FÍSEÁN: ‘Údar náire’ agus ‘sárú ar an mBunreacht’ gan seirbhís ateangaireachta a bheith ar fáil ag cruinniú de Choiste Oireachtais

Dúirt Thomas Byrne, urlabhraí oideachais Fhianna Fáil, go raibh "náire" air mar Theachta Dála nach raibh an tseirbhís ar fáil ag cruinniú de Choiste Oideachais an Oireachtais tráthnóna agus gur 'sárú' ar chearta teanga an Bhunreachta a bhí i gceist

Cáineadh an easpa seirbhíse ateangaireachta i dTithe an Oireachtais ag cruinniú de chuid an Choiste Oideachais agus Scileanna i dTithe an Oireachtais inniu. Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Thomas Byrne, atá ina bhall den Choiste, nach raibh sé sásúil go dtabharfaí cuireadh chun cainte d’eagraíochtaí Gaeilge agus gan an tseirbhís ateangaireachta a bheith ar fáil.

Dúirt Byrne, urlabhraí oideachais Fhianna Fáil, go raibh “náire” air mar Theachta Dála nach raibh an tseirbhís ar fáil agus gur “sárú ar chearta teanga an Bhunreachta” a bhí i gceist.

“Níl sé sásúil nach bhfuil muid in ann déileáil leis an ábhar sin trí Ghaeilge, más mian leis na cainteoirí sin déileáil leo trí Ghaeilge. Níl sé ceart, níl sé bunreachtúil agus níl mé sásta leis sin. Tá náire orm mar bhall den Dáil – níl a fhios agam an bhfuil aon bharúil ag na daoine sin,” a dúirt Byrne le cathaoirleach an Choiste, a chomhghleacaí i bhFianna Fáil, an Teachta Dála Fiona O’Loughlin.

Dúirt Byrne go molfadh sé féin gan dul ar aghaidh leis an gcruinniú mura mbeadh ann ach eagraíochtaí Gaeilge.

Tá ionadaithe ó Ghaeloideachas agus Cearta Oideachais i láthair ag an gcruinniú inniu agus an Bille Iontrála Scoile nua á phlé ag an gCoiste. I measc na ngrúpaí a a bhfuil cur i láthair déanta acu faoin reachtaíocht nua tá Atheist Ireland, Educate Together, Education Equality, agus grúpaí creidimh. Pléadh níos túisce ag an gcruinniú, atá fós ar siúl, na himpleachtaí tromchúiseacha a bheidh ag an reachtaíocht oideachais nua do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste gur údar díomá di féin an easpa seirbhíse ateangaireachta ach gurb í a tuiscint nach bhfuil an tseirbhís ar fáil ach i seomra coiste amháin i dTithe an Oireachtais agus go raibh an seomra sin curtha in áirithe tráthnóna do chruinniú de chuid an Choiste Ealaíon, Oidhreachta, Forbartha Réigiúnaí, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá baill an Choiste sin ag plé na seirbhíse farantóireachta go hInis Mór agus buiséad na Gaeilge don bhliain 2017.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Oideachais, Fiona O’Loughlin, gur tugadh le fios do chléireach an Choiste nár chóir go dtarlódh sé arís go mbeadh ar chainteoirí ar mhian leo cur i láthair a dhéanamh i “dteanga dhúchais na hÉireann” an cur i láthair sin a dhéanamh i mBéarla.

D’aontaigh Cearta Oideachais agus Gaeloideachas a ráitis a thabhairt i mBéarla  ag cruinniú an lae inniu ar an dtuiscint go gcuirfí leaganacha Gaeilge na ráiteas  ar shuíomh oifigiúil Thithe an Oireachtais.

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Údar náire’ agus ‘sárú ar an mBunreacht’ gan seirbhís ateangaireachta a bheith ar fáil ag cruinniú de Choiste Oireachtais'

  • Manus

    Mo náire sibh Gaeloideachas agus Cearta Oideachais. Nárbh fhearr seasamh a thógaint?