Fós ag fanacht ar an DUP, ach faoiseamh é go bhfuil na daoine stuama tagtha ar réiteach

Is fearr a d’fheilfeadh sé don DUP gan a bheith ag tabhairt aghaidh ar fheachtas toghcháin is iad faoi ionsaí ag aontachtaithe nach nglacfaidh go brách le comhghéilleadh

Fós ag fanacht ar an DUP, ach faoiseamh é go bhfuil na daoine stuama tagtha ar réiteach

Idir dhearfacht agus éiginnteacht. Bhí móramh sásta go raibh an scéal fada ar an anró faoin bprótacal iarBhreatimeachta ag druidim chun deiridh, mura gcuirfeadh an DUP casadh air.

Bhí amhras, áfach, go mb’fhéidir go raibh buntáiste Thuaisceart Éireann, rochtain gan srian ar mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh á chur i mbaol ag an réiteach nua idir Londain agus an Bhruiséil.

‘Ní bhrostóimid,’ arsa ceannaire an DUP, Jeffrey Donaldson. Déanfaidh a pháirtí dianstaidéar ar an margadh ‘Creat Windsor’ a d’aontaigh Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen. Bhí dul chun cinn déanta, a dúirt Donaldson, maidir leis an bprótacal a leasú ach bhí údar imní fós acu agus thógfadh siad an méid ama a bheadh riachtanach chun breithiúnas a dhéanamh.

Go dtí go mbeidh na toghcháin áitiúla sa Bhealtaine thart? Seans maith. Is fearr a d’fheilfeadh sé don DUP gan a bheith ag tabhairt aghaidh ar fheachtas toghcháin is iad faoi ionsaí ag aontachtaithe nach nglacfaidh go brách le comhghéilleadh.

Is í an cheist an nglacfadh an DUP leis an margadh ina dhiaidh sin nuair a bheidís sa dara háit agus Michelle O’Neill, Sinn Féin, ina Céad-Aire. Ceist bhailí is ea í toisc gur dhiúltaigh Jeffrey Donaldson a rá roimh thoghchán an Tionóil anuraidh go nglacfadh siad leis an toradh sin. Deir sé a mhalairt anois ach chinntigh baghcat an pháirtí ar Stormont, mar agóid in aghaidh an phrótacail, nach raibh orthu toradh an toghcháin a aithint.

Scéal fada ar an anró ab ea an chonspóid faoin bprótacal iarBhreatimeachta agus caithréim do Sunak ab ea an margadh nua. Ba léir gur chuidigh a chur chuige leis an atmaisféar a fheabhsú ionas gurbh fhéidir comhghéilleadh a bhaint amach.

Ba eisean ‘an duine fásta inmhuiníne’ i ndiaidh daoine ar nós Boris Johnson agus David Frost ar mhó a suim i ngalamaisíocht. Ba mhór an ní é normalú an chaidrimh leis an Aontas Eorpach agus na buntáistí eile a leanfadh sin, amhail dea-chaidreamh le Washington a léiríodh nuair a d’fháiltigh an tUachtarán Biden roimh Chreat Windsor. Bua fánach a bheidh ann, áfach, mura bhfillfidh an DUP ar Stormont, príomhchuspóir na hidirbheartaíochta.

Caithréim don DUP ab ea é freisin ach ní fios fós an roghnóidh Jeffrey Donaldson agus an páirtí glacadh leis an gCreat agus éirí as a mbaghcat ar an Tionól agus an Feidhmeannas.

Níorbh iontas mór é go raibh na feisirí Ian Paisley agus Sammy Wilson diúltach faoin margadh le linn na díospóireachta sa Pharlaimint in Westminster nuair a chuir an Príomh-Aire a mhargadh faoi bhráid an tí.

Bhí Sammy Wilson ag maíomh le cúpla seachtain go gcuideodh an ERG, an brúghrúpa Eoraisceipteach sa pháirtí Caomhach, leo moltaí Sunak a scrios.

Is cosúil nach dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht sin; bhí na deora le Steve Baker, iarchathaoirleach an ERG, is é ag fáiltiú roimh Chreat Windsor mar bhua iontach. Ní raibh tada le rá ag Boris Johnson, an t-iar-phríomh-aire a rinne iarracht an margadh a scrios sular fógraíodh é.

Bhí Jeffrey Donaldson níos measartha ná Paisley agus Wilson, ach níor thug sé a bheannacht don socrú. Ba bhuntáiste é do Sunak nár thug an DUP an t-eiteachas don chreatlach nua ach beifear ag tathant ar Donaldson éisteacht leis na glórtha go léir a deir gur bua é.

Bhí imní ar roinnt go bhfuil an DUP chomh tugtha sin don diúltú go gcuirfidh siad deis mhaith amú. Is fíor gur ag Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa a bheidh an focal deiridh faoi rialacha an AE ach tá seift sa mhargadh – ‘Srian Stormont’ – chun ról a thabhairt don fheidhmeannas faoi cheisteanna íogaire.

Cuireadh fáilte go forleathan roimh an margadh ar an gcéad amharc. Dúirt scáthghrúpa lucht gnó Thuaisceart Éireann gur chéim mhór ab ea an margadh chun an chinnteacht agus seasmhacht a bhí á n-éileamh acu a bhaint amach. Tá ionadaithe ó phríomhthionscail an Tuaiscirt ina mbaill den ghrúpa, déantúsóirí, miondíoltóirí agus cumann na ngnólachtaí beaga. Socrú a chuirfidh borradh faoin eacnamaíocht agus faoin infheistíocht atá uathu. D’fháiltigh feirmeoirí agus iompróirí roimh an bhfógra freisin. Dúirt siad go léir go gcaithfí na mionsonraí a scrúdú agus go mbeadh obair theicniúil riachtanach sula bhféadfaí na coinníollacha nua a fheidhmiú.

Ba mhór ag a lán lucht gnó agus táirgeoirí bia i dTuaisceart Éireann an rochtain gan srianta a bheadh acu ar mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh chomh maith le margadh na Breataine Móire. Bhí súil freisin go mbeadh an Tuaisceart an-tarraingteach d’infheisteoirí ón iasacht a dteastódh uathu a bheith in ann déileáil sa dá mhargadh gan aon stró.

Údar imní is ea meicníocht chun bac a chur ar rialacháin nua an AE, ‘Srian Stormont’ nó an ’Stormont brake’ mar a tugadh air. Is baolach go gcothódh sé an cineál éiginnteachta agus mísheasmhachta a chuirfeadh laincis ar fhás eacnamaíochta nó bac ar infheistíocht.

Ní léir go beacht conas a d’fheidhmeodh an coscán ach bheadh sé bunaithe ar an veto, an achainí chásmhaireachta chonspóideach ar baineadh mí-úsáid aisti cheana in Stormont. Rialtas na Breataine a dhéanfadh breithiúnas ina dhiaidh sin an gcuirfí bac ar aon rialachán. Ní hamháin go bhfuil imní faoin úsáid a bhainfeadh an DUP as ‘Srian Stormont’, ach tá an doiléire faoin bplean míshásúil freisin.

Níl bailchríoch ar an ngnó, ach tá bunús maith faoi agus daoine praiticiúla stuama i mbun na hoibre. Faoiseamh is ea é sin.

Fág freagra ar 'Fós ag fanacht ar an DUP, ach faoiseamh é go bhfuil na daoine stuama tagtha ar réiteach'