An Ghaeilge ar a toil ag an mbean óg a thug dúshlán Choimisiún na Scrúduithe Stáit san Ard-Chúirt

Thug Rebecca Carter, an bhean óg ar éirigh lena cás in aghaidh Choimisiún na Scrúduithe Stáit an tseachtain seo, cuntas cuimsitheach i nGaeilge ar a scéal ar an gclár ‘An Saol ó Dheas’ ar RnaG

An Ghaeilge ar a toil ag an mbean óg a thug dúshlán Choimisiún na Scrúduithe Stáit san Ard-Chúirt

Tá an Ghaeilge ar a toil ag an bhean óg ar éirigh lena cás in aghaidh Choimisiún na Scrúduithe Stáit san Ard-Chúirt an tseachtain seo.

Thug Rebecca Carter, ar bronnadh na pointí míchruinne uirthi i scrúdú na hArdteistiméireachta an samhradh seo, cás in aghaidh Choimisiún na Scrúduithe Stáit toisc í a bheith i mbaol a háit a chailliúint ar chúrsa tréidliachta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath de bharr an bhotúin.

Agus an cás buaite aici, thug an bhean óg as Loch Garman cuntas cuimsitheach i nGaeilge ar an scéal ar an chlár An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo.

Dúirt Carter gur “botún an-simplí” a rinneadh i suimiú na marcanna ar pháipéar scrúdaithe amháin a d’fhág go raibh sí 10 bpointe gann ar áit a fháil ar a rogha cúrsa ollscoile i mbliana.

“Mura dtarlódh an botún sin bheinn tar éis tosú in UCD trí seachtaine ó shin leis na mic léinn eile,” a dúirt an bhean óg.

Dúirt sí gur “riosca an-mhór” a bhí ann dá muintir an cás Ard-Chúirte a thabhairt in aghaidh Choimisiún na Scrúduithe Stáit agus go raibh an t-ádh orthu nach orthusan a leagadh costais mhóra na cúirte.

“Bhí muid ag iarraidh pointe a dhéanamh agus a thaispeáint go raibh rud éigin mícheart leis an gcóras,” a dúirt Rebecca Carter agus í faoi agallamh ag Helen Ní Shé.

Seo an dara huair ag Carter scrúdú na hArdteiste a dhéanamh, tharla go raibh sí 12 pointe gann don chúrsa tréidliachta céanna i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath anuraidh.

De réir mar atá an próiseas achomhairc ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit leagtha amach faoi láthair, ní chuirtear torthaí achomhairc ar fáil do dhaltaí go dtí mí Dheireadh Fómhair, rud a fhágann go bhféadfadh siad a bheith ródhéanach chun áit a fháil ar chúrsaí na bliana sin.

Agus a bhreith á tabhairt aige san Ard-Chúirt an tseachtain seo, mhol an Breitheamh Richard Humphreys go ndéanfadh Coimisiún na Scrúduithe athbhreithniú ar an phróiseas achomhairc ionas go bhfaigheadh daltaí torthaí roimh thús na bliana acadúla agus nach mbeadh moill bliana ar dhalta tabhairt faoina rogha cúrsa tríú leibhéal sa chás go n-éireodh lena achomharc.

Dúirt Carter, nach raibh an córas sin  “ceart ná cóir” go mbeadh ar dhaltaí fanacht bliain eile sula dtabharfaidís faoina gcéim, go háirithe sa chás nach raibh i gceist ach suimiú na marcanna ag an cheartaitheoir seachas athmharcáil iomlán na bhfreagraí.

Dúirt sí go raibh súil aici go ndéanfadh Coimisiún na Scrúduithe Stáit na hathruithe is gá lena chinntiú nach mbeadh daltaí eile sa chás céanna ina raibh sí féin i mbliana.

“Má éisteann Coimisiún na Scrúduithe Stáit le moladh an Bhreithimh, tá súil againn go bhfuil siad chun a bpróiseas a athrú ionas go mbeadh torthaí achomhairc faighte ag daltaí roimh thús na scoilbhliana,” arsa Carter.

De réir ordú an Bhreithimh Humphreys, bhí ar Choimisiún na Scrúduithe Stáit torthaí achomhairc Carter a chur faoi bhráid an Lár-Oifig Iontrála (CAO) faoi mheán lae inniu ionas go gcuirfí tairiscint nua amach chuici tráthnóna. Beidh sí ag tosú ar an chúrsa tréidliachta i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, Dé Luain.

Bhí cruinniú inniu ag Bord Choimisiún na Scrúduithe Stáit chun an cás a phlé agus é i gceist acu an córas a athrú.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ar a toil ag an mbean óg a thug dúshlán Choimisiún na Scrúduithe Stáit san Ard-Chúirt'

  • MacAnRí

    Comhghairdeas Rebecca !!! Bulaí mná !!! agus rath do cheirde ort….

  • Síle Ní Chathasaigh

    Ardbhean! Comhghairdeachas leat, Rebecca!