FUAIM: ‘The Irish language is essentially a hobby language’ – fogha eile faoin nGaeilge ó thuaidh

Agus páirtithe polaitíochta i mbun feachtasaíochta go tréan roimh thoghchán na míosa seo chugainn, dúirt ceannaire an TUV Jim Allister gur ‘hobby language’ í an Ghaeilge nach bhfuil ‘aon fheidhm phraiticiúil’ ag baint léi

FUAIM: ‘The Irish language is essentially a hobby language’ – fogha eile faoin nGaeilge ó thuaidh

‘Hobby language’ nach bhfuil ‘aon fheidhm phraiticiúil’ ag baint léi is ea an Ghaeilge, dar le Jim Allister, ceannaire an TUV.

Ag labhairt dó ar The Nolan Show, dúirt Allister go raibh ‘láncheart’ ag daoine “to indulge themselves in the Irish language” ach gur “hobby language” a bhí inti.

Dúirt sé go raibh an Ghaeilge “of no practical value to anyone in terms of employment or economic prosperity”.

I ráiteas a thug chun cuimhne príomhmhana toghchánaíochta Donald Trump – ‘Make America Great Again’ –dúirt Allister nár chun leas an gheilleagair a bhí sé tacú leis an nGaeilge.

“You’re not going to make Northern Ireland great in the economic world by peddling the Irish language,” a dúirt sé.

Dúirt sé go raibh an iomarca ‘lútála’ á dhéanamh cheana ar lucht labhartha na Gaeilge ó thuaidh. Dúirt sé go raibh scoileanna lán-Ghaeilge ann a bhí “feted above others”, go raibh An Cheathrú Ghaeltachta ann agus go raibh Gaeilge ar chomharthaí bóthair i gceantair áirithe.

“What more do they want?” a d’fhiafraigh ceannaire an TUV, atá ag seasamh i dtuaisceart Aontroma i dtoghchán Stormont.

Dúirt sé go raibh ‘mí-úsáid’ á baint as an bhfocal ‘comhionannas’ i gcás na Gaeilge agus nár cheart airgead a chaitheamh ‘go fánach’ ar “hobby language”.

“All these people can adequately speak English,” a dúirt sé.

Shéan Allister go raibh daoine á maslú ‘d’aon ghnó’ aige lena chuid cainte.

Ní hí seo an chéad uair ag polaiteoir aontachtach aitheanta fogha a thabhairt faoi phobal na teanga ó cuireadh tús leis an bhfeachtasaíocht toghchánaíochta ó thuaidh.

Agus na páirtithe polaitíochta éagsúla i mbun feachtasaíochta go tréan roimh thoghchán na míosa seo chugainn, tá ceist na Gaeilge go mór i mbéal an phobail agus ceist an Achta Teanga go háirithe ina cnámh spairne.

Tá ceist na teanga go mór sa treis ó luaigh Martin McGuinness ‘biogóideacht’ an DUP i leith na Gaeilge sa litir éirí as a sheol sé chuig Ceann Comhairle an mhí seo caite.

Agus feachtas a páirtí á sheoladh aici an tseachtain seo caite, dúirt ceannaire an DUP nach nglacfadh sí go deo le hAcht Teanga. Bhain conspóid go háirithe lena ráiteas gurb ionann Sinn Féin agus a n-éileamh ar Acht Teanga agus crogaill nach bhféadfaí a shásamh.

Tá iarracht déanta ag Foster an ghoimh a bhaint as an gconspóid sin ó shin agus é ráite aici nach duine í atá i gcoinne na Gaeilge.