FÍSEÁN: ‘She’s a hun ag imirt ar do shon’ – dán Gaeilge is Béarla ag Cumann Pheil na mBan

Tá píosa filíochta de chuid Chiaraí Uí É mar chuid d’fhíseán nua atá seolta ag Cumann Pheil na mBan roimh chluiche ceannais na hÉireann

FÍSEÁN: ‘She’s a hun ag imirt ar do shon’ – dán Gaeilge is Béarla ag Cumann Pheil na mBan

Tá físeán nua dátheangach curtha amach ag Cumann Pheil na mBan roimh chluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh.

Is í Ciara Ní É, bunaitheoir REIC, an oíche filíochta Gaeilge, a chum agus a chuireann i láthair an píosa a thugann ómós do na cailíní agus do na mná uilig a bhíonn ag imirt peile.

Cuireadh an físeán le chéile mar chuid de Seó Beo Pheil na mBan le Lidl, macasamhail Up for the Match a bhíonn ar RTÉ roimh chluichí ceannais na bhfear.

Clár cainte agus siamsaíochta atá i gceist leis an gclár nua agus craolfar beo é ar TG4 ó Theach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath é ag 9.30pm Dé Sathairn beag seo, an oíche roimh chluiche ceannais peile na mban idir Áth Cliath agus Corcaigh. Gráinne McElwain agus Daithí Ó Sé a chuirfidh an seó i láthair.

Ina measc siúd a ghlacfaidh páirt sa chlár beidh réaltaí spóirt amhail Fiona Coghlan, iarChaptaen fhoireann rugbaí na hÉireann, Valerie Mulcahy – iar-réalta peile Chorcaí, Ellen Keane, an snámhóir parailimpeach agus Nicci Daly, an t-imreoir haca.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘She’s a hun ag imirt ar do shon’ – dán Gaeilge is Béarla ag Cumann Pheil na mBan'

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Ciall eile acu le ‘hun’ abhus anseo!

  • Tash

    Bhíos ag smaoineamh díreach sin! Bheadh ‘hon’ ní b’fhearr, measaim.