Ní féidir go bhfuil sé éasca a dhul i mbun comhrá faoi aicíd atá ag déanamh silidh leis an tsíoraíocht

Bhí drochlá ag Kevin McStay agus Leo Cullen beirt an deireadh seachtaine seo caite ach tá an chuma ar an scéal gur ar chúiseanna éagsúla é

Ní féidir go bhfuil sé éasca a dhul i mbun comhrá faoi aicíd atá ag déanamh silidh leis an tsíoraíocht

Tá mé ag dul amú nó ní le seachtain ab fhearr a fuair Leo Cullen ná Kevin McStay codladh na hoíche. Fear Chúige Laighean ba mhinicí a dhúisigh déarfainn. Ba ar pháirc na himeartha a facthas na cúiseanna ar fad a thug an bua do Ghaillimh ar fhoireann McStay i gCaisleán an Bharraigh. Tá go leor ar aon intinn anois nárbh í a chríonnacht a rinne Cullen agus é i mbun roghnaithe sular thug na Laighnigh aghaidh ar Northampton i mbabhta leathcheannais Chorn Rugbaí na hEorpa.

Beirt iad a mbeadh ardmheas agam orthu. Ní minic gurb í an láíocht a luaitear le go leor acu siúd a bhfuil an cheird a chleachtann siad idir lámha acu. Ní hamhlaidh do Leo ná do Kevin. Bíonn siad chomh múinte céanna i mbun agallaimh, bídís buacach nó caillteach.

Nuair a bhí McStay ina anailísí ar an Sunday Game bhí sé meáite, cóir agus níor chleacht sé riamh aon bhlas den tsiamsóireacht a bhíodh ar bun ag cuid den dream a bhí ina thimpeall.

Ní fhéadfainn a rá go bhfuil aon aithne mhór agam air. Chas sé dom nuair a bhí sé féin i mbun imeartha. Agus mé ag obair le Raidió na Gaeltachta ba mhinic le m’ais é sa mbosca tráchtaireachta agus ó shin buailtear faoina chéile muid ó am go chéile ag cluichí.

Is é an rud is mó a thaitníonn liom faoi nach bhfuil an dá thaobh ar a phearsantacht ná ar a iompar. Níl aon athrú le n-aithneachtáil air bíodh sé faoi agallamh agus dualgais bainisteora air nó nuair a chastar duit é de sheans ag dul sráid an bhaile mhóir.

A dhoimhne agus a scrúdaíonn tú a shaol is ea is mó meas a thuilleann sé. Bhuaigh sé gradam All Star i 1985 agus gan é ach 23 bliain d’aois. Agus cúpla bonn de chuid Chonnacht buaite aige ina dhiaidh sin b’éigean dó éirí as nuair a briseadh cos leis ina dhiaidh sin agus gan é ach 27 bliain d’aois.

Agus iarratas déanta aige ar a dhul i mbun bainistíochta ar Mhaigh Eo in 2014 ba chosúil an cúram a bheith le tabhairt dó nuair nach raibh aon duine eile á lorg. Ansin ag an nóiméad deiridh rinne Coiste an Chontae intinn eile agus d’fhógair Pat Holmes agus Noel Connelly mar chomhbhainisteoirí. Eolach go maith atá sé dá bharr sin ar chora an tsaoil.

Is cinnte go mba in ísle brí a bhí sé ar phointí a sé a chlog Dé Domhnaigh seo caite sa tollán i bPáirc Mhic Éil agus é ag caint faoi chluiche a d’fhéadfadh, agus go deimhin ba cheart, a bheith buaite ag a fhoireann.

Fós bhí McStay chomh huasal céanna.

Úr ina chuimhne bhí na seansanna scórála a lig Maigh Eo uathu agus iad tagtha ar comhscór le Gaillimh ag fíordheireadh na himeartha, an cic éirice a tugadh ina gcoinne ar bheagán údair agus an liathróid a chuaigh thar an trasnáin a raibh dhá chúilín ag dul di seachas an ceann a tugadh.

“We have no excuses. All those things would have been irrelevant …It’s done and dusted, Galway are the champions and we’re not; we have to suck that up now and get on with it.”

Ní féidir go bhfuil sé éasca aige a dhul i mbun comhrá faoi aicíd atá ag déanamh silidh leis an tsíoraíocht.

Agus é ag caint ar Mhaigh Eo in agallamh eile a thug sé os cionn scór bliain ó sin, dúirt sé: “We are not clever up front, we haven’t been for 30 years and I would include my own vintage. I wouldn’t say we have had a forward line that would frighten you since the ’60s.”

Tobann go maith a tháinig an samhnas a bhuail Leo Cullen bocht. Ag caitheamh fleá ag bord an rí nóiméad amháin – ar a dhá ghlúin le tinneas boilg go gairid ina dhiaidh.

Cé nár chas mé ar Cullen ariamh samhlaítear dom cosúlachtaí go leor a bheith idir é agus McStay. Ba mhaith liom a cheapadh gurb í a gcuid uirísleachta a fhágann nach gcaitheann ceachtar acu éide atá clúdaithe ag brandaí a gcuid urraitheoirí mar a dhéanann cóitseálaithe eile.

Go deimhin is minic nuair a chuireann ceamara na teilifíse a shrón isteach i mbosca bainistíochta na Laighneach le linn imeartha gur gnáthgheansaí agus léine a bhíonn ar Leo. Nuair a tharlaíonn sin is mó cosúlacht a bhíonn aige le baincéir atá amuigh maidin Sathairn ag ól latte tanaí i gcaifé i ndeisceart Bhleá Cliath ná le bainisteoir foirne atá i ladhar an chasúir.

Ba bheag a thuar a raibh i ndán dá fhoireann siúd an deireadh seachtaine seo caite. Tar éis do Chúige Laighean chuile chluiche a bhuachan sna réamhbhabhtaí níor cheadaigh siad oiread agus scór amháin féin do Harlequins ná do Glaschú sa dá bhabhta a lean, fad agus a scóráil siad féin 62 agus 52 pointe.

Cé a thógfadh é ar an gcuid sin de lucht a leanta a shocraigh gan bacadh leis an gcluiche leathcheannais in aghaidh Northampton san Aviva Dé Sathairn seo caite agus na pingineacha a chur i dtaisce do lá mór an chluiche ceannais i Caerdydd faoi cheann coicíse.

Stiúrthóir Rugbaí Chúige Laighean an teideal oifigiúil atá ag Leo Cullen, sin nó príomhchóitseálaí, mar a fheicim in áiteacha eile air. Cóitseálaí sinsearach a fheicim thíos dá chomhghleacaí Jacques Nienaber a bhí mar phríomhchóitseálaí ar fhoireann na hAfraice Theas a bhuaigh Corn an Domhain dhá bhliain ó shin.

Tá Tyler Bleyendaal mar chóitseálaí ionsaithe ag an gcúige. Iarimreoir cáiliúil de chuid na Nua-Shéalainne (agus na Mumhan) é a bhí ag obair sa ról cóitseála céanna leis na Crusaders agus le foireann idirnáisiúnta Thonga ó d’fhág gortú go mb’éigean dó féin éirí as an imirt cúpla bliain ó shin.

Is é is léir as sin ar fad go bhfuil buíon tacaíochta den scoth a’ cúnamh do Cullen, ní áirím buíon a bhfuil airgead caite uirthi.

Ní féidir a chreidiúint nach dtéann seisean i gcomhairle leosan sula leagtar amach an fhoireann atá le dhul chun páirce. Fós níl aon fhreagra feicthe fós agam ar an gceist atá an domhan agus a mháthair a chur ó bhuaigh Northampton orthu gan choinne – cén fáth nach raibh Jordie Barrett ná Andrew Porter istigh ó thús na himeartha?

Aniar aduaidh ceart a tháinig an scéal gur geansaí Uimhir 23 a bheadh ar Barrett Dé Sathairn seo caite. Chuile sheans gurb eisean an cúlaí is fearr ar domhan faoi láthair. Tá sé ag fáil lán laidhre airgid ó Chúige Laighean, pá a chaitheann siadsan a íoc iad féin gan aon chúnamh ón IRFU.

Tá na teoiricí comhcheilge chomh fairsing le sprémhóin. Ar an gceann is minicí cloiste agam tá laincisí a bheith ar Cullen agus a chomhairleoirí faoin gcinneadh an ar an bhfoireann nó ar an taobhlíne a bheas imreoirí áirithe.

Faoin leagan amach atá ar an rugbaí gairmiúil in Éirinn is iad an IRFU a íocann a bpá siúd a imríonn do na cúigí agus atá i dteideal imirt don tír seo – rud nach bhfuil Jordie.

D’íoc an IRFU os cionn €10 milliún an séasúr seo le himreoirí Laighean ar chonarthaí éagsúla ar fiú idir €60,000 agus €650,000 an ceann iad. €7.6 milliún a fuair Mumhain, €6.4m a fuair Ulaidh agus €5.8m a tugadh do Chonnachta.

Dá bharr sin bíonn tionchar ag an IRFU ar na foirne cúige a roghnaítear le dhul chun páirce. Ní hé go dtarlaíonn sin go rialta agus is teorainn ar líon na gcluichí a bhíonn ceadaithe do na himreoirí idirnáisiúnta a imirt is minicí i gceist.

D’fhéadfadh sé gur tuilleadh den socrú sin (iompaithe droim ar ais más mian leat) a tharla i gcás Jordie Barrett – socrú faoi imreoirí a chaithfear a chur chun páirce.

Deirtear liom nuair a thoiligh eachtrannach mór le rá eile, R.G Snyman as an Afraic Theas, a dhul ag imirt le Cúige Laighean ag tús an tséasúir seo gur chuir an IRFU coinníoll sa socrú nach mbeadh Snyman á roghnú i gcluichí móra sa gcás go raibh James Ryan agus James McCarthy lán aclaí. Roghnaíodh an bheirt sin i measc imreoirí na Leon an tseachtain seo ar ndóigh.

Tostach agus béaliata a bhíonn siad siúd atá i gceannas Laighean nuair a chuirtear an cheist agus ná bí ag súil le mórán eolais ón IRFU a bhfuil ar a gcumas a bheith chomh rúnmhar leo siúd a bhfuil an tseachtain caite acu sa Séipéal Sistíneach.

Ach an bhfuil baol ar bith go bhfuil socrú den chineál céanna i gceist faoin mbeirt a mbíonn geansaithe 13 agus 12 orthu sna cluichí sin?

Arb in an fáth go mba iad Gary Ringrose agus Robbie Henshaw a chaith na geansaithe sin Dé Sathairn seo caite agus go mba ar an mbinse a bhí Jordie Barrett?

Is maith an scéalaí an aimsir a deir siad. Ní bheinn róchinnte sa gcás seo.

Fág freagra ar 'Ní féidir go bhfuil sé éasca a dhul i mbun comhrá faoi aicíd atá ag déanamh silidh leis an tsíoraíocht'