Foirne nua ag iarraidh teacht chun cinn i gCraobhchomórtas na gClubanna agus coimhlint mhór sraithe Dé Domhnaigh

Caitear súil chun cinn ar chluichí leathcheannais Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na gClubanna agus ar an gcluiche sraithe idir Gaillimh agus Tír Eoghain

Darragh O’Connell agus David Treacy (Cuala) ag iarraidh stop a chur le Nicky Kirwan (Abhallort an Bealach). INPHO/Cathal Noonan
Darragh O’Connell agus David Treacy (Cuala) ag iarraidh stop a chur le Nicky Kirwan (Abhallort an Bealach). INPHO/Cathal Noonan

Na Sáirséalaigh v Ruairí Óg, Páirc Tailteann, Dé Sathairn 6 Feabhra, 2i.n.

Abhallort an Bealach v Na Piarsaigh, Staid Semple, Dé Sathairn 6 Feabhra, 3.45i.n.

Imreofar cluichí leathcheannais Chraobhchomórtas Sinsear Iomána na gClubanna inniu agus trí cinn de na foirne a bheidh páirteach iontu ag iarraidh an cluiche ceannais a bhaint amach den chéad uair.

Dar ndóigh, is iad Sáirséalaigh na Gaillimhe an ceann corr agus Craobh na hÉireann buaite acu faoi dhó, i 1993 agus 1994. Ba é Joe Cooney a bhí ina laoch acu an uair sin agus is é a mhac, Joseph, atá mar chaptaen na foirne inniu.

Tháinig na Sáirséalaigh aniar aduaidh ar chách nuair a d’éirigh leo Craobh na Gaillimhe a bhuachan i 2015 agus anois tá gaoth sna seolta acu agus aghaidh á tabhairt acu ar na babhtaí leathcheannais agus seaimpíní Aontroma, Ruairí Óg as Bun Abhann Dalla.

Níl daoine ag tabhairt mórán seans do Ruairí Óg ach má tá spreagadh uathu, níl orthu ach breathnú siar ar 2012, bliain nár bhain éinne de na boic mhóra na babhtaí leathcheannais amach agus bliain ar éirigh le Seamróga Loch gCaol an chraobh a bhuachan.

Sa chluiche leathcheannais eile, tabharfaidh Na Piarsaigh aghaidh ar Abhallort an Bealach. Faoi dhó atá an cluiche leathcheannais sroichte ag Na Piarsaigh, i 2012 agus 2014, ach faoi dhó a chlis ar fhir Luimnigh. Beidh siad ag iarraidh an scéal sin a chur ina cheart i mbliana agus iad ag brath go háirithe ar leithéidí Shane Dowling agus Kevin Downes.

Ós ag trácht ar chliseadh sinn, tá sean-taithí ag Abhallort an Bealach ar an dteip agus cluiche ceannais Laighean caillte acu ceithre huaire as a chéile idir 2010 agus 2013. Pé mallacht a bhí orthu chuir siad de dhroim seoil i mbliana í nuair a bhuaigh siad ar Chuala cúpla mí ó shin. Beidh siad ag cuimhneamh anois ar Pháirc an Chrócaigh a bhaint amach. Agus an chuma ar an scéal go bhfuil iománaithe níos cumasaí ag Na Piarsaigh, beidh buachaillí Loch Garman ag iarraidh a bheith níos díograisí ina chuid imeartha. Pé foireann a mbíonn an lá leo, is cinnte go mbeidh dianscrúdú déanta orthu faoi dheireadh na himeartha.

Rogha Tuairisc.ie: Na Sáirséalaigh agus Na Piarsaigh.

Bainisteoir Thír Eoghain, Mickey Harte. INPHO/Presseye/Andrew Paton
Bainisteoir Thír Eoghain, Mickey Harte. INPHO/Presseye/Andrew Paton

Gaillimh v Tír Eoghain, Páirc an Phiarsaigh, Dé Domhnaigh 7 Feabhra, 2i.n.

Beidh Cumann Lúthchleas Gael ag súil le slua maith i bPáirc an Phiarsaigh i nGaillimh an Domhnach seo agus an fhoireann bhaile ag tabhairt aghaidh ar Thír Eoghain. Tá an dá chontae i measc na bhfoirne atá mar rogha na coitiantachta chun ardú céime a bhaint amach agus dá mbeadh ceachtar foireann in ann an bua a fháil amárach, thabharfadh sé spreagadh ar leith dóibh agus gan an comórtas ach ina thús.

Bhuaigh an dá fhoireann an chéad chluiche sraithe acu an tseachtain seo caite, ach cluichí an-éagsúil a bhí acu. I gcoinne Laoise, bhí sé chomh maith agat a rá go raibh an cluiche buaite ag Gaillimh sa chéad leath. Bhí siad 11 cúilín chun cinn ag leath ama, 2-6 in aghaidh 0-1, agus cé gur aimsigh Laois 1-9 sa dara leath, fós bhí farasbarr d’ocht gcúilín ag fir Kevin Walsh ag deireadh an chluiche.

Má bhí tráthnóna bog ag na Gaillimhigh níorbh amhlaidh an scéal do Thír Eoghain agus cath ceart acu i gcoinne Chontae an Chabháin. Níor scóráladh ach pointe amháin ón imirt sa chéad leath den chluiche crua, cosantach seo, agus b’iad Tír Eoghain a thug an lá leo sa deireadh, 0-10 in aghaidh 0-8.

Toisc an choimhlint a bheith chomh géar sin, bhí ar Mickey Harte roinnt imreoirí a raibh sé ag iarraidh a choinneáil siar, ar nós Peter Harte, a chur chun páirce. Fear amháin nach mbeidh ag imirt amárach ná Seán Cavanagh, a bhfuil gortú coise ag cur as dó.

Is é an scéal céanna é ag Kevin Walsh. Cé gur tháinig leithéidí Shane Walsh, Fiontán Ó Curraoin agus Tom Flynn ar ais don chluiche in aghaidh Laoise, ní raibh fáil fós ar Finian Hanley, Gareth Bradshaw, Gary Sice, Danny Cummins nó an bheirt Sweeney agus an chuma ar chúrsaí go mbeidh sé ag fanacht tamall eile ar chuid de na himreoirí sin.

Ní bhíonn an oiread sin ratha ar na Gaillimhigh in aghaidh foirne Uladh sa tsraith ach an oiread agus ceithre cinn den sé chluiche atá imeartha acu in aghaidh foirne ón gcúige sin caillte acu ó 2014 i leith. Seo é an chéad chluiche idir Tír Eoghain agus an Ghaillimh ó d’imir siad a chéile i 2013. Foireann Mickey Harte a bhuaigh an ceann sin le ceithre chúilín, 1-14 in aghaidh 0-13.

I measc na gcúiseanna go bhfuil Gaillimh fós i Roinn 2, ní éiríonn go maith leo i gcoinne foirne a mbíonn stíl chosantach acu. Má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar Thír Eoghain i mBóthar na Trá, cuirfidh sé leis an dóchas acu gur i ar Roinn 1 a bheidh siad ag imirt an chéad bhliain eile. É sin ráite, shroich Tír Eoghain cluiche leathcheannais na hÉireann anuraidh agus tar éis dóibh cúpla bliain a chaitheamh agus gan iad a bheith ach cuíosach, tá imreoirí nua ag teacht in inmhe dóibh agus fuinneamh nua iontu dá bharr. Cluiche suimiúil a bheidh ann amárach.

Rogha Tuairisc.ie: Comhscór

Fág freagra ar 'Foirne nua ag iarraidh teacht chun cinn i gCraobhchomórtas na gClubanna agus coimhlint mhór sraithe Dé Domhnaigh'