FUAIM: Bailiúchán nua amhrán agus rannta Gaeilge do pháistí seolta ag Gael Linn

An múinteoir Gaelscoile agus amhránaí Sadhbh Rosenstock a chum na rannta agus amhráin Ghaeilge atá le cloisteáil ar an albam nua ‘Picnic Teidí’

FUAIM: Bailiúchán nua amhrán agus rannta Gaeilge do pháistí seolta ag Gael Linn

Tá bailiúchán d’amhráin agus rannta nuachumtha Gaeilge do pháistí curtha amach ar lipéad Gael Linn.

Is í Sadhbh Rosenstock, amhránaí agus múinteoir Gaelscoile, a chum na hamhráin agus rannta atá le cloisteáil ar an albam nua, Picnic Teidí, a léirigh an fidléir aitheanta Máire Bhreathnach.

Glórtha páistí is mó atá le cloisteáil ar an albam 24 rian ach tá roinnt amhrán á gceol ag Sadhbh Rosenstock féin.

I measc na dtéamaí atá sna hamhráin agus sna rannta ar an albam nua, tá an nádúr, ainmhithe, iontais i saol an pháiste agus gnáthimeachtaí an lae.

Tá amhráin agus rannta eile ar fáil ar an bhailiúchán faoi ócáidí móra na bliana, Oíche Shamhna, Oíche Nollag, Uibheacha Cásca agus amhrán a d’fhéadfadh páistí a chasadh agus iad ag ceiliúradh a mbreithlae féin ‘Mo Bhreithlá atá ann inniu, Hip hip hip huré’.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Sadhbh Rosenstock, gur theastaigh uaithi amhráin agus rannta “simplí spraíúla” a chur ar fáil do pháistí agus tuismitheoirí i nGaeilge a mbeidís in ann sult a bhaint astu.

“Theastaigh uaim na téamaí a choinneáil an-simplí agus go mbeadh spraoi ag baint leo. Baineann an t-amhrán ‘Fred Féileacán’ mar shampla le seal a chaith mé sa ghairdín le mo bheirt iníonacha, agus bhronnamar ainmneacha ar fhéileacán, ar sheilide agus ar bhóín Dé.

“Tá amhráin eile ann ‘Buataisí nua’ inar tharraing mé ar mo thaithí mar mhúinteoir . Is breá le naíonáin nuair a bhíonn buataisí nua acu agus cheap mé go mbeadh sé deas amhrán a chumadh faoi sin,” a dúirt sí.

Dúirt Sadhbh Rosenstock, atá ag múineadh nGaelscoil Thaobh na Coille i mBaile Átha Cliath, go raibh “saibhreas teanga” sna hamhráin agus sna rannta agus go bhféadfadh páistí agus tuismitheoirí iad a cheol os ard sa charr, sa teach, sa seomra ranga nó amuigh faoin aer.

Tá an bheirt aisteoirí Marcus Lamb agus Doireann Ní Chorragáin agus an giotáraí Seán McElwain agus fear céile Shaidhbh, Tristan Rosenstock, i measc na ndaoine atá le cloisteáil ar an albam.

Tá leabhrán gleoite ag dul leis an dlúthdhiosca agus é maisithe ag Ciara Ní Dhuinn, agus liricí na n-amhrán ar fad ar fáil ann.

Picnic Teidí ar fáil ó Gael Linn agus go digiteach ar Amazon Music agus iTunes.

Fág freagra ar 'FUAIM: Bailiúchán nua amhrán agus rannta Gaeilge do pháistí seolta ag Gael Linn'