‘Frustrachas’ ar Phríomhfheidhmeannach an Údaráis faoi easpa gnímh na Roinne maidir le hathstruchtúrú foirne

Thug Steve Ó Cúláin le fios do Bhord an Údaráis nach raibh aon chruinniú leis an Roinn faoin scéal le cúig mhí agus nach raibh aon aiseolas faighte ón Roinn faoi ‘ábhar’ a cuireadh chucu

Steve Ó Cúláin SÓM

Tá “frustrachas agus fadhbanna” ag baint le bheith ag plé le Roinn na Gaeltachta faoi athstruchtúrú a dhéanamh ar fhoireann Údarás na Gaeltachta, dar le Príomhfheidhmeannach na heagraíochta, Steve Ó Cúláin.

Chuir Príomhfheidhmeannach an Údaráis a fhrustrachas faoin Roinn in iúl do chruinniú de Bhord an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite.

De réir na miontuairiscí ón gcruinniú Boird i mí na Nollag rinne Ó Cúláin “cur síos ar struchtúr foirne na heagraíochta agus ar an bhfrustrachas agus na fadhbanna a bhí ag teacht ar aghaidh de bharr an easpa dhul chun cinn a bhí á dhéanamh ar struchtúr foirne a aontú leis an Roinn EOG (Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta)”.

De réir na miontuairiscí, atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise, rinne Ó Cúláin cur síos chomh maith ar na cruinnithe a bhí idir an tÚdaras agus an Roinn chun teacht “ar réiteach” maidir leis an athstruchtúrú foirne.

Thug an Príomhfheidhmeannach le fios go raibh grúpa oibre idir an dá eagraíocht curtha ar bun, mar a mhol Ard-Rúnaí na Roinne, ach “nach raibh mórán dul chun cinn á dhéanamh in ainneoin na n-iarrachtaí”.

Thug sé le fios nach raibh aon chruinniú ag an ngrúpa oibre seo atá ag plé leis an athstruchtúrú foirne le cúig mhí roimhe sin agus nach raibh aon aiseolas faighte ag feidhmeannaigh an Údaráis maidir le “ábhar” faoin scéal a bhí curtha faoi bhráid na Roinne acu.

Moladh ag an gcruinniú Boird gur chóir scríobh chuig an Roinn ag iarraidh orthu cruinniú den ghrúpa oibre “a ghairm gan mhoill”.

Tá athstruchtúrú foirne le déanamh ag Údarás na Gaeltachta ar chúiseanna éagsúla, ina measc na feidhmeanna agus cumhachtaí breise a leagadh air faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus an laghdú atá tagtha ar bhuiséad na heagraíochta.

Tá gá le hathruithe chomh maith i bhfianaise líon na bhfostaithe atá imithe ar scor ón eagraíocht le roinnt blianta anuas agus gan éinne ceaptha ina n-áit.

Ag an gcruinniú céanna de Bhord an Údaráis ag deireadh na bliana seo caite léiríodh “míshástacht” go raibh dhá fholúntas ar Bhord an Údaráis nach raibh líonta, agus moladh litir eile a scríobh chuig an Roinn faoin scéal sin.

Tá ceann de na folúntais sin líonta ó shin agus tús curtha leis an bpróiseas chun an ceann eile a líonadh.

Fág freagra ar '‘Frustrachas’ ar Phríomhfheidhmeannach an Údaráis faoi easpa gnímh na Roinne maidir le hathstruchtúrú foirne'