Tá bunú iarbhunscoil lán-Ghaeilge agus cultúrlann Ghaeilge i measc na spriocanna atá luaite i bplean teanga Chaisleán an Bharraigh, a seoladh le gairid.
Aire na Gaeltachta Dara Calleary a rinne an plean a sheoladh agus Caisleán an Bharraigh le feidhmiú mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta (BSG) faoin bpróiseas pleanála teanga.
€560,000 atá le cur ar fáil do mhaoiniú an phlean, a mhairfidh ó 2025 go dtí 2032. Is é Gnó Mhaigh Eo ceanneagraíocht an phlean seo agus a bhí i gceannas an plean teanga a chur i dtoll a chéile.
Ba in 2022 a ceadaíodh plean teanga Chaisleán an Bharraigh ar dtús ach tá sé réidh le cur i bhfeidhm anois agus Máire Ní Fhearraigh ceaptha ina hOifigeach Pleanála Teanga (OPT).
Dúirt Niamh De Búrca, Príomhfheidhmeannach Gnó Mhaigh Eo, go rachadh an ceapachán chun tairbhe do thodhchaí na Gaeilge i gCaisleán an Bharraigh agus sna ceantair máguaird.
“Tá sé d’aidhm ag an bPlean Gaeilge seo go gcuirfear deiseanna úsáide agus sóisialaithe Gaeilge ar fáil i gCaisleán an Bharraigh do phobail na Gaeltachta i Maigh Eo, agus do phobal an bhaile mhóir féin agus is buntáiste mór a bheidh ann don chontae ina iomláine.”
Is de bhunadh Ghaoth Dobhair í Máire Ní Fhearraigh agus bhíodh sí ag múineadh Gaeilge i mBaile Átha Cliath, i gCill Mhantáin, agus i gCo. Mhaigh Eo.
Agus é ag labhairt ag seoladh an phlean teanga, thréaslaigh an tAire Calleary leo siúd a raibh baint acu le cur le chéile an phlean.
“Ach an oiread leis na pleananna ar fad atá á bhfeidhmiú cheana féin, tabharfar deiseanna faoi phlean teanga Chaisleán an Bharraigh do mhuintir an bhaile seo a bheith lárnach san iarracht bhreise is gá a dhéanamh chun go rachaidh an Ghaeilge ar aghaidh go slán, sábháilte chuig na glúine atá le teacht,” a dúirt sé.
Ar na príomh-mholtaí atá sa bplean teanga, tá Gaelcholáiste nua a bhunú le freastal ar ghasúir ó Chaisleán an Bharraigh. Moltar staidéar féidearthachta a dhéanamh féachaint ar an éileamh a bheadh ar Ghaelcholáiste i gCaisleán an Bharraigh.
Tá ceithre cinn de Ghaelscoileanna i gCaisleán an Bharraigh agus sa gceantar máguaird ach níl Gaelcholáiste ar bith sa gcontae. Bunaíodh feachtas le cúpla bliain anuas chun Gaelcholáiste a éileamh do Chaisleán an Bharraigh ach is beag dul chun cinn atá déanta.
Moltar i bplean teanga Chaisleán an Bharraigh go ndéanfaí staidéar féidearthachta ar an éileamh a bheadh ann do Ghaelcholáiste ar an mbaile.
Moltar chomh maith staidéar a dhéanamh faoi chultúrlann nó Áras na Gaeilge a bhunú i lár an bhaile chun áiseanna a chur ar fáil do ranganna agus imeachtaí Gaeilge eile.
Naoi gcinn de Bailte Seirbhíse Gaeltachta atá ceadaithe faoi Acht na Gaeltachta 2012 go dtí seo – Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe, An Clochán Liath, Trá Lí, Dún Garbhán, Caisleán an Bharraigh, Cathair Saidbhín agus An Clochán.
I dtaighde a rinneadh d’ullmhú an phlean teanga, thug 83% de dhaoine le fios gur mhaith leo tuilleadh deiseanna a fháil chun feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus dúirt 75% d’fhreagróirí go mbeadh níos mó imeachtaí sóisialta Gaeilge ar siúl ar an mbaile.
Is plean teanga seacht mbliana atá ann a bhfuil sé mar aidhm aige cur le tuiscint an phobail ar an teanga a mhéadú agus úsáid laethúil na Gaeilge a chothú agus a mhéadú i gCaisleán an Bharraigh.
Fág freagra ar 'Gaelcholáiste agus cultúrlann nua do Chaisleán an Bharraigh i measc na spriocanna i bplean teanga an bhaile'