Má tá iontas éigin le nochtadh ag draoi na nGleanntach, ní mór dúinn é a fheiscint tráthnóna

Más geal gach nua agus searbh gach gnáth, ba cheart go mbeadh idir shearbh agus geal againn inniu is amárach.

Má tá iontas éigin le nochtadh ag draoi na nGleanntach, ní mór dúinn é a fheiscint tráthnóna

Pé tuairim nó pé nóisean maoithneach a bhí an deireadh seachtaine seo caite againn go mb’fhéidir go raibh na craobhacha cúige go léir ina mbeathaigh arís, cuireadh de dhroim seoil go pras iad i gCill Airne Dé Domhnaigh. Ní raibh an dá bhuille buailte ar an gclog i Staid a’ Ghearaltaigh agus bhí contae an Chláir curtha chun suain go neamhthrócaireach ag Ciarraí agus pé tairbhe a bhí sa diantástáil a fuaireadh ó Chorcaigh imithe le gaoth chomh maith.

‘Sea’, arsa mise, “’s mairg a bhíonn thíos ag na gcéad bhearna’ ach níor bhaol dom ná dos na cluichí ceannais cúige eile. Bhí sárchoimhlint i gCaisleán an Bharraigh againn ina dhiaidh sin agus tá tamall maith ann ó bhíomar chomh mór ar tinneall do chluichí ceannais cúige is atáimid an deireadh seachtaine seo.

Más geal gach nua agus searbh gach gnáth, ba cheart go mbeadh idir shearbh agus gheal againn inniu is amáireach.

Más searbh a bheadh idir Ard Mhacha agus Dún na nGall agus más an iomad den aithne atá ag méadú ar an dtarcaisne eatarthu ní chiallaíonn san ná fuil an uile dhuine againn ag súil leis an gcoimhlint tráthnóna.

Dhá fhoireann chearta iad seo, dhá threibh go bhfuil níos mó ná leathshúil acu ar chorn Sam Mhig Uidhir. Ba dhóigh leat ag éisteacht le daoine áirithe nach ag Ard Mhacha atá greim ar an gcorn céanna le trí ráithe, áfach. Ar chuma éigin nuair a bhíonn comhráití mar gheall ar a bhfuil i ndán i ndeireadh na craoibhe, ní bhíonn ainm Ard Mhacha chomh mór sin sa treis. Ní thuigim i gceart canathaobh gurb amhlaidh atá ach seans go bhfuil baint aige le cuid des na taispeántaisí a bhí i rith na sraithe acu, le heasnamh Rian Uí Néill agus leis an suaitheadh a bhain le heachtraí ar a saoire anuraidh dóibh agus atá fé bhráid cúirte i láthair na huaire.

Seans chomh maith go mbaineann sé le stair na peile in Ard Mhacha agus leis an tslí nár éirigh leo an chraobh a bhuachtaint in 2003, bliain tar éis a gcéad bhua stairiúil in 2002. Ach nuair a bheidh imreoirí Ard Mhacha sa pharáid roimis chluiche ceannais an tráthnóna, beidh sé ina n-aigne istigh go bhfuil an uile dhuine acu tar éis an tír tairngire a bhaint amach mar pheileadóirí agus ar fhéachaint trasna uathu sa pharáid ní chífidh siad ach beirt, Michael Murphy agus Patrick McBrearty, atá tar éis barra cruaiche a bhaint amach le Dún na nGall.

N’fheadar cad is fiú san nuair a chaithfear an chaid isteach ach is léiriú é d’imreoirí Ard Mhacha go bhfuilid maith a ndóthain tabhairt fé thuairim na coitiantachta agus fé bhreith na ngeallghlacadóirí agus Dún na nGall a chloí.

Bhí paistí imeartha ina gcluiche leathcheannais in aghaidh Thír Eoghain go raibh an chuma ar Ard Mhacha go rabhadar meáite ar chosaint mhaith a thabhairt dona raibh bainte amach acu mar bhuíon anuraidh. Nuair a chuir Callum O’Neill cúig phointe chun tosaigh iad agus gan ach leathchéad nóimeat ar an gclog, bhí seana-mhustar na bliana 2024 thar n-ais agus iad ag imirt dá réir.

Ní raibh aon choinne, mar sin, leis an dtréimhse in uachtar a bhí ag Tír Eoghain agus iad siúd ag aimsiú seacht gcinn de phointí as a chéile. De phreib, bhí cuma ana-shaonta agus ana-éiginnte ar chuid d’imreoirí Ard Mhacha. Táid le moladh, áfach, as an dteacht aniar a dheineadar agus as an meon a léiríodar ins na nóimeataí agus na soicindí deireanacha. Is deacair don té ná fuil cruaite sa chath bainistiú a dhéanamh ar na paistí imeartha seo agus níl aon teora leis an dtairbhe a bheidh ann d’Ard Mhacha chomh maith tráthnóna.

Ainneoin a bhfuil buaite acu, tuigfidh imreoirí Ard Mhacha nach bhfuil craobh Uladh bainte amach ag an mbuíon seo. Ar chiceanna éirice a cailleadh an dá chluiche ceannais deireanach, ceann na bliana seo caite in aghaidh Dhún na nGall. Tuigfidh na Conallaigh, leis, áfach, go bhfuil smál fágtha acu ar Ard Mhacha tar éis dóibh buachtaint orthu i gcluiche ceannais sraithe agus craoibhe Uladh na bliana seo caite.

Tá tuairimíocht ann ó dheireadh na sraithe go bhfuil Jim McGuinness agus a chriú ag coimeád rud éigin siar, á spáráil féin do laethanta móra an tsamhraidh. Nílimse siúráilte fén gcur chuige sin. Ní mór na laethanta atá níos mó ná cluiche ceannais Uladh os comhair tríocha míle duine i gCluain Eois. Má tá iontas éigin le nochtadh ag draoi na nGleanntach, ní mór dúinn é a fheiscint tráthnóna.

Is iontas ann féin é na laethanta seo lucht leanúna na Mí a fheiscint ag pramsáil anuas bóthar Jones mar a dheinidis tráth. Nuair a bhí foirne Sheán Boylan i mbarra réime i ndeireadh na 1980idí agus arís i ndeireadh na 1990idí, ba bheag treibh a bhí inchurtha leo agus iad ag cur in iúl do chách gur acu a bhí seilbh na háite agus na comharsanachta mórthimpeall. Is fada an lá ó bhí na gártha molta agus na gártha magaidh acu agus iad ag cur Ciarraí de dhroim seoil in 2001 agus tá cuid de chleas na Mí a chreideann go gcoiríodar iad féin an lá úd. Muna ndeineadar féin, tá gach aon seans go gcoiríodh in 2010 iad mar ná raibh aon ní fónta i ndán dóibh ó chluiche ceannais Laighean agus ó ainnise an lae úd i leith.

Tá glúin nua imreoirí ar an bhfód anois agus glúin a chuir taibhsí agus toirmeasc na staire díobh coicíos ó shin lena mbua ar Áth Cliath. Tá dóthain ráite faoin gceiliúradh a deineadh ar Pháirc Uí Mhórdha i bPort Laoise agus gan aon ní buaite. Bhí san ag dul don mbuíon óg imreoirí a bhí fé chois ró-fhada ag Áth Cliath agus níor cheart go mbeidís ag gabháil leithscéil as san. Caithfidh siad, áfach, taispeántas eile lán de dhánaíocht, de thiarnúlacht is de mhisneach a thabhairt chun contae Lú a chloí.

Bhí baint nach beag ag an láthair agus ag rialacha nua na peile le bua na Mí coicíos ó shin. Leis na Dubs tógtha amach as a ngnáthóg i bPáirc an Chrócaigh agus le gaoth láidir ag séideadh ó cheann ceann na páirce, tháinig scóranna dhá phointe go tiubh. Díol spéise dúinn go léir conas a éireoidh le leithéidí Eoghan Freyne, Brian Menton, James Conlon agus Matthew Costello agus iad thar n-ais i bPáirc a’ Chrócaigh amáireach. Níl sé baileach chomh furaist an dá phoine a aimsiú ansiúd.

Tá captaen chontae Lú, Sam Mulroy, chomh maith d’imreoir is atá ann chun an scór dhá phointe a aimsiú le ceithre cinn déag de scóranna aimsithe aige in imeacht seacht gcluiche fé na rialacha nua. Anuas air sin, bhí an scór dhá phointe a d’aimsigh Tommy Durnin sa Tulach Mhór coicíos ó shin chomh maith sin, go bhféadfá é a shamhlú ag déanamh a leithéid arís i bPáirc a’ Chrócaigh amáireach beag beann ar easpa gaoithe.

B’fhéidir, áfach, ná beidh aon bhaint ag an dá phointe le toradh an lae amáirigh. B’fhéidir go léireodh Lú, mar a dheineadar sa chraobh anuraidh agus sa tsraith i mbliana go bhfuilid níos fearr ná contae na Mí. B’fhéidir go bhfuil sé i ndán do chontae Lú ar an dtríú hiarracht as a chéile greim a fháil ar chorn Tom Delaney don gcéad uair ó 1957. B’fhéidir nach raibh Áth Cliath ach ana-chuíosach i mbliana. B’fhéidir ná coimeádfaidh aoinne ar fhoireann na Mí srian agus smacht ar Craig Lennon agus b’fhéidir, leis, gur fearr fanacht cúig bliana déag don ndíoltas. Is fuaire agus is milse a bheidh dá bharra.

Fág freagra ar 'Má tá iontas éigin le nochtadh ag draoi na nGleanntach, ní mór dúinn é a fheiscint tráthnóna'