‘For our community, being invisible is no longer an option’ – cás na Gaeilge curtha i láthair Ard-Fheis Shinn Féin ag mac léinn óg

Dúirt Katy Rose Mead, a bhí i measc na gcainteoirí ag Ard-Fheis Shinn Féin i mBéal Feirste, go raibh pobal na Gaeilge ‘faoi ionsaí ag státchóras dolúbtha, docht agus ag idé-eolaíocht pholaitiúil naimhdeach, sheicteach’

‘For our community, being invisible is no longer an option’ – cás na Gaeilge curtha i láthair Ard-Fheis Shinn Féin ag mac léinn óg

Chuaigh caint a thug mac léinn óg de chuid Choláiste Feirste faoi chás na teanga ó thuaidh go mór i bhfeidhm ar an lucht éisteachta ag Ard-Fheis Shinn Féin i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine.

Ag labhairt di ag an Ard-Fheis, dúirt Katy Rose Mead, ar ball óg den ghrúpa feachtais An Dream Dearg í, go raibh a “rogha oideachais agus a rogha theanga faoi ionsaí go leanúnach” ag státchóras Thuaisceart Éireann.

“Inné, chríochnaigh mé m’aistear fríd chóras réabhlóideach, saibhir oideachais; aistear a thosaigh in 2005 i nGaelscoil na Móna agus a chríochnaigh inné nuair a rinne mé m’Ard-Leibhéal deireanach ar Choláiste Feirste.

“Le linn an aistir sin, bhí mo rogha oideachais agus mo rogha theanga faoi ionsaí go leanúnach ag státchóras dolúbtha, docht agus ag idé-eolaíocht pholaitiúil naimhdeach, sheicteach,” a dúirt sí.

Dúirt Mead go raibh sí sé bliana d’aois nuair a gealladh Acht Gaeilge ag Cill Rímhinn agus gur tuigeadh di ina dhiaidh sin “gur chomhaontú stairiúil a bhí ann” agus gur chreid sí go mbeadh “grúpaí ar séanadh cearta orthu le fada fada an lá ag stát smachtúil á dtarraingt isteach ón imeall”.

Cé “nár fíoraíodh an fhís” sin go fóill, dúirt Mead gur ndearna leithéidí ghluaiseacht an Ghaeloideachais “éachtaí” maidir le “pobal buan seasmhach Gaelach” a thógáil ó thuaidh.

Dúirt sí áfach nach bhfuil “aon chearta ag Gaeil óga na sé chontae” i gcomparáid le Gaeil ó dheas nó cainteoirí Breatnaise sa Bhreatain Bheag.

“Níl teacht againn ar na bunseirbhísí ón stát inár rogha teanga féin agus nuair a imíonn muid ón scoil is fíor-annamh a fheicfidh muid aon chomhartha Gaeilge agus aon aitheantas oifigiúil gurb ann dár dteanga dhúchais, ársa, álainn,” a dúirt sí.

Dúirt Mead go ngoilleann “an éagóir sin’ ar dhaoine óga ó thuaidh “gach uile lá” agus gur “ón fhearg sin a d’eascair an t-éileamh ollmhór don Acht Gaeilge”.

“An rud atá uainn, ní den chéad uair, go mbeadh cearta an mhionlaigh Ghaeilge á gcosaint ag an stát, ní á scrios. Is daoine iad cainteoirí Gaeilge atá i dteideal dínite agus measa.”

Dúirt Mead go gcaithfear a chinntiú go mbíonn “acht láidir Gaeilge” mar chuid de cibé socrú a dhéanfaí chun an feidhmeannas a chur ar bun arís.

“Cibé réiteach atá le socrú, ní mór go mbeadh Acht láidir Gaeilge mar chuid dó; Acht a dhéanann freastal orm féin agus mo chairde trí bhunseirbhísí a chur ar fáil, Acht a aithníonn gurb ann dúinn sa dlí, Acht a thógann an Ghaeilge ón chúlra agus a chuireann i lár an aonaigh oifigiúil í,” ar sí.

Dúirt Mead nach bhféadfaí neamhaird a dhéanamh a thuilleadh de phobal na Gaeilge ó thuaidh:

“For our community, being invisible is no longer an option.”

Dúirt sí go bhfuil “cosaint dhleathach agus stádas cuí” de dhíth le cinntiú nach gcaitear le cainteoirí Gaeilge ó thuaidh “mar shaoránaigh den dara grád”.

“Is é an ceart bunúsach ag pobal na Gaeilge go bpléifí linn le meas, cothromas agus dínit inár dtír féin,” a dúirt Mead.

Fág freagra ar '‘For our community, being invisible is no longer an option’ – cás na Gaeilge curtha i láthair Ard-Fheis Shinn Féin ag mac léinn óg'

  • eoghan o néill

    Táid ann a deireann nacha fiú muid
    gurb fhearr í chaitheamh i leataobh
    Go sotallach ar chaiplí árda
    ba chosúil gur leo an chraobh,
    Ach fan, táid ann nár ghéill ariamh,
    an dúchas beoga ina gcroí’
    seana-scéalta ár sinsir ag na páistí
    spórt is scléip amuigh ag spraoí.

  • Mánus

    Níl cearta teanga sna 26 condae ar chomchéim beag ná mór le cearta teanga sa Bheilg. Ba chóir don Dream Dearg an Bheilg a úsáid mar eiseamlár seachas an seasamh teoiriciúil atá ag an Ghaeilge sna 26 condae a mholadh. Tuugeann aondachtóirí gur teanga shiombalach stáit atá sa Ghaeilge ó dheas seachas teanga laethúil. Tír trítheangach is ea an Bheilg agus tá cearta teanga dáiríre curtha ar fáil, fiú don mhionlach beag a labhrann an Ghearmáinis. Ba chóir don Dream Dearg ceisteanna a chur ar lucht labhartha na Pléimeannaise go bhfuil cónaí urthu i gcathair Fraincise an Bhruiséil faoin dhátheangachais fheidhmiúil..