FUAIM: ‘Tá mé anseo mar ionadaí Chomhairle Cathrach agus shaoránaigh Bhaile Átha Cliath’ – agallamh ó Ramallah le hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath

Labhair Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath le Tuairisc.ie faoin scéala gur trí thimpiste a tugadh cead isteach go dtí Iosrael dó

FUAIM: ‘Tá mé anseo mar ionadaí Chomhairle Cathrach agus shaoránaigh Bhaile Átha Cliath’ – agallamh ó Ramallah le hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath

 

An rud a tharla tháinig mé tríd aerfort Tel Aviv. Nuair a bhí mé anseo aréir i Ramallah san óstán bhí mé ag ullmhú don chomhdháil ar maidin agus fuair mé nuacht ó Bhaile Átha Cliath go raibh rialtas Iosrael ag rá gur stop siad mé ag an aerfort. Ar ndóigh, níor tharla sé sin mar bhí mé i Ramallah agus ansin dúirt an Rialtas tríd an Ministry of Strategic Affairs gur ligeadh isteach mé mar gheall ar bhotún, mar litrigh siad m’ainm, atá i nGaeilge ar ndóigh, litrigh siad m’ainm mícheart. Sin an rud a dúirt siad. Níl aon rud oifigiúil faighte agam ó údaráis Iosrael agus tá mé anseo ag déanamh mo ghnó i Ramallah.

An rud is bunúsaí ar ndóigh ná go bhfuil rialtas Iosrael ag rá go stopann siad daoine mar gheall ar na tuairimí atá acu. Ní dhearna mé aon rud mícheart, ach na tuairimí atá agam ag tacú leis na Palaistínigh agus a gcearta, b’in an fáth le mé a stopadh. Tá mé ar chuairt oifigiúil mar ionadaí Chomhairle Cathrach agus shaoránaigh Bhaile Átha Cliath. Insíonn sé scéal faoi pholasaí Iosrael faoi láthair.


Míthuiscint faoina theideal Gaeilge ba chúis le hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath a ligean isteach go hIosrael

Fág freagra ar 'FUAIM: ‘Tá mé anseo mar ionadaí Chomhairle Cathrach agus shaoránaigh Bhaile Átha Cliath’ – agallamh ó Ramallah le hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath'