Fonótaí? Cló Iodálach? Gluais? Bíonn blas ar an mbeagán

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: céard é an cur chuige is fearr nuair a bhíonn focail iasachta i dtéacs liteartha? Gan seó bóthair a dhéanamh díobh, a deir ár gcolúnaí

Fonótaí? Cló Iodálach? Gluais? Bíonn blas ar an mbeagán

Agus atheagarthóireacht á déanamh agam ar sheanghearrscéal de mo chuid an tseachtain seo, díreach le haghaidh an chraic, tháinig mé ar fhocal i dteanga iasachta.

An mbainfeadh sé sin tuisle as an léitheoir? a d’fhiafraigh mé díom féin.

Ar chóir dom fonóta a chur isteach?

Cló Iodálach a chur ar an bhfocal sin, b’fhéidir?

Nó gluais a chur ag deireadh an scéil? Bhí tuilleadh téarmaí iasachta ar an mbealach.

Bhí mé idir thrí chomhairle, ach tar éis taom imní agus siúlóid fhada shocraigh mé gan rud ar bith a dhéanamh agus an focal sin agus na focail iasachta eile sa scéal a fhágáil díreach mar a bhí: gan fonóta, gan chló Iodálach, gan ghluais, gan mhíniú.

Ba é an chaoi go raibh mé díreach tar éis úrscéal a léamh a bhí breac le fonótaí, agus tháinig siad sin idir mé agus an taitneamh a bhain mé as an léitheoireacht. Uair ar bith ar thiontaigh mé leathanach agus a bhfaca mé fonóta nua, de m’ainneoin féin, sciorradh mo shúile go bun an leathanaigh agus léinn an fonóta ar dtús sula leanainn ar aghaidh leis an abairt a bhí á léamh agam, agus rachadh an scéal sa mhuileann orm. Lena chois sin, shílfeá nach raibh muinín ag an údar as cumas na léitheoirí ciall na bhfocal iasachta a oibriú amach ón gcomhthéacs.

Tarlaíonn rud cosúil leis nuair a chuirtear cló Iodálach ar théarmaí iasachta – i mo chás-sa pé scéal é. Meallann cló Iodálach aird mo chuid súl mar a mheallfadh bláth beach, agus téim fiarlán ar fud an leathanaigh. Ní hamháin sin ach cuirtear i gcuimhne dom go raibh an t-údar (nó, níos dóichí fós, eagarthóir éigin) go dúthrachtach i mbun oibre. ‘Humh, focal iasachta, b’fhearr dúinn cló Iodálach a chur air sin nó seans go sciorrfaidh an léitheoir!’ Na fógraí buí sin a fheiceann tú sna hollmhargaí, ‘Seachain! Urlár fliuch!’ a chuireann cló Iodálach i gcuimhne dom.

Gluais, mar sin – liosta de na téarmaí iasachta ag deireadh an téacs ar fad? An buntáiste a bhíonn leis sin ná go mbíonn an rogha agat gan neamhord easnamh airde a thabhairt don léitheoir bocht le foraois fonótaí nó le tuilsoilsiú an chló Iodálaigh, ach an míbhuntáiste ná go ráineodh nach bhfeicfidh an léitheoir an ghluais ar chor ar bith go dtí go mbíonn an príomhthéacs ar fad léite aige. Rómhall, i bhfocail eile.

Seo dhá rud a rith liom agus mo mhachnamh á dhéanamh agam ar an gceist seo.

  1. Sa lá atá inniu ann agus gach eolas a bheadh uait ar bharra do mhéar agat – ‘Hé ChatGPT, céard is brí le “je ne sais quoi”?’ – níl gá ar bith le fonótaí a thuilleadh; mura mbíonn léitheoir in ann brí focal iasachta éigin a oibriú amach ón gcomhthéacs, beidh sé féin breá ábalta míniú a lorg ar an bpointe boise. Más áil leis sin.
  2. Níos tábhachtaí fós, san fhíorshaol, ní chuireann daoine fonótaí lena bhfriotal ná cló Iodálach ar a gcuid cainte, ná ní chuireann siad gluais ar fáil nuair a bhíonn a gcuid ráite acu ach oiread. San fhicsean, dá chosúla le fíordhaoine na carachtair, is ea is fearr é.

Ach tá sé deacair na rudaí seo a fháil i gceart agus gach seans nach é an cur chuige a oirfidh do théacs amháin a fheilfidh don chéad téacs eile. Tharlódh go mbeadh ‘stíl tí’ ag teach foilsitheoireachta – ach cé a dúirt nach féidir dúshlán na ngnásanna a thabhairt? I gcás ar bith, an rud deireanach a bheadh uait ná labhairt leis an léitheoir mar a labhródh máistir scoile.

Fág freagra ar 'Fonótaí? Cló Iodálach? Gluais? Bíonn blas ar an mbeagán'