Míthuiscint faoina theideal Gaeilge ba chúis le hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath a ligean isteach go hIosrael

Tugadh cead isteach do Mhicheál Mac Donncha go hIosrael trí thimpiste ach deir na húdaráis go dtabharfar litir dó agus é ag fágáil ag cur in iúl dó go bhfuil toirmeasc air feasta teacht isteach go dtí críocha Iosrael

Míthuiscint faoina theideal Gaeilge ba chúis le hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath a ligean isteach go hIosrael

Scaoileadh Ardmhéara Bhaile Átha Cliath Micheál Mac Donncha isteach go dtí Iosrael trí thimpiste mar gur mheas na húdaráis ansin gurb é ‘Ardmhéara’ a chéad ainm seachas a theideal oifige.

D’fhógair na húdaráis in Iosrael inné go raibh cosc curtha acu ar Mhac Donnacha teacht isteach sa tír mar gheall go mbíonn sé ag tacú leis an mbaghchat ar Iosrael.

Ach faoin am ar deineadh an fógra sin bhí Mac Donncha in Iosrael cheana féin agus é ag súil le freastal ar chomhdháil i Ramallah ar an mBruach Thiar.

Ghéill urlabhraí de chuid Aire Gnóthaí Baile Iosrael ina dhiaidh sin nárbh fhíor gur cuireadh stop leis an Ardmhéara teacht isteach go dtí an tír agus thug sé le fios gur “botún” a rinneadh ag an bpointe trasnaithe teorann ba chúis leis an míthuiscint.

Is amhlaidh nár aithin lucht slándála Mac Donncha mar dhuine a raibh bac air toisc gur measadh gur chuid dá ainm an focal ‘Ard-Mhéara’, an leagan Gaeilge de theideal a oifige a úsáideann an polaiteoir de chuid Shinn Féin.

Údarás na Palaistíne a thug cuireadh do Mhac Donncha labhairt inniu ag an gcomhdháil i Ramallah faoi stádas chathair Iarúsailéim.

Dúirt Gilad Erdan,  Aire um Ghnóthaí Straitéise Iosrael, go raibh an chúis ar fógraíodh bac ar Mhac Donncha “soiléir”.

“Ní bheidh aon chead isteach anseo ag aon duine a bhíonn ag obair go seasta ar bhaghcat a dhéanamh ar Iosrael,” arsa Gilad Erdan.

Dúirt Erdan inniu go bhfuil sé i gceist cosc a chur feasta ar Mhac Donncha teacht isteach go dtí Iosrael.

“I bhfianaise a ghníomhaíocht fhrith-Iosraelach, tá ordú tugtha agam go dtabharfaí litir dó agus é ag fágáil Iosrael ag cur in iúl dó go bhfuil toirmeasc air feasta teacht isteach go dtí críocha Iosrael,” arsa Aire um Ghnóthaí Straitéise Iosrael.

Fág freagra ar 'Míthuiscint faoina theideal Gaeilge ba chúis le hArd-Mhéara Bhaile Átha Cliath a ligean isteach go hIosrael'

  • Fearn

    Ní thuigim é seo. Níl “Teideal” agam ar mo phas, ach ainm agus sloinne. Maíonn foinsí eile gur “botún cló” ag na hIosraelaigh a lig isteach é.

  • Mise

    A Fheain,
    Lorgaíodar a ainm ar an idirlín len é a chuir ar an liosta faire agus tá lárainmneacha ag roinnt daoine nach bhfuil ? Dá bhrí sin agus iad ag lorg aimn an mhéara ar in idirlín d’fheicfidís ‘Ardmhéara Micheál MacDonncha’ agus is éasca do eachtrannach an botún a dhéanamh agus síleadh gur láraim é ‘Micheál’ agus gurb é ‘Ardmhéara’ an ainm agus ‘MacDonncha’ an sloinne, agus sin a chuireadar ar an liosta faire.