Gradam nua le bronnadh i gcuimhne ar iarcheannasaí ar Údarás na Gaeltachta

Bronnfar Gradam Phádraig Uí Aoláin ar choiste nó grúpa deonach mar aitheantas ar ‘dea-obair atá ar bun acu sa phobal’

Gradam nua le bronnadh i gcuimhne ar iarcheannasaí ar Údarás na Gaeltachta

Bronnfar “mórghradam speisialta” nua i mbliana ag Gradaim na Gaeltachta i gcuimhne ar iar-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Pádraig Ó hAoláin, a fuair bás in 2021.

Bronnfar Gradam Phádraig Uí Aoláin ar choiste nó grúpa deonach mar aitheantas don “dea-obair atá ar bun acu sa phobal”.

Tá iarratais á lorg ag Údarás na Gaeltachta ó eagraíochtaí státmhaoinithe, eagraíochtaí deonacha agus ó choistí deonacha do na seacht gcatagóir atá mar chuid den chomórtas i mbliana.

Bronnfar duaiseanna don togra turasóireachta is fearr, don togra óige is fearr, don togra ‘Gaeltacht Ghlas’ is fearr, don togra seirbhísí sóisialta is fearr, don togra cultúir, ealaíne agus oidhreachta is fearr, don togra fiontar sóisialta is fearr, agus don choiste pobail is fearr. Ní mór do gach togra agus coiste a bheidh lonnaithe sa Ghaeltacht oifigiúil.

“Chomh maith le duais réigiúnach don chéad áit agus don dara háit, bronnfar mórghradam speisialta i mbliana, Gradam Phádraig Uí Aoláin, ainmnithe i gcuimhne ar iar-Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, a bhí ceannródaíoch ina chur chuige agus a thiomantas i leith na hearnála forbartha pobail,” a dúradh san fhógra a eisíodh faoi Ghradaim na Gaeltachta 2025.

Ceapadh Ó hAoláin ina bhainisteoir cumarsáide in Údarás na Gaeltachta nuair a bunaíodh an eagraíocht i 1980. Chaith sé fiche bliain sa ról sin nó gur ceapadh ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht in 2000 agus ba é a bhí freagrach as an bhforbairt réigiúnach. Ceapadh ina Phríomhfheidhmeannach é in 2005 agus chuir sé roimhe athruithe bunúsacha a dhéanamh ar an Údarás.

Bhí baint ag Pádraig Ó hAoláin le gach uile chineál togra, idir bheag agus mhór, le linn a shaoil sa Ghaeltacht. Bhí sé, mar shampla, ar dhuine de na daoine ba mhó in Údarás na Gaeltachta a chreid in aisling na teilifíse Gaeilge agus chinntigh sé féin agus daoine eile go ndéanfadh an eagraíocht airgead mór a infheistiú i dtógáil tionscal closamhairc sa Ghaeltacht. Bhí lámh mhór aige chomh maith i bhforbairt Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

Cumadóir aitheanta amhrán a bhí ann freisin agus i measc na n-amhrán a chum sé bhí ‘Cóilín Phádraig Shéamuis’ agus ‘Cumha’.

“Is mór an onóir dár gclann go bhfuil gradam á ainmniú i gcuimhne ar m’athair. Chaith sé a shaol ag obair ar son phobal na Gaeltachta agus bhí grá mór aige don obair dheonach a rinne daoine ina bpobail féin.

“Tá sé thar a bheith oiriúnach go mbeidh a chuimhne á ceiliúradh trí aitheantas a thabhairt don obair iontach atá ar siúl ag coistí deonacha ar fud na Gaeltachta. Thar ceann ár gclainne, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le hÚdarás na Gaeltachta as an onóir seo a bhronnadh ar oidhreacht m’athar,” a dúirt Fionnuala Ní Aoláin, iníon Phádraig Uí Aoláin.

Fág freagra ar 'Gradam nua le bronnadh i gcuimhne ar iarcheannasaí ar Údarás na Gaeltachta'

  • An Teanga Bheo

    Fírinne agus ceanrodí iontach a bhí ann Grásta Dé leis GRMA