Gá le gníomh chun stop a chur le drong robála i gCnoc na Cathrach atá ‘ar na ribí’ ag hearóin

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil buíon bheag andúiligh hearóine i mbun gadaíochta sa bhruachbhaile ar imeall thiar chathair na Gaillimhe

Syringes found in a Lane beside the B&B where Teenager Kim O Donovan was found dead from a suspected drug overdose at a Dublin Bed and Breakfast. 25/8/2000. Pic Joe Dunne/RollingNews.ie
Pictiúr: Joe Dunne/RollingNews.ie

Ní foláir aghaidh a thabhairt láithreach ar stop a chur le buíon bheag andúiligh hearóine atá i mbun gadaíochta i gCnoc na Cathrach sa Ghaillimh, a deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Tá Ó Clochartaigh ag éileamh go gcuirfí tuilleadh acmhainní ar fáil chun stop a chur leis na robálaithe a bhíonn ar na ribí ag hearóin, dar leis.

“Tuigtear dom go bhfuil eolas maith ag na Gárdaí agus ag muintir na háite ar an mbuíon bheag daoine contúirteacha seo, gur gabhadh agus gur cúisíodh iad agus nuair a scaoileadh amach ar bannaí iad go ndeachaigh siad i mbun coiriúlachta ar an bpointe arís,” a dúirt an Seanadóir ó Shinn Féin ar maidin.

Trevor_Ó_Clochartaigh_crop
Trevor Ó Clochartaigh

Dúirt an polaiteoir ó Chonamara go bhfuil “bagairtí agus imeaglú” á ndéanamh ag an drong seo ar an bpobal agus go mbíonn eagla ar dhaoine dul amach leo féin i gCnoc na Cathrach dá bharr.

Thug sé le fios go dtuigtear dó go bhfuil “frustrachas ollmhór” ar na Gárdaí faoin scéal toisc go bhfilleann na robálaithe ar an gcoiriúlacht a luaithe is a scaoiltear saor ar bannaí iad.

D’iarr Ó Clochartaigh ar an Aire Dlí agus Comhionannais dul i gcomhairle leis na Gardaí le cinntiú go gcuirfear stop le hiompar na droinge agus mhol sé reachtaíocht nua a thabhairt isteach más gá.

Thug an Seanadóir le fios go raibh méadú tagtha ar líon na ndaoine atá ag úsáid hearóine sa Ghaillimh agus go gcaithfí a chinntiú chomh maith nach rachadh an fhadhb sin in olcas.