Gá le gníomh ón Taoiseach chun fuascailt a fháil ar fhadhb aersheirbhíse – Ó Clochartaigh

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur léir ón bplé a bhí aige le lucht bainistíochta Aerfort na Mine ‘go bhfuil siad sásta ceist úinéireachta an aerfoirt a phlé’

Pictiúr: Seán Ó Máinnín
Pictiúr: Seán Ó Máinnín

Tá molta ag an Seanadóir de chuid Shinn Féin Trevor Ó Clochartaigh go gceapfadh an Taoiseach eadránaí chun fuascailt a fháil ar an tsáinn ina bhfuil an próiseas tairisceana don aersheirbhís nua d’Oileáin Árann.

Is do sheirbhís aeir as Aerfort na Mine amháin atá tairiscintí á lorg mar chuid den phróiseas tairisceana a fógraíodh i mí Aibreáin, ach níor éirigh le Roinn na Gaeltachta socrú a dhéanamh fós maidir leis na costais a bhainfeadh le soláthar Aerfort na Mine don aersheirbhís nua.

Thug Ó Clochartaigh le fios inniu gur léir ón bplé a bhí aige le lucht bainistíochta Aerfort na Mine go mbeadh úinéir an aerfoirt sásta lena mholadh go gceapfadh an Taoiseach eadránaí chun dul i ngleic leis an scéal, ach “nach raibh an Roinn rófhabhrach don mholadh céanna”.

Dúirt sé go raibh sé ríshoiléir chomh maith ón gcomhfhreagras a bhí aige le lucht Aerfort na Mine “go bhfuil siad sásta ceist úinéireachta an aerfoirt a phlé”.

D’fhógair Roinn na Gaeltachta inniu go raibh an spriocdháta do thairiscintí don aersheirbhís curtha siar go dtí an 5 Lúnasa. Dúirt Aire na Gaeltachta Seán Kyne sa Dáil an tseachtain seo caite go gcaithfí i dtraipisí don dara huair an próiseas tairisceana don tseirbhís aeir d’Oileáin Árann mura bhféadfaí teacht ar shocrú le húinéir Aerfort na Mine faoin Aoine seo chugainn, ach cuireadh an spriocdháta do thairiscintí siar don cheathrú huair.

Is leis an Seanadóir Pádraig Ó Céidigh Aerfort na Mine agus is leis chomh maith Aer Arann Islands, an comhlacht a bhfuil conradh aige an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann a chur ar fáil go dtí deireadh Mheán Fómhair.

Dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh gur léir dó go bhfeictear d’Aire Stáit na Gaeltachta nach bhfuil “aon réiteach ar an scéal”. Dúirt Ó Clochartaigh go raibh an “baol ann i gcónaí go gcuirfear deireadh leis an tseirbhís aeir reatha ag deireadh mhí Meán Fómhair” mura dtiocfaí ar réiteach gan mhoill.

“Tá mé ag iarraidh ar an Taoiseach dá bhrí sin, seasamh isteach agus eadránaí neamhspleách a cheapadh féachaint leis an tsáinn a réiteach. Is léir ón gcomhfhreagras go mbeadh úinéirí an aerfoirt sásta leis seo. Ní raibh an Roinn rófhabhrach don mholadh céanna nuair a chuir mé ós a gcomhair é an tseachtain seo caite.

“Tá sé ríshoiléir chomh maith ón gcomhfhreagras ón gcomhlacht go bhfuil siad sásta ceist úinéireachta an aerfoirt a phlé. Luath nó mall caithfear aghaidh a thabhairt air seo agus b’fhearr liom féin dá mbeadh deighilt shoiléir idir an tseirbhís aeir féin agus úinéireacht an aerfoirt. Dar liomsa, is fiú breathnú ar an aerfort a bheith faoi úinéireacht pobail, nó poiblí, chuige seo,” a dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Fág freagra ar 'Gá le gníomh ón Taoiseach chun fuascailt a fháil ar fhadhb aersheirbhíse – Ó Clochartaigh'