Forbairt ‘ardán faire’ ar imeall na haille i nDún Chaoin ina hábhar conspóide

Níl an pobal ar fad i nDún Chaoin ar aon fhocal maidir le forbairtí áirithe atá ar na bioráin ag Ionad An Bhlascaoid

An tUas. Brendan Griffin, T.D., Aire Stáit do Chúrsai Spoirt agus Turasóireachta agus Séamus Chosai Mac Gearailt, Comhairleoir Contae, ag fógairt an dea-scéil i dtús na bliana seo agus iad gar don láthair ar an bhfuil an t-ardán faire le tógaint.

Tá tuairimí éagsúla ag teacht chun cinn maidir le forbairtí atá Fáilte Éireann agus Oifig na nOibreacha Poiblí a bheartú i nDún Chaoin.

Is léir nach bhfuil an pobal ar fad i nDún Chaoin ar aon fhocal maidir le forbairtí áirithe atá ar na bioráin ag Fáilte Éireann agus ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar thalamh Ionad An Bhlascaoid. Tháinig an méid seo chun cinn ag cruinnithe a bhí ag Comharchumann Dhún Chaoin le tamall anuas.

Go luath i mbliana d’fhógair na polaiteoirí áitiúla – an tAire Stáit a bhfuil cúraimí turasóireachta air, an Teachta Dála Brendan Griffin ó Chaisleán na Mainge, agus Séamus Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Contae de chuid Fhine Gael ón nDaingean, le linn cuairt a thugadar ar Ionad An Bhlascaoid, go bhfuil €2.25 milliún d’airgead poiblí le caitheamh ar fhorbairtí áirithe ag Ionad An Bhlascaoid. I measc na bhforbairtí sin, tá ardán faire ar fhaobhar na haille laistíos den Ionad, breis a chur leis na háiseanna páirceála ag an Ionad agus obair feabhsúcháin a dhéanamh san Ionad féin agus ar an dtaispeántas.

Tuairiscítear gur tháinig an fógra seo aniar aduaidh ar phobal na háite agus ar chuid de na meáin áitiúla fiú.

Cé gur chuir formhór an phobail fáilte roimh an airgead a bhí le caitheamh i nDún Chaoin, do chuir an fógra seo conach ar roinnt áirithe de mhuintir na háite agus dúirt cuid acu le Tuairisc.ie nach raibh aon phlé le dealramh déanta ag na húdaráis leis an bpobal agus nach raibh fios fátha an scéil mínithe i gceart dóibh.

Tuigtear do Tuairisc.ie nár chuir aon dream áitiúil tuairimí ar aghaidh go dtí an gComhairle i dtaobh an iarratais phleanála chun ardán faire agus carrchlós a fhorbairt ach gur chuir An Taisce aighneacht faoi bhráid na comhairle.

Mhúscail scéal na forbartha seo díospóireacht i measc mhuintir na háite agus ba í an chnámh spairne ba mhó a bhí ann ná forbairt an ardáin faire agus formhór an airgid a bhí fógartha a bheith le caitheamh ar an áis turasóireachta sin.

Dar le daoine áirithe, ní bheadh gá leis an ardán faire a thógáil in aon chor san áit ina raibh sé le cur mar go raibh a lán áiteanna eile ar an gcamchuairt timpeall Cheann Sléibhe a raibh radharcanna chomh maith nó níos fearr astu. Tháinig sé chun solais le déanaí go bhfuil dhá dtrian den airgead a fógraíodh, geall le €1.5 milliún, le caitheamh ar an ardán faire, ar chosán a chur síos chuige agus ar fhorbairtí ar an gcarrchlós.

Cheap daoine áirithe a labhair ag an gcruinniú faoin ábhar gur cheart formhór an airgid a chaitheamh ar fhorbairtí san Ionad féin, seachas é a bheith á chaitheamh ar ardán faire ná raibh aon ghá leis, dar leo. Dúradh go bhfuil an radharc céanna ar an mBlascaod le fáil laistigh den Ionad féin – mar a bhfuil láthair faire cheana féin ag bun an halla taispeántais.

Dúirt daoine eile go mbeadh an radharc ón ardán ag brath go mór ar chúrsaí aimsire agus nach mbeadh aon radharc in aon chor uaidh ar laethanta ceo agus ceobhráin.

Is í Oifig na nOibreacha Poibli a chuir an t-iarratas pleanála isteach chun na Comhairle agus ailtirí de chuid na hOifige sin a dhear an t-ardán faire agus an cosán síos chuige. Ni inniu ná inné a moladh a leithéid d’ardán a bheith in aice leis an Ionad ach tháinig na moltaí chun cinn go mór nuair a thosaigh Fáilte Éireann ag cur Slí An Atlantaigh Fhiáin chun cinn ar dtús. Ainmníodh Ionad An Bhlascaoid mar ‘Pointe Sár-Radhairc’ (Signature Discovery Point) ar an tSlí sin. Moladh ardán faire a chur in aice an Ionaid ag féachaint amach ar na Blascaodaí. Cé gur ghlac foireann Ionad an Bhlascaoid leis an moladh go fonnmhar ag an am, ní raibh na húdaráis in Oifig na nOibreacha Poiblí, ar leo an tIonad, róthógtha leis an smaoineamh. Mar sin féin do chuir an Oifig ailtirí dá gcuid ag obair ar phlean an ardáin faire agus ar bhain leis a dhearadh.

Ós rud é go raibh Fáilte Éireann go láidir taobh thiar den mholadh ón dtús, bhíodar sásta airgead a chur ar fáil chun an togra a thabhairt chun críche. Tuigtear nach raibh Oifig na nOibreacha Poiblí róshásta aon chuid dá mbuiséad sin a chaitheamh ar an dtogra – cé go rabhadar toilteanach an láthair don ardán faire a chur ar fáil.

Bheadh pacáiste airgid ag teacht ó Fháilte Éireann, a dúradar, chun forbairtí a dhéanamh ag an Ionad agus sa Bhlascaod féin chun breis cuairteoirí a mhealladh, mar chuid den gcur chun cinn a bhíodar a dhéanamh ar Shlí An Atlantaigh Fhiáin.

Bhí cruinniú ag oifigigh de chuid Chomharchumann Dhún Chaoin le hOifig na nOibreacha Poiblí faoi cheist an ardáin faire le déanaí chun an scéal a phlé agus chun breis eolais a fhail ó na státseirbhísigh ach tuairiscítear nach mó ná sásta a bhí an Comharchumann leis an gcruinniú sin. Measadh i ndiaidh an chruinnithe gurbh amhlaidh go bhfuil Oifig na nOibreacha Poiblí suite meáite ar dhul chun cinn leis an dtogra ar fad mar atá á mholadh acu. Tugadh le fios don gComharchumann gur dóiche go mbeidh €1.5 milliún den airgead atá lamhálta á chaitheamh ar na forbairtí atá beartaithe le déanamh lasmuigh den Ionad.

I rith an tsamhraidh d’iarr an Chomhairle Contae breis eolais ar Oifig na nOibreacha Poiblí maidir leis an iarratas pleanála – ach go háirithe i dtaobh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar fhlóra agus fauna na dúiche. Tuigtear gur thug Oifig na nOibreacha Poiblí freagra ar an iarratas sin.

Tá sé i gceist anois ag  Comharchumann Dhún Chaoin chun dul i dteagmháil le muintir na háite chun a dtuairimí a fháil mar gheall ar an gcúram seo ar fad.

Measann lucht an Ionaid agus Oifig na nOibreacha Poiblí go gcuirfeadh an fhorbairt le cúrsaí fostaíochta san Ionad agus go méadódh sé líon na gcuairteoirí go dtí an láthair oidhreachta sin gach bliain.

Ar an dtaobh eile den scéal, tá cuid de mhuintir na háite den tuairim gur cheart an €1.5 milliún a chaitheamh ar fhorbairtí eile turasóireachta sa dúiche – feabhas a chur ar chúrsaí rochtana chun an Bhlascaoid, mar shampla.

Ceapann daoine eile gur cheart do Fáilte Éireann an t-airgead a chaitheamh ar láthair pháirceála shábháilte ag Casadh na Gráige, áit a mbíonn mórán feithiclí, busanna san áireamh, páirceáilte gan dealramh ag an gcúinne géar sin i rith an tsamhraidh – rud a chruthaíonn dainséar mór do thiománaithe. Deir tuilleadh gur cheart an t-airgead ar fad a chaitheamh ar fheabhas a chur ar áiseanna an Ionaid féin.

Idir an dá linn, tuigtear go gceapfaidh Oifig na nOibreacha Poiblí gan mhoill duine a thiocfaidh i gcomharbacht ar Mhicheál De Mórdha sa ról a bhíodh aige sin san Ionad. Chuaigh an De Mórdha ar pinsean ón Ionad breis agus trí bliana ó shin agus níor ceapadh aon duine sa ról sin ó shin.

Fág freagra ar 'Forbairt ‘ardán faire’ ar imeall na haille i nDún Chaoin ina hábhar conspóide'