Formhór de scaireanna Telegael ceannaithe ag comhlacht ón India

Deir Ardstiúrthóir TG4 go léiríonn scéal Telegael gur féidir le comhlacht beag Gaeltachta stádas idirnáisiúnta a bhaint amach ach an ‘cur chuige ceart’ a bheith ann

Formhór de scaireanna Telegael ceannaithe ag comhlacht ón India

Tá tromlach na scaireanna sa chomhlacht beochana Gaeltachta Telegael ceannaithe ag ceann de na grúpaí siamsaíochta is mó san Áise, Toonz Media Group.

Tá 350 fostaí, idir lánaimseartha agus pháirtaimseartha,  ag Telegael, comhlacht a bhunaigh Údarás na Gaeltachta agus RTÉ i gConamara i 1988.

Ó shin i leith, tá os cionn 1,000 uair an chloig de chláir theilifíse déanta ag an gcomhlacht agus craoladh cláir de chuid Telegael in os cionn 50 teanga i 150 tír. 

Tá Toonz lonnaithe i Trivandrum,  i ndeisceart na hIndia agus is cuid é den Comcraft Group atá lonnaithe sa Ghinéiv. Tá Toonz ag iarraidh dul chun cinn a dhénamh san Eoraip agus le déanaí, cheannaigh siad stiúideo beochana sa Spáinn, Imira, chomh maith.

Déanann Telegael comhléiriú ar chláracha beochana agus eile do go leor craoltóirí ar fud an domhain agus tá duaiseanna Emmy i measc na nduaiseanna atá saothraithe acu.

Tá cláracha déanta ag an gcomhlacht Gaeltachta do leithéidí Walt Disney, Netflix, Lionsgate, NBC Universal, an BBC, agus Nickelodeon. 

Tá dlúthchaidreamh acu chomh maith le TG4 ó bunaíodh an stáisiún.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Telegael Pól Ó Cuimín gur deis “forbartha” a bhí sa mhargadh le Toonz.

Dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, a thug seal ag obair le Telegael é féin ag deireadh na n-ochtóidí, gur scéal “iontach” don tionscal closamhairc in iarthar na hÉireann a bhí sa mhargadh.

Dúirt sé gur léirigh Telegael gur féidir le comhlacht beag Gaeltachta stádas idirnáisiúnta a bhaint amach ach an “cur chuige ceart” a bheith ann.

Dúirt Esslemont gur údar áthais do TG4 “a bheith mar chuid de scéal Telegael”.

“Tá duaiseanna agus cáil dhomhanda bainte amach acu. Léiríonn sé seo gur féidir le comhlachtaí sna réigiúin fostaíocht d’ardchaighdeán, ar luach ard, a chur ar fáil agus táirgí nach bhfuil a sárú le fáil in aon áit, a chruthú.

“Tá comhlachtaí eile a dtacaíonn TG4 leo ag foghlaim ó scéal Telegael agus tá sé mar chuid lárnach dár straitéis chorparáideach cabhrú leo sin chomh maith, chun margaí nua idirnáisiúnta a aimsiú, fostaíocht nua a chruthú agus cur le geilleagar na hÉireann le straitéisí forbartha gnó den chineál céanna.”

Fág freagra ar 'Formhór de scaireanna Telegael ceannaithe ag comhlacht ón India'