Deir Údarás na Gaeltachta nach bhfuil aon bhaint acusan le stiúradh, riaradh ná measúnú scéim faoina n-íocann lucht pleanála teanga sa Ghaeltacht airgead le daoine as Gaeilge a labhairt lena chéile.
Faoin scéim Gaelchara, a bunaíodh in 2019 agus atá á reáchtáil i gceantair Ghaeltachta éagsúla, íoctar suas le €350 le cainteoir líofa Gaeilge as cabhrú le foghlaimeoir atá ina chónaí sa Ghaeltacht. Íoctar an tsuim chéanna airgid leis an bhfoghlaimeoir.
Bíonn íocaíochtaí éagsúla i gceist i gceantair éagsúla agus is iad na hoifigigh pleanála teanga a shocraíonn an íocaíocht ina gceantar féin. €250 an duine a íoctar leis na ‘Gaelchairde’ i gCois Fharraige, mar shampla, agus €100 a bhíonn i gceist i gCorca Dhuibhne.
Chuir Tuairisc sraith ceisteanna ar Údarás na Gaeltachta, atá i bhfeighil ar an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht agus a dhéanann maoiniú ar obair na n-oifigeach pleanála, faoi conas mar a bhí ag éirí leis an scéim, ach níor tugadh freagra ar na ceisteanna sonracha sin.
D’fhiafraigh Tuairisc den Údarás cé mhéad duine atá tar éis páirt a ghlacadh sa scéim, cé mhéad airgid a caitheadh ar an scéim, agus cé acu an ndearnadh nó nach ndearnadh athbhreithniú ar thorthaí na scéime ó cuireadh tús léi. Fiafraíodh freisin cé acu an raibh nó nach raibh próiseas traenála ann do na daoine a bhíonn ag feidhmiú mar Ghaelchairde.
I ráiteas ón Údarás dúradh gur scéim í Gaelchara “a tháinig agus a d’fhás go horgánach ón obair a bhíonn ar siúl ag na ceanneagraíochtaí agus na hOifigigh Pleanála Teanga i roinnt Limistéir Pleanála Teanga agus Bailte Seirbhíse Gaeltacht”.
Dúradh nach gcuireann an tÚdarás aon mhaoiniú ar leith ar fáil don scéim.
“Is cinneadh do na ceanneagraíochtaí féin céard iad na gníomhaíochtaí a bhíonn idir lámha acu le tacú le cur chun cinn na Gaeilge…” a dúradh.
Deir an tÚdarás go “moltar” do na hoifigigh pleanála teanga “tionchar na ngníomhaíochtaí sin a thaifeadadh”.
“Ní scéim é seo atá á stiúradh, á riaradh nó á mheas ag an Údarás agus níl aon chistí sainiúla á gcur ar fáil aige chuige,” a dúradh.
Dúradh go bhféadfadh an scéim Gaelchara a bheith ar chlár oibre na gceanneagraíochtaí a bhíonn le haontú leis an Údarás. Iarrtar ar na ceanneagraíochtaí tuairisc ghinearálta a sholáthar faoin na cláir oibre sin ach dúirt an tÚdarás nach mbailítear “go lárnach” na sonraí a lorg Tuairisc.
Mar sin féin, tá an tÚdarás sásta leis an scéim ón méid atá cloiste acu mar gheall uirthi.
“Feictear dúinn ón méid atá ráite ag na ceanneagraíochtaí agus na hoifigigh pleanála teanga thar na mblianta go meastar go bhfuil tionchar dearfach ag an scéim ar fhoghlaimeoirí sna ceantair chuí.”
Tá an scéim Gaelchara á reáchtáil in os cionn leath na Limistéar Pleanála Teanga ar fud na Gaeltachta. Tá an scéim bunaithe ar thaighde a rinne an tOllamh Leanne Hinton le cainteoirí mionteangacha i Meiriceá Thuaidh sna 1990idí. D’fhorbair an tOllamh Hinton an scéim ‘máistir-printíseach’ (MALLP) i 1993 le teangacha dúchais Mheiriceá a athneartú i sé phobal teanga sna Stáit Aontaithe.
Faoin scéim, caitheann duine fásta atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim méid áirithe uaireanta an chloig le cainteoir dúchais gach seachtain agus iad ag labhairt i nGaeilge amháin le deis a thabhairt don fhoghlaimeoir an teanga a shealbhú “ar bhealach nádúrtha” tríd an tumoideachas.
Moltar do rannpháirtithe dul i mbun gnáthimeachtaí an tsaoil seachas struchtúr ranga a chur ar na cruinnithe agus dialann nó taifead de shaghas eile a choinneáil den dul chun cinn atá déanta acu.
Tá a leithéid de scéim ar siúl in áiteanna eile ar domhan freisin: i measc bhundúchasaigh na hAstráile, bundúchasaigh Cheanada, na hIonúitigh in Alasca, Nunavut, agus Yukon, agus cainteoirí Ghaeilge na hAlban in Albain Nuadh.
Fág freagra ar 'Baint ar bith ag Údarás na Gaeltachta le ‘measúnú’ ar dheontas do labhairt na Gaeilge'