Forbairt ar chúrsaí reatha i nGaeilge geallta ag RTÉ

Ceistíodh Dee Forbes, Ard-Stiúrthóir RTÉ tráthnóna ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhí ar siúl i dTeach Laighean

Forbairt ar chúrsaí reatha i nGaeilge geallta ag RTÉ

Forbairt cúrsaí reatha i nGaeilge an chéad chéim eile i bplean RTÉ chun na teanga a chur chun cinn, a deir Ard-Stiúrthóir an stáisiúin, Dee Forbes. 

Tá cás na hiriseoireachta Gaeilge ina ábhar cainte ó dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont níos túisce i mbliana gur chóir do RTÉ tuilleadh infheistíochta a dhéanamh ar an ghné sin den chraoltóireacht. 

Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann i mbliana nach cláracha cúrsaí reatha nó nuachta ach thart ar 4% de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha.  

Ba inniu an chéad uair ar thug RTÉ leid go bhfuil sé i gceist acu cur lena soláthar cúrsaí reatha i nGaeilge, cé nach bhfuil aon gheallúint tugtha fós ag RTÉ ná ag TG4 go ndéanfaidh siad aon infheistíocht bhreise sa réimse sin. 

Bhí Dee Forbes ag caint  an tseachtain seo ag cruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta a bhí ar siúl i dTeach Laighean. 

Rinne lucht thoscaireacht RTÉ cur síos ag an gcruinniú ar an bplean atá acu chun cur leis an soláthar Gaeilge, plean a cuireadh le chéile nuair a chinn an Coimisinéir Teanga go raibh sárú á dhéanamh acu ar a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge. 

Ard-Stiúrthóir RTÉ, Dee Forbes

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go dtabharfadh sí marc “100%” do lucht RTÉ “ó thaobh na n-óráidí agus na bhfocal milis” ach gurb í fírinne an scéil ná go raibh an reachtaíocht á sárú i gcónaí acu. 

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go mbeadh clár Prime Time Investigates déanta ag RTÉ faoin scéal dá mbeadh “sárú dlí mar seo déanta aon áit eile”.  

Mhaígh Ó Cuív gurb é an dearcadh a bhí ag lucht an stáisiúin i leith na teanga ná “Beimid níos fearr mar rugadh amuigh orainn”. 

Chuirfeadh sé “saidhleam” ort, arsa Ó Cuív, a bheith ag éisteacht leis na pleananna a bhí ag RTÉ don Ghaeilge agus gan aon oidhre orthu, dar leis, ach páiste a mbeadh ‘Mamaí’ tar éis breith air agus “a lámh sa cookie jar”. 

Dúirt Ard-Stiúrthóir RTÉ Dee Forbes nach raibh “aon amhras” ann ach go bhféadfadh an craoltóir níos mó a dhéanamh chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa ‘ghnáthsceideal’. Dúirt sí go raibh pleananna ar bun sin a dhéanamh trí níos mó Gaeilge a chur i gcláracha amhail First Dates Irelands, clár a luadh go minic le linn na chruinnithe.  

Mhol Catherine Connolly gur cheart do RTÉ “níos mó úsáide” a bhaint as na craoltóirí atá acu a bhfuil Gaeilge acu ach a bhfuil ábhar i mBéarla á chur ar fáil acu. 

D’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan de lucht RTÉ cad ina thaobh nach gcraoltar agallaimh i nGaeilge le cainteoirí Gaeilge ar nuacht an Bhéarla. 

Ceannasaí Nuacht TG4/RTÉ, Joe Reddington

Dúirt ceannasaí Nuacht TG4/RTÉ, Joe Reddington, nach dtarlaíonn a leithéid “minic a dhóthain” agus gur rud é a bhfuiltear ag “breathnú air”. 

Dúirt Moynihan go mbíonn iriseoirí Nuacht TG4 ag soláthar go minic do nuacht an Bhéarla ach go raibh an chuma ar an scéal gur “one-way traffic” a bhí i gceist. 

Dúirt Joe Reddington go raibh an nós go mbíonn iriseoirí na Gaeilge ag soláthar do nuacht an Bhéarla “ag dul i dtreis” ach go gcaithfí “breathnú” ar an dtaobh eile den scéal. 

Dúirt Reddington chomh maith go raibh plé á dhéanamh faoi láthair ar “chritéir” ó thaobh na Gaeilge a bheith ann i bpróiseas earcaíochta RTÉ le go mbeadh níos mó iriseoirí a bhfuil Gaeilge acu á bhfostú ag an tseirbhís trí chéile. 

Maidir leis na ciorruithe a rinneadh ar acmhainní Nuacht TG4 níos luaithe i mbliana, dúirt Joe Reddington nár fhág siad aon rian ar chaighdeán na seirbhíse. 

“Mar a chéile an tseirbhís”, a dúirt sé agus ní raibh “aon athrú ná aon chaolú” tagtha uirthi. 

Faoi na socruithe nua ní bhíonn aon cheamara dá gcuid féin ag lucht na seirbhíse Gaeilge i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine agus bíonn criú á roinnt acu le nuacht an Bhéarla i mBéal Feirste chomh maith. 

Fág freagra ar 'Forbairt ar chúrsaí reatha i nGaeilge geallta ag RTÉ'

  • Colm Ó Cearúil

    Leithscéalta go tréan ó bhainistíocht RTÉ. Ard mholadh tuillte ag baill an gcoiste as solas a spalpadh ar mheon RTÉ. Beidh orainn an reachtaíocht a treisiú chun chinntiú do dhéanfaidh siad a phostanna i gceart feasta.