Foirne na Gaeltachta ag triall ar Ráth Chairn glas na Mí agus Comórtas Peile na Gaeltachta linn

Rachaidh breis is 30 foireann san iomaíocht do na cúig chorn atá le buachan ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2025 agus súil caite againn ar cé aige is mó atá seans

Foirne na Gaeltachta ag triall ar Ráth Chairn glas na Mí agus Comórtas Peile na Gaeltachta linn

Páirceanna glasa na Mí a mheall na teaghlaigh a d’fhág Conamara i 1935 chun Gaeltacht nua a bhunú ach páirceanna de shaghas eile a bheidh ag mealladh na sluaite aniar an deireadh seachtaine seo agus tús le cur le Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn.

Naoi gcinn d’fhoirne as Gaillimh a bheidh i measc an 31 foireann a ghlacfaidh páirt i gcomórtas na bliana seo, a gcuirfear tús leis anocht le cluiche idir Na Gaeil Óga agus Laochra Loch Lao i gCraobh Shóisir na bhFear.

Ba as an gCeathrú Rua agus Ceantar na nOileán a tháinig cuid mhaith díobh siúd a rinne an turas ó Chonamara 90 bliain ó shin agus beidh suim ag muintir na háite i Ráth Chairn mar sin sa gcluiche eile a imreofar faoi shoilse anocht idir an Cheathrú Rua agus Naomh Anna, ar an mBaile Corr.

Bíonn sé deacair na cluichí ag Comórtas Peile na Gaeltachta a thuar toisc gur minic go mbíonn imreoirí in easnamh ar fhoirne ach is féidir a bheith cinnte go maith gurb iad fir na Ceathrún Rua rogha láidir na coitiantachta don chraobh shóisir i mbliana tar éis dóibh Craobh Shóisir na hÉireann a bhuachan ag tús na bliana.

Beidh an fhoireann baile ag iarraidh iad a stopadh agus súil ann go n-éireoidh leis an slua Clann na nGael a spreagadh chun Corn Ghael Linn a thabhairt leo Dé Luain. An fhoireann áitiúil, An Ghaeltacht, a thug leo an chraobh shóisir an uair dheireanach go raibh an Comórtas Peile i Ráth Chairn, siar in 1993, ach níor bhaineadar aon chluiche ceannais eile amach ina dhiaidh sin. Nuair a bunaíodh Clann na nGael breis is 20 bliain ó shin níor éirigh tada níos fearr leis an bhfoireann chónasctha.

D’fhéadfadh gurb iad mná an chumainn a dhéanfaidh an beart an deireadh seachtaine seo agus Clann na nGael ag imirt i gCraobh Shóisir na mBan, comórtas a bhuadar an bhliain seo caite.

Beidh na comharsana i mBaile Ghib ag súil go mbeidh deireadh seachtaine maith acu agus Bhulf Tón ag iarraidh an Chraobh Shinsir a bhuachan den tríú huair le sé chomórtas anuas. Tar éis dóibh Corn an Aire a thabhairt leo ó na Méilte in 2023, ba sna babhtaí leathcheannais a chlis Bhulf Tón i gCill na Martra anuraidh agus iad sáraithe ag Naomh Anna. Má éiríonn le Bhulf Tón an ceann is fearr a fháil ar an Rinn, dhá fhoireann a bhfuil aithne mhaith acu ar a chéile faoin tráth seo, agus má fhaigheann Naomh Anna an ceann is fearr ar Chill na Martra, casfaidh fir na Mí agus fir Chonamara ar a chéile arís sna babhtaí leathcheannais.

Bhí ról tábhachtach ag Adam O’Neill i mbua Bhulf Tón cúpla bliain ó shin nuair a fuair sé cead imeartha ó bhainistíocht na Mí chun imirt sna babhtaí leathcheannais agus ceannais i nDún na nGall. Ach feicfimid an dtabharfar an cead sin arís dó i mbliana agus é ar fhoireann na Mí a thabharfaidh aghaidh ar Ros Comáin amárach agus a bheidh amuigh arís sa gcraobh faoi cheann coicíse.

Níl an fhadhb sin ag Naomh Anna a bhfuil painéal láidir imreoirí acu agus gan duine ar bith acu ar fhoireann na Gaillimhe i láthair na huaire.

Ba é Cian McMenamin an t-aon imreoir a bhí ag An Tearmann ar phainéal sinsir Dhún na nGall níos luaithe i mbliana ach gortaíodh an t-ógánach agus é ag imirt le foireann Faoi 20 an chontae le gairid agus aireoidh an Tearmann uathu é. Mar sin féin, d’fhéadfadh go mbeadh na Conallaigh ar cheann de na foirne eile a bhfuil deis mhaith acu ar Chorn an Aire agus iad ag imirt ar fheabhas le bliain anuas. Bhuaigh an cumann an Chraobh Idirmheánach i nDún na nGall anuraidh agus tá siad ar bharr Roinn 1 na sraithe sa gcontae faoi láthair, gan cluiche ar bith caillte acu théis ocht mbabhta. Bhí an-rath ar mhná an chumainn ag an gComórtas Peile le roinnt blianta anuas ach tá seans ag na fir anois, agus iad ag imirt sa gCraobh Shinsir den chéad uair ó 2006, sampla na mban a leanúint.

Is i gcoinne Chumann Caide na Gaeltachta a bheidh an Tearmann sna babhtaí ceathrú ceannais Dé Sathairn agus buaiteoirí an chluiche sin ag tabhairt aghaidh ar bhuaiteoirí an chluiche idir An Spidéal agus Béal an Mhuirthead.

Níl ach dhá fhoireann ag glacadh páirt i gCraobh Shinsir na mBan agus seaimpíní na bliana seo caite, Baile Chláir, ag tabhairt aghaidh ar an gClochán Liath. Bhuaigh an Clochán Liath an Chraobh Shóisir ag an gComórtas Peile cúpla bliain ó shin agus tá na craobhacha sóisir agus idirmheánach buaite acu i nDún na nGall ó shin.

Gaeil Fhánada, Bearna, Naomh Anna agus Naomh Abán a bheidh i gCraobh Idirmheánach na mBan agus mná Mhúscraí ag iarraidh an chraobh a bhuachan don dara bliain as a chéile.

Dóibh siúd atá ag iarraidh sos a thógáil ó chúrsaí peile, tá neart imeachtaí sóisialta, cultúrtha agus teaghlaigh beartaithe ag lucht eagraithe an chomórtais i Ráth Chairn agus beidh ceol agus craic in Ollphuball Chomhairle Contae na Mí chuile oíche chomh maith.

Beidh clúdach ag Tuairisc ar eachtraí móra an deireadh seachtaine agus dóibh siúd nach mbeidh i láthair beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4 ag craoladh na gcluichí.

Fág freagra ar 'Foirne na Gaeltachta ag triall ar Ráth Chairn glas na Mí agus Comórtas Peile na Gaeltachta linn'