Meabhrú tráthúil ar an obair phráinneach nach bhfuil á déanamh i Stormont ab ea an cruinniú de Chomhchoiste Aireachta na Ríochta Aontaithe i gCaerdydd inné.
Murab ionann agus Alba agus an Bhreatain Bheag níor chuir ionadaithe Thuaisceart Éireann cáipéis faoi bhráid an chruinnithe i dtaca le héilimh i leith Breatimeachta.
Ní raibh ansin ach sampla amháin as liosta fada d’ábhair atá curtha ar an méar fhada go dtí, ar a thúisce, go mbeidh an toghchán sa Mhárta thart. Ní hé an toghchán tobann amháin is cúis leis an gcur chuige easnamhach ó Stormont. Go deimhin, ba é an t-easaontas idir an DUP agus Sinn Féin faoi Bhreatimeacht ceann de na príomhchúiseanna leis an scoilt nimhneach eatarthu.
Cé is moite de litir ó Arlene Foster agus Martin McGuinness chuig an bPríomh-Aire Theresa May cúig mhí ó shin níor fhoilsigh oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire comhcháipéis ar bith faoi chás Thuaisceart Éireann sa Bhreatimeacht.
Bhí an t-easnamh sin follasach nuair a chuaigh an t-iarChéad-Aire, Arlene Foster agus Michelle O’Neill, comharba Martin McGuinness, go Caerdydd Dé Luain.
Sholáthair Nicola Sturgeon plécháipéis polasaí faoi stádas na hAlban san Aontas Eorpach agus cé gur vótáil an Bhreatain Bheag i bhfabhar Breatimeachta, chuir an Chéad-Aire Carwyn Jones polasaí chun tosaigh i bhfabhar ceangal leis an margadh Eorpach. I gcás Thuaisceart Éireann, bhí Foster báúil le tuairimí an Phríomh-Aire May agus bhí O’Neill dubh dóite ina n-éadan.
Ní hamháin nach raibh polasaí ag Foster agus O’Neill, ach níor cheil siad an cantal eatarthu. Mheabhródh siad duit an lánúin a thagann chun dinnéir agus a chaitheann an oíche ag spochadh as a chéile faoi aighneas a d’éirigh eatarthu sa bhaile. Cheistigh O’Neill an raibh ceart ag Foster, ceannaire an DUP, a bheith ag cruinniú comhchoiste aireachta dá leithéid. Murab ionann agus na haireachtaí eile, tháinig deireadh leis an gcéad-aireacht nuair a d’éirigh an LeasChéad-Aire as. Mar fhreagra air sin, dúirt Arlene Foster gur cheart do bhean Shinn Féin an reachtaíocht a léamh go bhfeicfeadh sí go raibh an t-iarChéad-Aire i dteideal cuid d’fheidhmeanna na hoifige sin a chomhlíonadh go dtí lá na vótála.
Is í breith na coitiantachta gurb í an fhaillí san obair faoin mBreatimeacht is measa ar fad mar go mbeidh gach éinne thíos leis. Ní hionann sin agus beag is fiú a dhéanamh de chás na ndaoine a bhí ag súil, ar chúiseanna éagsúla, le gníomhartha eile ó Stormont an mhí seo. Buille trom do na daoine sin ab ea titim Stormont agus an toghchán tobann a lean.
I measc na ndaoine sin, tá na céadta a d’fhulaing drochíde in 22 institiúid do leanaí idir 1922 agus 1995. Chinn an Fiosrúchán ar Dhroch-Íde Institiúideach san Am atá caite (HIAI), faoi cheannas an bhreithimh, Anthony Hart, go raibh drochíde chórasach ar bun sna hinstitiúidí eaglasta agus stáit. Ba iad lucht Stormont a bhunaigh an fiosrúchán agus is ar an bhfeidhmeannas a bheadh freagracht as moltaí an bhreithimh – go n-íocfaí cúiteamh idir £7,500 agus £100,000 leis na híobartaigh ina chnapshuim saor ó cháin, go ndéanfaí leithscéal leo, go gcuirfí cóir leighis ar fáil dóibh agus go dtógfaí leacht chuimhneacháin. Eisíodh an tuairisc ar an Aoine an 20 Eanáir agus thit Stormont an Luan dár gcionn, cor sa scéal a d’fhág go bhfuil na híobartaigh agus a muintir ag fanacht ar fhuascailt, arís eile.
Ceist chonspóideach is ea an ginmhilleadh abhus, fearacht a lán áiteanna eile. Cuireadh cinneadh faoi chóir leighis agus foirceannú toirchis do mhná atá ag iompar féatais neamhmharthanacha faoi chúram mheitheal speisialta anuraidh. Chuir an mheitheal sin tuairisc faoi bhráid an Aire Sláinte Michelle O’Neill agus an Aire Cirt, Claire Sugden, aontachtach neamhspleách, roimh Nollaig. Gheall O’Neill go bhfógródh sí beart go luath san earrach, ach dúirt sí le déanaí nárbh fhéidir é sin a dhéanamh mar nach raibh deis plean a chur faoi bhráid a comhairí ag cruinniú den Fheidhmeannas roimh thitim Stormont.
Thairis sin, bhí sé fógartha roimh Nollaig go nochtfadh Michelle O’Neill atheagar ar sheirbhísí sláinte i mí Eanáir. Is cosúil nárbh fhéidir an gheallúint sin a chomhlíonadh ach oiread mar nach raibh buiséad aontaithe. Bhí súil ag Máirtín Ó Muilleoir, an tAire Airgeadais, an buiséad a fhógairt luath i mí na Nollag ach thit an plean as a chéile i ngeall ar an aighneas faoin scéim fuinnimh inathnuaite. Tá impleachtaí tromchúiseacha ag easpa buiséid, agus is in olcas a rachaidh an scéal má bhíonn moill ar bhunú feidhmeannais i ndiaidh an toghcháin.
Anuas air sin, tá íobartaigh na dTrioblóidí, a bhfuil a n-éilimh curtha ar an mhéar fhada le blianta, buartha anois go bhfuiltear ag baint úsáide as a gcás mar armlón toghcháin.
Bhí na fadhbanna a bhaineann le hoidhreacht na dTrioblóidí fíorchasta fiú sular fógraíodh an toghchán ar chor ar bith. Ach is cosúil go bhfuil an cheist seo á húsáid anois mar chéad chéim den idirbheartaíocht a tharlóidh tar éis na lá na vótála, beag beann ar an scannal faoin róchaiteachas ar an scéim fuinnimh.
Agus, ar ndóigh, ní léir go fóill cén fhad a thógfaidh fiosrú poiblí an Bhreithimh Coghlin faoin bpraiseach áirithe sin.
Fág freagra ar 'Foster agus O’Neill – an lánúin ag an dinnéar a thugann an oíche ag spochadh as a chéile'