Níor chuir réamhaisnéis na saineolaithe tithíochta iontas ar chomhaltaí an choiste tithíochta a d’éist leo tráthnóna Dé Máirt.
Ba léir, arís, agus an léargas tógála á phlé nach mbeifear fiú i bhfoisceacht leigheas ar an nganntanas tithíochta mura dtógfar 50,000 teach ar a laghad gach bliain idir seo agus 2030.
Ní raibh focal sna freagraí a thug na saineolaithe ón mBanc Ceannais agus ón Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI) ar cheisteanna an choiste a thabharfadh le fios go dtógfar an méid tithe a theastóidh sna blianta atá romhainn.
Ní shíleann siad go deimhin go mbeidh fiú 40,000 teach sa bhliain á dtógáil go dtí an bhliain seo chugainn ar a luaithe, gan trácht ar 50,000.
Is fiú aird a thabhairt ar a dtuartha, nach gcuirfidh iontas ar dhuine eolach ar bith, ar chúis amháin thar aon chúis eile. Ní féidir folláine an chórais pholaitiúil a phlé gan éagumas an chórais aidhmeanna tithíochta inchreidte a chur os comhair an phobail.
Is dúshlán é seo do gach páirtí ach is treise an brú atá ar an rialtas – go háirithe má chuimhnítear ar thairngreacht gan bhunús Darragh O’Brien agus airí eile roimh an olltoghchán go mbeadh 40,000 teach tógtha faoi dheireadh 2024. Léirigh an cuntas oifigiúil nár tógadh ach 30,300 teach anuraidh.
Tá polasaí nua tithíochta geallta ag an rialtas ach ní beag an easpa muiníne a d’fhág an áibhéil mhínáireach réamhthoghcháin ina diaidh.
Dúisíonn pobalbhreith a d’fhoilsigh an Coimisiún Toghcháin ceisteanna agus cúiseanna imní níos leithne maidir le folláine an chórais pholaitiúil – folláine a bhaineann le muinín agus le meas araon.
Bhain an chuid is mó den tuairisciú ar thorthaí an tsuirbhé (tá na sonraí thíos) leis na freagraí a tugadh ar cheisteanna a bhain leis an gcóras toghcháin agus a léirigh ardmhuinín as riar agus cothromaíocht an chórais. Ach tá ábhar machnaimh agus imní araon sna freagraí eile. Mar shampla:
* Nuair a fiafraíodh de dhaoine cén úsáid a bhaineadar as foinsí eolais éagsúla le linn an fheachtais, thagair 72% do RTÉ, thagair 57% do na nuachtáin agus a seirbhísí nuachta ar líne, agus thagair 35% do na meáin shóisialta. Ní léir ón suirbhé gur cuireadh ceist ar bith a bhain le TG4, le Raidió na Gaeltachta, le Tuairisc, le Virgin Media ná le TheJournal.ie.
* Léirigh ceist faoi mhuinín na ndaoine a ceistíodh as foinsí éagsúla go raibh muinín ag 84% as RTÉ, ag 83% as na nuachtáin, agus nach raibh muinín ach ag 39% as na meáin shóisialta agus lagmhuinín ag 52%.
* Tá tuairimí ag mionlach nach beag a bhunaítear ar raiméis nach scaiptear ach ar na meáin shóisialta amháin. Mar shampla, dúirt 19% gur mian le polaiteoirí ‘inimircigh ghéilliúla’ a vótálfadh ina bhfabhar a thabhairt go hÉirinn.
* Léirigh ceisteanna eile contrárthacht idir na freagraí ar cheisteanna éagsúla. Léiríodh fíorthuairim nár nochtadh ach sa bhfreagra ar cheist eile. Níor thagair ach 8% díobh siúd a ceistíodh d’inimirce mar ábhar a raibh tionchar aige ar a vóta san olltoghchán (tithíocht agus sláinte a bhí chun cinn, mar is gnáth).
Tá tuairimí láidre ag an móramh áfach faoi na cúrsaí céanna. Dúirt 73% gur aontaigh siad leis an tuairim gur chóir dian-teorainn a chur ar líon na n-imirceach a thagann go hÉirinn.
* Fiafraíodh de dhaoine ar aontaigh siad le hagóidíocht taobh amuigh de thithe ina bhfuil cónaí ar pholaiteoirí. Dúirt 82% go mbeidís i gcoinne agóidíocht dá leithéid, agus dúirt 14% go mbeidís i bhfabhar.
Léirigh an mionáireamh ar thuairimí lucht leanúna na bpáirtithe áfach go n-aontaíonn duine as gach cúigear (20%) de vótálaithe Shinn Féin le hagóidíocht taobh amuigh de thithe pholaiteoirí.
Rinneadh cur síos sa cholún seo roimhe seo ar agóidíocht dá leithéid agus a tionchar ar an saol polaitiúil. Tugann agóidí a reáchtáiltear ag teach cónaithe polaiteoirí le fios nach gceadófar saol príobháideach don té atá ina chónaí ann.
Scanraíonn fiú picéad ciúin daoine eile sa teach, páistí ina measc, gan trácht ar bhéicíl agus ar bhagairt oscailte. Fógraítear do pholaiteoirí eile nach mbeidh siad slán ó bhuairt ach oiread. Spreagann sé athmhachnamh ar a laghad i measc daoine eile atá ag smaoineamh ar sheasamh i dtoghchán.
Is baolach go gcuirfidh polaiteoirí olc ar mhórán daoine sara mbeidh deireadh le ré na Dála seo, mar a léirigh an cíoradh is deireanaí ar ghanntanas tithe atá faoi chaibidil thuas.
Ní leigheasfaidh imeaglú ar pholaiteoirí, ná ar dhuine ar bith atá ina chónaí in éineacht leo, fadhb ar bith. Ní haon leigheas í bulaíocht ach a mhalairt.
diarmuid
Ní leigheasfaidh imeaglú ar pholaiteoirí, ná ar dhuine ar bith atá ina chónaí in éineacht leo, fadhb ar bith. Ní haon leigheas í bulaíocht ach a mhalairt.
Cogadh na Saoirse? Dresden? Nagasaki?