Cuirfear tús le ré nua ar Bhóthar Lansdún anocht agus a gcéad chluiche ag foireann na hÉireann faoi cheannas Carla Ward. Tabharfaidh siad aghaidh ar an Tuirc sa gcéad bhabhta de Sraith na Náisiún.
Ceapadh Ward an mhí seo caite agus í tagtha in áit Eileen Gleeson, a d’fhág an ról nuair a theip ar Éirinn áit a bhaint amach ag craobh EURO 2025 an samhradh seo chugainn.
Tá deis mhaith ag Ward dul i dtaithí ar a cúram nua agus súil ann go bhfaigidh Éire an ceann is fearr ar na cuairteoirí atá sa 60ú áit sa rangú domhanda, 35 áit chun deiridh ar Éirinn.
Ceann de na ceisteanna is mó atá ann ná cén úsáid a bhainfear as Katie McCabe, captaen na foirne agus duine de na himreoirí is cumasaí ar an bhfoireann. Is mar chúlaí cliatháin a bhí McCabe ag imirt den chuid is mó nuair a bhí Gleeson agus Vera Pauw roimpi i gceannas ach tá sé ráite ag Ward go bhféadfaí McCabe a úsáid “ar bhealach eile”. Is le ceathrar cosantóirí de ghnáth a d’imríodh foirne Ward roimhe agus feicfear anocht an bhfuil sé i gceist aici McCabe a bhogadh suas ar an gcliathán nó an dtabharfar ról nua ar fad di.
D’aimsigh Éire slám cúl i Sraith na Náisiún nuair a tháinig Eileen Gleeson isteach ar dtús ach ba é an deacracht a bhí ag an bhfoireann an liathróid a chur san eangach nó deiseanna a chruthú, rud a d’fhág nach raibh siad in ann an Bhreatain Bheag a chur de dhroim seoil sna babhtaí cáilithe roimh na Nollag. Buille é mar sin go gcaillfidh Leanne Kiernan cluiche na hoíche anocht de bharr gortaithe.
Tá tosach eile, Julie-Ann Russell, éirithe as an imirt, mar atá Niamh Fahey agus Diane Caldwell, beirt chosantóirí a raibh a lán taithí acu, ach tá roghanna maithe ag Éirinn go fóill i measc na gcúlaithe.
Níl anseo ach an chéad chéim ag Ward agus í féin agus na himreoirí fós ag dul i dtaithí ar a chéile ach thabharfadh taispeántas maith spreagadh beag don fhoireann, spreagadh atá de dhíth tar éis bliain chrua.
Fág freagra ar 'Foireann na hÉireann ag cur tús le haistear nua faoi cheannas Carla Ward'