Eithne Ní Ghallchobhair
Arlen Press
Dá mbeadh an leabhar filíochta is déanaí seo ó Eithne Ní Ghallchobhair clúdaithe i gceirteacha smeartha, char mhiste liomsa mar ghabhfainn i mbannaí ar sheoda a bheith faoi ach tagann an tabhartas seo faoi chlúdach gleoite plandaí ildaite de chuid Poppy Melia agus na méiríní púcaí dom mhealladh ar aistear draíochta eile. An teideal fhéin nach sainmhíniú maith ar an saol é?
Tá an draíocht ann ach ní taobh leis é. Má chleacht tú mo dhála fhéin éisteacht le ceol is buaileam sciath na Fiannaíochta gan cheist agus a cheapadh nach bhféadfaí fraecsáil is rachmall na mboc sin a cheangal le saol an lae inniu, is duitse an leabhar seo, an tríú leabhar sa tríológ atá bunaithe ag Eithne Ní Ghallchobhair ar an mbéaloideas.
Go nádúrtha is go fileata éiríonn leis an snoíodóir paiteanta seo léamh an lae inniu a chur ar dhá scéal mhóra an tseanchais gan buanna is ceardaíocht an tseanchais a choilleadh.
Seanchaí aitheanta í an Conallach file agus éiríonn léi ciútaí, deismireachtaí agus ceol an tseanchais a thabhairt léi ina déantús féin. Amhail biachlár i dteach bia ardnósach geallann sí dúinn sa réamhrá go mblaisfidh muid ‘idir uaim agus rithim’ chomh maith le ‘abairtí agus nathanna cainte’ agus móitífeanna scéalta móra na Fiannaíochta.
Bean dá focal í!
Fionn Mac Cumhaill agus Croí an Mhic Tíre Bháin an chéad scéal a spreag a cuid filíochta. Dream iad seo arbh ‘ionann cath agus cogadh daofa agus siamsaíocht nó ceol’. Plus ça change!
Crochann sí léi muid ar rúid reatha fhileata seilge i dteannta na bhFiann trí ardáin is ísleáin go gcastar ‘cailleach mhór mhíofar’ orainn.
De réir gnáis, imrítear cluiche cártaí agus cuireann an chailleach de gheasa ar Fhionn gan suí ná seasamh a dhéanamh in aon áit go dtabharfaidh sé croí an mhic tíre bháin chuici féin.
Ar ndóigh is é an firín ribeach rua, suarachán neamhuasal, a dhéanann na hullmhúcháin ar fad don turas lá is bliain ar muir gur tháinig siad ar ‘Mise an Rí’ ina chaisleán ‘ag tochas a thóna’.
Más liairne díomhaoin léamh an tseanchais ar Mise an Rí ba mhaith í a fhealsúnacht saoil. Eisean a mhínigh do na Fianna gurb í ‘an eagnaíocht dhiaga’ ba mhian leis an gcailleach Fionn a chur á tóraíocht mar gur aithin sí go maith go raibh Mac Cumhaill ‘imithe ar seachrán’.
Is maith a d’fheilfeadh comhairle Mhise an Rí dúinn ar fad agus nuair a fhoilseofar na naoi véarsa comhairle ar phóstaer beidh sé ar mo bhalla-sa!
‘Tá am le do bhéal a oscailt ann
Tá am ann do na rúin.’
Níl leanbh sa tír nár chuala an scéal mór grá inar thréig Oisín a chlann agus a dhream le héalú go Tír na nÓg le Niamh Chinn Óir – ’spéirbhean fhionn bhachallach, ainnir mhín mhealltach’.
Is maith a thuig an spéirbhean céard a mheallfadh Oisín – moladh, móradh agus plámás agus ‘na flaithis’ a ghealladh thall dó, áit a mbeadh ‘easpa dobhróin’ agus ‘flúirse áthais’, áit gan ‘bochtanas ann ná tinneas’, ná ‘fulaingt ná aighneas’. Is mairg a d’eiteodh é!
I bprós a chuirtear ceist nár cuireadh riamh sa seanchas, má bhí Tír na nÓg chomh hiontach sin céard a thug Niamh ag tóraíocht fir in Éirinn?
Ag bainis mhór na lánúine níor bhlais seanóirí na bhFiann na céille ceannaithe greim mar ‘ba léir daofasan an donas, an buaireadh a bhí ina luí amach roimh Oisín’.
Céard a spoch Oisín lena mhuintir a thréigean? Cén fáth a n-imíonn an óige? Amhail Oedipus, Oisín tinn tuirseach ina mhac a athar, tuirseach ‘den tsuirí’, ‘den achrann’ ‘den ragairne’.
Céard a shantaigh Niamh, tioncharóir agus íocón áilleachta a tíre? ‘Bhí sí sa tóir ar na féiníní, éad na mban óg’, ‘Nach cuma faoina phearsantacht thiocfadh sin a athrú’.
Cúrsa réamhphósta an dán seo d’aon duine atá ag brath ar a ghabháil faoi chuing!
Mo léan géar is fada fada an t-achar é trí chéad bliain d’aon bheirt ach a dtréigeann loinnir an chéileachais.
Éiríonn Oisín corrthónach, ina chráiteoir ‘achrannach agus oirbhireach’, é ‘ina sheabhac chuibhrithe’.
Ó hó! Bhíodar siúd leis i dTír na nÓg – ’diúgairí is ceoláin’, rogha comhluadair Oisín.
Ní call duit a bheith i d’fheimineach lena thuiscint gur ar an ‘deimheas go raibh sé ar adhastar aici’ a bhuail sé an milleán. ‘Bhí na naoi bhfuathacha acu ar a chéile.’
Nó mar a deirtear anois:
‘Bhí an bheirt ag dul in aois intinne
ag ráta luais neamhionann.’
Ní téisiúlacht a shantaíonn Oisín feasta:
‘Anois b’fhearr leis bean
a mbeadh inti gaois,
A dhéanfadh dinnéir a mháthara dó
ina mbeadh cumas maith tís.’
Amhail gach caidreamh achrannach:
‘Ba dhoiligh do Niamh cur suas
leis an éiginnteacht…
cic nó cuimilt,
greadadh teanga nó póg.’
Ní milleán uirthi a bheith dubh dóite de agus a bheith sásta an cráiteachán bulaí a scaoileadh chun siúil. Ach níor inis sí sin dósan!
Ar aon nós, ‘ní bheadh taobh s’aigesean den leabaidh fuar rófhada ina dhiaidh’.
Agus mo dháimh ar fad le Niamh ba dheacair trua a dhéanamh d’Oisín bocht agus an t-oileán suarach ‘lán le fuath, fearg agus fala’ agus ‘fothracha an chruatain’ a bhí roimhe, gan trácht ná tuairisc ar na Fianna uaisle.
Pádraig aspal a gheall dó go scríobhfadh sé scéal na bhFiann agus a chuir ordóg ar a shúile leis na focail:
‘Beidh Fianna Éireann i do chuideachta
go doras na huaighe.’
Dílis don seanchas atá an seanchaí file ach léamh is tuiscint ghrinn an lae inniu mar anlann leis. Dhá scéal atá cloiste is léite míle uair agam ach ceisteanna is léamh as an nua ar fad agam ar na daoine seo, tuiscint b’fhéidir nach raibh ag na scéalaithe fir a bhíodh á n-inseacht ar an tinteán leis na glúnta.
Rinne an file seo an t-athshealbhú céanna ar an mbéaloideas sa dá leabhar eile sa tríológ seo ón bhfoilsitheoir céanna An Craiceann is a Luach a thug ceart labhartha don mhaighdean mhara agus Múscail, a Ghiorria a chuir an chomaoin chéanna ar an gcailleach.
An drochscéala nach mbeidh againn ach an tríológ.
Cén fáth go bhfuil mé faoi gheasa ag saothar an fhile seo? An cheardaíocht, an ceol, an friotal, an greim ar an dúchas, an greann dóite, an teanga ina pluic, an flosc fileata agus gaois shinsearach na mban.
Glac lena comhairle agus léigh os ard é!
A guí fhéin duit a léitheoir ‘tá súil agam go mbainfidh tú an oiread suilt as an leabhar seo a léamh agus a bhain mise as a bheith á scríobh’.
Fuair tú toradh do ghuí, a fhile, i mo chás-sa agus b’amhlaidh do na faoileáin agus na broighill a bhí ag éisteacht liom á rá i mo scailp le cladach agus seo á scríobh agam!
Áine Ní Ghlinn
Léirmheas den scoth ar leabhar den scoth