Oileáin Árann faoi ‘mhórbhagairt’ – tuarascáil Oireachtais'