Foclóir Ionraic Gaeilge–Gaeilge ag teastáil

FRIOTAL: Dheamhan focal bréige a bheidh i bhfoclóir nua ár gcolúnaí

 

Cartún Antain

Tharla le déanaí gur tháinig an focal rationalisation aníos i dtéacs a bhí mé a aistriú, focal béarlagair a chluinim thall is abhus gan smaoineamh ar a bhrí. D’iarr mé comhairle ar an Deilfí dhigiteach úd, www.tearma.ie agus moladh dom cuíchóiriú a thabhairt ar a leithéid. Is deas an leagan é ‘cuíchóiriú’ – focal a mhíníonn é féin. Cén duine réasúnta a chuirfeadh i gcoinne seirbhísí otharlainne, foireann oibre nó institiúid tríú leibhéal a chóiriú ar bhealach atá ‘cuí’? Faraor, ní bhíonn taithí na ndaoine ar an chuíchóiriú díreach chomh dearfach céanna – otharlanna á ndruidim, oibrithe á scaoileadh chun bealaigh agus spiorad an oideachais á dhíbirt ag piseoga lucht gnó. Ach oiread le rationalisation, is mac tíre i gculaith oifige é ‘cuíchóiriú’ – athfhriotal ceilteach ar phríobháidiú, ar chiorruithe agus ar dhiantóraíocht bhrabúis.

Ní ag lochtú na dtéarmeolaithe Gaeilge atá mé; caithfidh siadsan meon an téarma Béarla a thabhairt slán agus má tá bréag ann, bíodh. An dualgas céanna a bhíonn ar aistritheoirí: más luxury Dublin apartment atá le haistriú, ní ceadmhach ‘prochóg chúng ghruama turas leathlae ó lár na cathrach’ a scríobh, fiú dá mbeadh an méid sin níos deise don fhírinne. Bíodh sin mar atá, is deacair gan a mheas go gcuirtear an Ghaeilge as a riocht, corruair, d’fhonn freastal ar leathfhocail shlítheanta seo an Bhéarla.

Féach, mar shampla, downsizing, sa chiall tráchtála, i.e. bata agus bóthar a thabhairt d’fhostaithe. Creidim gurbh fhearr brí an fhocail sin a nochtadh ná dul i muinín lomaistriúchán míloighciúil míchumtha mar laghdú méide. (An féidir gur ‘méadú méide’a bheadh ar upsizing?)

Corruair, bíonn an leagan Béarla chomh háiféiseach sin is nach ligfeadh an bród duit géilleadh dó. Ardú meanman dom gur tugadh An Cheathrú Mheánaoiseach ar an chuid sin de chathair na Gaillimhe ar bhaist lucht margaíochta The Latin Quarter uirthi i mBéarla. Tá cruinneas agus dúchas san ainm Gaeilge; súil éadmhar ar shíodúlacht Pháras a spreag an t-ainm Béarla. Rachainnse céim níos faide agus ‘Cúlsráideanna an Anlainn Tráta’ a thabhairt ar an Italian Quarter i mBaile Átha Cliath feasta.

Níl a fhios agam nach bhfuil sé in am againn Foclóir Ionraic Gaeilge–Gaeilge a fhoilsiú a bheadh cosúil le The Devil’s Dictionary, cnuasach inar thug Ambrose Bierce a shainmhíniú dóite féin ar na céadta focal. ‘Athrú tobann i mírialú tíre’ an míniú a bhí aige ar ‘réabhlóid’. Is é is ‘dlíodóir’ ann, dar leis, ‘duine atá oilte ar an dlí a shárú’. B’iontach an léargas ar shaol comhaimseartha na hÉireann a bheadh ann ach tabhairt faoi mar is ceart. A leithéid seo:

Athshealbhú tí: (Airgead.) úinéirí tí a dhíshealbhú.

Coimeádachas, (Pol.) An dearcadh go bhfuil sé de cheart ag daoine saibhre gach uile phingin dá gcuid airgid a choimeád.

Comhrialtas, (Pol.) = PÓSADH ÉIGEANTAIS.

Oibrí pobail, (Tuaisceart Éireann) paraimíleatach nár éirigh leis dóthain vótaí a fháil le bheith ina IONADAÍ POBAIL.

Níl ann ach roinnt iontrálacha samplacha; is cinnte go mbeidh léitheoirí Friotal in ann tuilleadh a sholáthar.

 – Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie

Fág freagra ar 'Foclóir Ionraic Gaeilge–Gaeilge ag teastáil'