FÍSEÁN: ’Tá lucht na Gaeilge ardnósach agus tuigim cén fáth go dtugtar Taliban orthu’ — Seanadóir

Dúirt an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin tráthnóna gur gá ‘meon na nGaeilgeoirí’ a athrú agus go bhfuil fáth ann go dtugtar an Taliban orthu

FÍSEÁN: ’Tá lucht na Gaeilge ardnósach agus tuigim cén fáth go dtugtar Taliban orthu’ — Seanadóir

Tá fáth ann a dtugtar ‘Taliban’ ar dhíograiseoirí teanga, dar leis an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin. Dúirt an Seanadóir ó Pháirtí an Lucht Oibre inniu go mbíonn lucht na Gaeilge “ardnósach” agus nach gcabhraíonn an meon atá acu le cás na teanga.

Bhí Ó Ríordáin ag labhairt leis an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Seán Kyne sa Seanad inniu faoin nGaeilge agus faoi mhúineadh na teanga. Dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach “meon na nGaeilgeoirí” a athrú agus gur bac ar dhul chun cinn na teanga an meon céanna.

“Tá meon eile tábhachtach a athrú sa cheist seo, i mo thuairimse, agus sin meon na nGaeilgeoirí. Má chuireann tú smaoineamh eile chun cinn ó thaobh an dóigh ar féidir an córas a athrú, faighim teachtaireachtaí ó ar fud na tíre ag rá gur Cromwell eile tagtha ar an bhfód mé agus go bhfuil mé ag iarraidh cosc a chur ar ghluaiseacht na Gaeilge,” a dúirt sé.

Dúirt sé go bhfuil sé “dochreidte” go gcuirtear na teachtaireachtaí seo chuige agus “nach gcabhraíonn siad le gluaiseacht na Gaeilge”.

“Más féidir le lucht na Gaeilge gan a bheith chomh ardnósach sin agus ag tabhairt teachtaireachtaí chugamsa agus daoine eile, tá fáth ann go nglaoitear orthu ‘an Taliban’, mar is cuma cén sórt plé a bhíonn agat faoi chúrsaí Gaeilge, mura n-aontaíonn tú go huile is go hiomlán leis na tuairimí atá acusan ó thaobh ghluaiseacht na Gaeilge, is ionann tú féin agus Cromwell,” a dúirt sé.

Bhí an Seanadóir ag caint sa Seanad tráthnóna faoi chaighdeán Gaeilge na mbunmhúinteoirí, agus mhol sé gur chóir gach ábhar a theagasc trí Ghaeilge i ngach bunscoil go “rang a dó nó a trí”.

Cháin an Seanadóir de chuid Shinn Féin Niall Ó Donnghaile ráiteas Uí Ríordáin faoi lucht na Gaeilge agus dúirt sé go mbeadh an Seanadóir ó Pháirtí an Lucht Oibre “ag bualadh a dhruma” le teann míshástachta dá luafaí an Taliban le haon ghrúpa eile.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ’Tá lucht na Gaeilge ardnósach agus tuigim cén fáth go dtugtar Taliban orthu’ — Seanadóir'

  • Seán Ó Buachalla

    Tugann daoine áirithe ‘feminazis’ ar fheiminithe atá ag iarraidh saoirse na mban a bhaint amach chomh maith. An ionann sin is a rá go bhfuil an t-ainm maslach sin tuillte acu siúd?

  • Feardorcha

    Murab ionann agus an Seanadóir Ó Ríordáin bhí údarás de shaghas éigin ag an Taliban, go ndéana Dia trócaire orthu.
    Thug muintir na tíre seo bata agus bóthar don bhreallaire seo ach fós féin tá a chuid baoth-thuairimí le cloisint lá i ndiaidh lae.
    Bhfuil sé sin ardnósach go leor dó? Fógraím fatwa leis!

  • Liamo

    Ardnosach agus Taliban mar tá muid ag iarraidh ár dteanga a labhairt in Éirinn.Is léir nach nglacann le chearta teanga dosna Gaeil. Sasanach is ea é le mheon mar sin is é ag léiriú féinfuath dár gcultúr agus meon iarchóilíneachta aige

  • Gerry

    Aontaím leis. Rinne mé an obair chrua mó chuid Gaeilge a fhoghlaim gan Gaeilgeoirí i mo teaghlach/ceantar. Ach i ndiaidh coláiste, bhí sé ionann is dodhéanta Gaeilgeoirí a fháil (taobh amuigh den Ghaeltacht) seachas an lucht “ardnósach”. Caithfidh tú bheith níos Gaelaí le Cúchulainn, nó cuirtear “Sasanach” ort agus neamhaird a thabhairt ort…