Gá le coiste pleanála teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach ‘a láidriú’

Deir an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur ‘cúis imní’ é nach bhfuil Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe i gceantar Bhearna agus Chnoc na Cathrach bliain ó faomhadh plean an cheantair

Gá le coiste pleanála teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach ‘a láidriú’

Caithfear coiste pleanála teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach ‘a láidriú’ sula dtabharfar faoi fheidhm a thabhairt do phlean teanga an cheantair, a faomhadh bliain ó shin.

B’in a bhí le rá ag Údarás na Gaeltachta faoin moill atá le plean teanga an cheantair ar imeall thiar chathair na Gaillimhe.

Deir an tÚdarás gur éirigh roinnt daoine as an gcoiste pleanála teanga deonach sa cheantar agus go gcaithfear ionadaíocht an phobail air a láidriú.

Dúirt Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly le Tuairisc gur “cúis imní” é nach bhfuil nach bhfuil Oifigeach Pleanála Teanga fostaithe i gceantar Bhearna agus Chnoc na Cathrach.

Cé go gcuireann an Teachta Dála Catherine Connolly fáilte roimh an bplean teanga don cheantar a faomhadh i mí Bealtaine 2021, tá sí buartha faoin easpa dul chun cinn atá déanta.

“Leis an méadú ata ag teacht ar Chnoc na Cathrach agus ar Bhearna agus an méadú atá ag teacht ar labhairt na Gaeilge sa dá cheantar, tá sé práinneach go gceapfaí Oifigeach Pleanála Teanga go gairid,” a deir Catherine Connolly. “Tá sé i gceist agam súil ghéar a choinneáil ar an bplean agus ar aon dul chun cinn a a dhéanfar maidir le hOifigeach Pleanála Teanga a fhostú.”

I gcás Limistéar Pleanála Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach coiste deonach a bhí i mbun na hoibre go dtí seo agus a réitigh an plean teanga atá faofa ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers ó mhí Bealtaine 2021.

Tá plé ar siúl faoi láthair idir Údarás na Gaeltachta agus an coiste deonach maidir le plean teanga an cheantair, i ráiteas a chuir an tÚdarás ar fáil do Tuairisc.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil roinnt de bhaill an choiste a bhí ag plé leis an bplean sin éirithe as agus mar sin tá plé ar siúl leis na baill atá fós ag feidhmiú ar an gcoiste faoi na bealaí le rannpháirtíocht an phobail ar an gcoiste sin a láidriú.

“B’fhearr le hionadaithe an choiste sin agus leis an Údarás féin go mbeadh coiste níos láidre agus níos iomláine in áit sula nglacfar na céimeanna i dtreo comhlacht a bhunú as an nua agus tabhairt faoi na freagrachtaí cuí chun an plean teanga a fheidhmiú i mBearna agus Cnoc na Cathrach, fostú an Oifigigh Pleanála Teanga san áireamh,” a deirtear i ráiteas an Údaráis.

Deirtear go bhfuil an tÚdarás “muiníneach” ón phlé leis an gcoiste go ndéanfar dul chun cinn ar an ábhar seo sna míonna amach romhainn, “ach na hacmhainní cuí a bheith ar fáil do na páirtithe go léir chuige sin”.

 

Fág freagra ar 'Gá le coiste pleanála teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach ‘a láidriú’'