Foireann chumasach na Cealtraí idir an Spidéal agus áit i measc na mboc mór arís

Imreoidh An Spidéal agus an Chealtrach i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile Chonnacht tráthnóna

Foireann chumasach na Cealtraí idir an Spidéal agus áit i measc na mboc mór arís

Antaine Ó Laoi ag imirt don Spidéal ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2025. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

An Spidéal v An Chealtrach – Tuaim, 2.00in

Dhá bhliain tar éis dóibh titim ón bpríomhghrád i nGaillimh, tá peileadóirí an Spidéil sa tóir ar áit i measc na sinsear arís agus iad ag dul chun páirce inniu i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe.

Murab ionann is an lá úd in 2018, nuair a bhuaigh an Spidéal ar a gcomharsana Micheál Breathnach, is ag tabhairt aghaidh ar dhream ón taobh eile de Ghaillimh, An Chealtrach, a bheidh fir Chois Fharraige i gcluiche ceannais an lae inniu. Curaidh Chraobh Shinsir na hÉireann 2004, tráth ar bhuaigh siad ar An Ghaeltacht sa gcluiche ceannais, thit an Chealtrach ó ghrád na sinsear an bhliain chéanna ar bhain an Spidéal an t-ardú céime amach, rud a fhágann gur beag taithí atá ag an dá fhoireann ar a chéile.

Bheadh an dá fhoireann áirithe i measc na gcinn ba láidre sa gcraobh ag tús na bliana ach, agus an iomaíocht chomh géar ag an leibhéal idirmheánach, ní gan dua a bhaineadar cluiche ceannais an lae inniu amach.

Bhí bua mór ag an Spidéal ar Chill Chonla sa gcéad bhabhta (1-16 in aghaidh 1-14), toradh a chuir ar an mbóthar ceart iad, agus cé gur chaill foireann Mike Dunne in aghaidh na Ceathrún Rua (3-8 in aghaidh 3-13) sa gcluiche deireanach sa ngrúpa, chríochnaigh an Spidéal ar bharr an tábla agus cead ar aghaidh díreach acu go dtí na babhtaí ceathrú ceannais dá bharr.

Chinntigh cúil ó Chormac Ó Laoi, Diarmuid Dunne (2) agus Fionnán O’Connor go raibh an bua acu ar Sheamróga an Chartúin (4-10 in aghaidh 2-14) sna babhtaí sin agus theastaigh teacht aniar uathu i gcoinne Naomh Breandán sa gcluiche leathcheannais, cic saor dhá phointe ón gcúl báire Maghnus Breathnach leis an gcic deireanach a bhain áit amach dóibh sa gcluiche ceannais.

D’aimsigh Breathnach scór breá dhá phointe ón imirt níos luaithe sa gcluiche sin agus tá roinnt imreoirí ag an Spidéal ar féidir leo an bhratach oráiste sin a ardú, Breathnach, Antaine Ó Laoi agus Liam Ó Conghaile le triúr a lua. Tá gortú ag cur as do Ó Conghaile, a bhí ar phainéal na Gaillimhe le cúpla bliain anuas, ach fuair sé pointe tábhachtach tar éis dó teacht isteach mar ionadaí sa gcluiche leathcheannais agus buntáiste mór don Spidéal a bheadh ann dá mbeadh sé in ann an rud céanna a dhéanamh tráthnóna.

Fear eile a bhí ar phainéal na Gaillimhe i mbliana é Finnian Ó Laoi, duine de chúigear de chlann Uí Laoi ar an bhfoireann. Bhí Ó Laoi san Astráil le cúpla bliain anuas agus captaen na foirne Liam Kelly leis. Tá filleadh na beirte tar éis cur go mór leis an bhfoireann arís agus iad mar chnámh droma inti.

Cosantóir den scoth é Kelly ach beidh taispeántais mhaithe ag teastáil uaidhsean agus ó Chonall Ó Caoimh, Dara King agus Liam Ó Fátharta sa líne lánchúil más leis an Spidéal an beart a dhéanamh. Is é Alan Naughton, príomhnaoscaire na Cealtraí – d’aimsigh sé 1-10 sa gcluiche leathcheannais – ach tosaithe cumasacha iad Kelan Murray, Mikey Mulryan agus Eoin Ó Ceallaigh freisin.

Chaill an Chealtrach an chéad chluiche acu i gcraobh na bliana seo agus iad sáraithe ag Cill Chóirín-Cluain Bheirne (3-14 in aghaidh 0-24) ach tá chuile chluiche ó shin buaite acu agus Micheál Breathnach (1-16 in aghaidh 2-7) agus Oileáin Árann (2-20 in aghaidh 0-21) díbeartha as an gcraobh acu.

B’éigean dóibh luí orthu féin go maith sa dara leath chun Cora Finne (1-17 in aghaidh 2-10) a chur de dhroim seoil sna babhtaí leathcheannais agus an Chealtrach ag iarraidh dul céim níos faide ná anuraidh, nuair a chailleadar sa gcluiche ceannais i gcoinne Naomh Micheál.

Tá taithí acu ar an lá mór mar sin, ach is amhlaidh atá ag an Spidéal agus 14 den phainéal a bhí ann in 2018 fós ag imirt. Níor cheart go mbeadh mórán idir na foirne ach má éiríonn le ceannairí an Spidéil lá maith a bheith acu, d’fhéadfadh go mbeadh Corn Cotter ag dul siar go Cois Fharraige arís.

Fág freagra ar 'Foireann chumasach na Cealtraí idir an Spidéal agus áit i measc na mboc mór arís'