Fógra faoi chúiteamh do choláistí samhraidh ‘gan rómhoill eile’ ach ‘ceist chasta’ í – Chambers

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta sa Dáil aréir gur ‘ceist chasta’ í ceist an chúitimh do na coláistí samhraidh mar go raibh ‘foinsí eile’ ioncaim ag coláistí áirithe i mbliana

Fógra faoi chúiteamh do choláistí samhraidh ‘gan rómhoill eile’ ach ‘ceist chasta’ í – Chambers

Tá súil ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers fógra a dhéanamh “gan rómhoill eile” faoi cén cúiteamh a íocfar le Coláistí Samhraidh na Gaeltachta i mbliana.

Dúirt an tAire Stáit sa Dáil aréir gur “ceist chasta” atá inti mar go raibh “foinsí eile” ioncaim ag coláistí samhraidh áirithe i mbliana, ag áireamh cúrsaí ar líne d’ábhar oidí agus scoláirí agus ioncam ó scéimeanna paindéime eile de chuid an Stáit.

Fógraíodh cheana go raibh €2.2 milliún le híoc leis na mná agus fir tí a chuireann lóistín ar fáil do na coláistí agus €240,000 a fógraíodh do na hallaí pobail Gaeltachta a bhíonn á n-úsáid de ghnáth ag na coláistí.

Ach níor fógraíodh aon chúiteamh go fóill do na coláistí samhraidh féin, ar cuireadh a gcúrsaí ar ceal don dara bliain as a chéile an samhradh seo caite.

Tá ráite cheana ag CONCOS, an eagraíocht a dhéanann ionadaíocht ar na coláistí samhraidh, go raibh sé “scannalach agus maslach” gur chuir Roinn na Gaeltachta cúiteamh ar fáil do mhná tí gan tacaíocht bhreise a bheith aontaithe le lucht stiúrtha na gcoláistí féin.

Tá sonraí airgeadais na gcoláistí samhraidh iarrtha ag Roinn na Gaeltachta sula gcuirfidh siad scéim chúitimh ar fáil dóibh agus sheol an Roinn ceistneoir chuig na coláistí mí Lúnasa chun eolas a fháil faoina dteacht isteach, a gcaiteachas agus a riachtanais.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil aréir go raibh an “obair thaighde agus anailíse” sin “beagnach críochnaithe” agus go raibh súil aige fógra a dhéanamh go luath faoin tacaíocht a chuirfear ar fáil do na coláistí.

“Tuigim go maith na deacrachtaí atá ag cuid de na coláistí i mbliana de bharr nach bhféadfadh cúrsaí samhraidh dul ar aghaidh don dara bliain as a chéile,” a dúirt an tAire Stáit.

Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, agus Catherine Connolly, an Teachta Dála neamhspleách a cheistigh an tAire Stáit faoi cén uair a dhéanfaí fógra i leith na gcoláistí samhraidh.

Dúirt Catherine Connolly go raibh sí ag súil go mbeadh an tAire Stáit ábalta dáta a thabhairt di ar a laghad.

“Maith dom é má tá mé soiniciúil maidir leis an bhfreagra go bhfuil go leor déanta agus go leor le déanamh fós. Cathain a bheidh an obair seo críochnaithe? Cén dáta atá i gceist? Tá sé sin tuillte agam mar Theachta Dála. I bhfianaise thábhacht na gcoláistí samhraidh don cheantar uilig agus don Ghaeilge agus an ghéarchéim atá ann ó thaobh na Gaeilge de, tá gá le dáta…”

Fág freagra ar 'Fógra faoi chúiteamh do choláistí samhraidh ‘gan rómhoill eile’ ach ‘ceist chasta’ í – Chambers'