Freagracht Agus Imeacht (FAI) a theastaíonn…

Níl freagracht, fadbhreathnaitheacht ná trédhearcacht á gcleachtadh san FAI agus tá sé in am ag daoine éirí as

Freagracht Agus Imeacht (FAI) a theastaíonn…

 Níl Cumann Lúthchleas Gael gan locht, ach mhúin sé trí cheacht thábhachtacha do scríbhneoir an cholúin seo le gairid. 

D’iarr uachtarán an Chumainn John Horan ar ghrúpa imreoirí, iar-imreoirí, riarthóirí agus daoine nach raibh aon bhaint dhíreach acu leis an eagraíocht (colúnaí seo Tuairisc.ie ina measc) plean fadtéarmach a dhréachtú. Theastaigh machnamh agus moltaí uaidh, a dúirt sé linn, ina dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin mhóra a bheidh le sárú ag CLG amach anseo.

Bhíomar ar aon tuairim faoin gcéad riachtanas nuair a casadh baill an choiste ar a chéile an chéad uair.

Chaithfí deis a thabhairt do chomhaltaí an Chumainn tuairimí a chur chugainn.

Chlúdaigh an t-aiseolas a fuaireamar as gach cearn den tír raon leathan ábhar: forbairt clubanna i mbruachbhailte na gcathracha, bánú na tuaithe, conas imreoirí a choinneáil páirteach in imeachtaí an Chumainn, tacaíocht do bhanpheileadóirí agus d’imreoirí camógaíochta, oiliúint riarthóirí, fáiltiú roimh Éireannaigh nua, comhoibriú le feachtais sláinte an rialtais, agus go leor eile.

Tá saothar an choiste déanta agus ár bplean foilsithe. Neosfar fiúntas agus laigí na hoibre amach anseo. Idir an dá linn, léirigh cur chuige an choiste don scríbhneoir seo nach mbeidh rath ar eagraíocht spóirt ar bith mura léiríonn lucht ceannais trí shuáilce agus iad ag gníomhú: freagracht, fadbhreathnaitheacht agus trédhearcacht.

Is fiú cuimhneamh ar na suáilcí riachtanacha sin agus plé á dhéanamh ar a ndúirt lucht ceannais Chumann Peile na hÉireann (FAI) le comhaltaí choiste spóirt an Oireachtais. Beidh scéal léanmhar airgeadais an Chumainn á fhiosrú arís ag cruinniú an choiste an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh ionadaithe Spórt Éireann, a chuir a míshásamh in iúl agus deontais an FAI á gcur ar ceal acu, i láthair. 

Bhí áiféis an scéil follasach ó d’inis Mark Tighe é den chéad uair sa Sunday Times trí seachtaine ó shin – in ainneoin iarracht a rinne iar-phríomhfheidhmeannach an FAI John Delaney bac a chur ar a fhoilsiú. Tá post nua faighte ag John Delaney ó shin, mar leas-uachtarán feidhmiúcháin. 

De bharr neamhthoil John Delaney ceisteanna an choiste a fhreagairt (mar gheall ar chomhairle dlí, a dúirt sé), níl an scéal iomlán ar eolas fós againn. Dhiúltaigh ionadaithe eile an FAI a bhí ina theannta ceisteanna simplí a fhreagairt, nó dúirt siad nach raibh sé ar a gcumas iad a fhreagairt.

Mar sin féin tá cnámha an scéil soiléir. In 2017 dúradh le Delaney go raibh an FAI (a láimhseálann thart ar 50 milliún gach bliain) i gcruachás airgeadais. Chuir sé seic €100,000 chucu agus íocadh an t-airgead ar ais leis tar éis dhá mhí. Níl aon taifead ar an idirbheart sna cuntais. 

Nuair a theip ar Delaney cosc a chur ar fhoilsiú tuairisce faoi na cúrsaí seo dúirt stiúrthóirí an FAI go raibh láneolas acu faoin idirbheart dhá bhliain ó shin. Seachtain ina dhiaidh sin, dúirt siad nár cuireadh ach triúr stiúrthóirí ar an eolas go hiomlán faoin scéal.

Chruthaigh stiúrthóirí an FAI an post nua do Delaney mar leasuachtarán feidhmiúcháin  agus thug seisean le fios nach mbeadh sé toilteanach ceisteanna a fhreagairt faoin bpost a bhí aige roimhe sin mar phríomhfheidhmeannach.

Ní raibh a chomhghleacaithe ábalta ná toilteanach ceisteanna bunúsacha a fhreagairt ach oiread faoin bhfáth gur thug sé €100,000 don chumann, ná faoi riar airgeadais an FAI i gcoitinne.

Ní raibh cruinniú an choiste sásúil ar bhealaí eile.

Chuir Michael Healy Rae, Mark Daly agus comhaltaí am amú gan aon cheist a chur. Bhain Delaney leas as breithiúnas na Cúirte Uachtaraí i gcás Angela Kerins (inar cáineadh cur chuige coiste eile agus í á ceistiú) agus é ag diúltú ceisteanna a fhreagairt. 

Fiú má chuirtear a thost i leataobh, ba léir nach raibh ionadaithe eile an FAI ábalta faisnéis bhunúsach faoi riar na heagraíochta a sholáthar. Mar shampla, fiafraíodh de chisteoir an FAI Eddie Murray cé mhéad cuntas bainc a bhí ag an gcumann.  Ceann amháin, arsa Murray. D’admhaigh sé ina dhiaidh sin go raibh 24 cuntas acu.

Dá laige an ceistiú uaireanta, agus dá mhínáirí na freagraí, ba ríléir faoi dheireadh an chruinnithe nach bhfuil freagracht, fadbhreathnaitheacht ná trédhearcacht á gcleachtadh san FAI.

Is léir freisin nach mbeidh riar i réim san FAI ná meas air mar chumann go dtí go n-éireoidh a lucht ceannais as oifig, agus John Delaney ina measc.

Fág freagra ar 'Freagracht Agus Imeacht (FAI) a theastaíonn…'