‘Fuadach na nGael’ ar bun an athuair in Albain – Feisire Westminster

Cruinniú práinneach éilithe ag Feisire Albanach le hAire Inimirce na Breataine le plé a dhéanamh ar chás mhuintir Brain atá i mbaol a ndíbeartha as Gàidhealtachd na hAlban

7cdfdjvbo36d8ldma0dblx4aidil33

Tá cruinniú práinneach éilithe ag an bhFeisire Albanach Ian Blackford (SNP) le hAire Inimirce na Breataine le cás mhuintir Brain atá i mbaol a ndíbeartha as Gàidhealtachd na hAlban.

Tá an Feisire do Ros, an t-Eilean Sgitheanach agus Loch Abar tar éis ceisteanna a chur faoi chás mhuintir Brain.

Fuair an teaghlach Astrálach, Gregg, Kathryn agus a mac Lachlan, arbh í an Gháidhlig a chéad teanga, litir an mhí seo caite inar cuireadh in iúl dóibh nach raibh ach 28 lá acu le hAlbain a fhágáil.

Dúirt an Feisire Blackford go n-iarrfadh sé ar an Aire James Brokenshire (Tóraithe) síneadh coicíse a thabhairt don teaghlach a fhad is atá achomharc á dhéanamh acu.

Tá cuireadh tugtha ag Blackford d’Easpag Mhoireibh, Ros agus Gallaibh, an tOirmhinneach Mark Strange agus príomhoide Lachlan a theacht chuig an gcruinniú freisin le teistiméireachtaí a thabhairt ar son an teaghlaigh.

Tháinig muintir Brain chun cónaithe in Albain in 2007 i ndiaidh dóibh páirt a ghlacadh sa chlár ‘The Highland Homecoming Programme’ a bhí á reáchtáil ag an Oifig Gnóthaí Baile sa Bhreatain. Ba as Albain seantuismitheoirí na beirte. Chuaigh an víosa mic léinn a bhí ag Kathryn – ar a luadh a fear céile agus a páiste mar chleithiúnaithe – in éag i mí na Nollag seo caite. Bhí post lánaimseartha ag Gregg agus tairgeadh post do Kathryn ach dúradh leo nach raibh cead acu a bheith ag obair in Albain.

Tá an teaghlach ina gcónaí in Inbhir Pheofharain le hos cionn ceithre bliana anuas agus tá Lachlan ag freastal ar bhunscoil lán-Gháidhlig sa cheantar agus páirt glactha aige i gcomórtais ‘Mód’ in Inbhear Nis.

Dúirt Blackford go bhfuil “an clog ag breith ar an teaghlach” agus go bhfuil éilithe ar an Aire Brokenshire cead cónaithe agus oibrea  a thabhairt dóibh.

“Táimid ag lorg soiléiriú ón Aire freisin. Tá an Oifig Gnóthaí Baile ina ciseach – níl a fhios ag muintir Brain cén fhad go díreach atá fágtha acu in Albain fiú.

“Is iad leithéidí Gregg agus Kathryn Brain agus a mac óg Lachlan a theastaíonn uainn anseo sa Ghàidhealtachd – teaghlaigh óga atá ag iarraidh lonnú anseo agus cur le saol na Gàidhealtachda. Is iad an cineál teaghlaigh a theastaíonn leis an ngeilleagar a fhorbairt agus a chothú agus tá ag éirí thar cionn le Lachlan sa bhunscoil áitiúil Gháidhlig,” a dúirt sé.

Dúirt sé freisin go raibh sé “seafóideach” go rabhthas ag iarraidh an teaghlach a dhíbirt ar bhonn “mionsonra teicniúil” agus go raibh orthu an t-achomharc a dhéanamh ón Astráil.

“Sin seafóid, ba cheart go mbeadh cead acu an t-achomharc a dhéanamh agus iad anseo. Ní theastaíonn ‘Fuadach na nGael’ eile uainn sa lá atá inniu ann. Teastaíonn uainn go bhfanfaidh leithéidí mhuintir Brain anseo,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Fuadach na nGael’ ar bun an athuair in Albain – Feisire Westminster'

  • Aideen

    An oiread sin Gael imithe go dtí an Ástráil cheana féin, agus anois triúr Gael ón Ástráil á seoladh ar ais acu.

    Is bocht an scéal é.