FÍSEÁN: ‘Ó Muineacháin. What’s that in English?’ – Teachta Dála spréachta faoi dhrochmheas ar ainmneacha

Labhair an Teachta Dála Aindrias Ó Muineacháin óna chroí amach i dTithe an Oireachtais faoina thaithí féin ar an meon a bhíonn ag daoine sa tseirbhís phoiblí i leith ainmneacha Gaeilge

FÍSEÁN: ‘Ó Muineacháin. What’s that in English?’ – Teachta Dála spréachta faoi dhrochmheas ar ainmneacha

Chualathas i dTithe an Oireachtais an tseachtain seo ráiteas lán frustrachais agus feirge faoi dhoicheall an státchórais roimh ainmneacha Gaeilge.

Tá an ceart atá ag duine a ainm cruinn féin a úsáid go mór i mbéal an phobail le tamall anuas, go háirithe  mar gheall ar chonspóidí a bhaineann leis an síneadh fada.

Ba ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge a chualathas an achainí chráite is déanaí faoin ábhar seo nuair a labhair an Teachta Dála Aindrias Ó Muineacháin óna chroí amach faoina thaithí féin ar an meon a bhíonn ag daoine sa tseirbhís phoiblí i leith ainmneacha Gaeilge.

Bhí leasurlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil i láthair ag seisiún den choiste oireachtais ag a raibh ionadaithe ón HSE á gceistiú nuair a tháinig conach air.

Dúirt Ó Muineacháin gurb í an chúis go dtugann daoine as an nGaeltacht leagan Béarla dá n-ainm uaireanta ná gur ‘What’s that in English?’ an cheist a chuirfí orthu dá dtabharfaidís a n-ainm i nGaeilge.

 

“Sin mar go gcuirtear ceist amuigh ag an ndoras, ‘What’s that in English?’. Sin an cheist a fhaigheann tú nuair a thagann tú go dtí an cuntar. Ó Muineacháin? ‘Oh, yeah. What’s that in English?’. Bang! Sin an fáth go mbíonn an-chuid daoine a thagann isteach cláraithe leat i mBéarla.

“Tá fearg orm mar gheall air. Arís agus arís eile cloisim é. Aon teagmháil a bhíonn agam le haon ospidéal – ‘Ó Muineacháin? Yeah, what’s that in English?’.”

Dúirt Ceannasaí Seirbhísí Gaeilge an HSE Cuimín Mac Aodha Bhuí go mbíonn deacrachtaí ag baint le daoine a bhíonn cláraithe faoi dhá ainm ach gur ghlac sé leis go dtarlaíonn sé uaireanta go léirítear drochmheas ar ainmneacha Gaeilge.

Dúirt sé go raibh “urraim agus meas” tuillte ag ainm duine agus gur eagraigh an HSE seisiún eolais i nGaillimh chun an méid sin a chur ar a súile don fhoireann.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Ó Muineacháin. What’s that in English?’ – Teachta Dála spréachta faoi dhrochmheas ar ainmneacha'

  • Thomás

    Ba chóir go mbeadh seirbhís ar fáil trí Ghaeilge ar fud na tíre, ní hamháin sna ceantair Gaeltachta!

  • Con

    Ag tarlú le fada faraor. Féach ar shloinnte na mBlascaod i ndaonáireamh 1911. Guiheen, Crohan, Kearney etc. Bhí na háiritheoirí eile breá sásta glacadh le hainmneacha Gaelacha i gceantair eile i gCiarraí ach mo dhuine – constábla – a rinne an áiritheoireacht ar an mBlascaod, níor bhac sé le fiú sloinne amháin i nGaeilge!

  • Brigid

    Aontaim 100% leis an meid a bhí a rá ag an Teachta Dála Aindrias Ó Muineacháin.

    Chuiagh mé chuig an dochtúir bhFionnradharc i mBaile Átha ckliath an tseachtain seo caite chun mo mhac ceithre bliana á thabhairt chuig an dochtúir.
    Nuair a tháinig m’uimhir suas ar an scaileán sa seomra feithimh agus nuair a ndeachaigh mé chomh fada leis an an gcuntar d’iarr an an riarthóir a bhí ar an taobh eile don ghloine dom ‘What name’.

    ‘Mac Briartaigh’ a dúirt mé léi, Bhreathnaigh sí orm ar nós go raibh dhá cloigeann orm agus dá bhrí sin dúirt mé an t-ainm arís agus bhí chun é a litriú amach dí.
    Thosigh sí ag brú cnapaí ar an ríomhaire ach thuig mé láthrach nár bhfiú thuig sí ceard a dúirt mé. Taobh isitigh de cúpla soicind dúirt sí ‘Whats his date of Birth’? Chuir sé seo cantál orm mar thuismitheoir mar thug me ainm do mo mhac nuair a rugadh é. Is cosúil go raibh in iomarac strus ann dí ainm mo ghasúr a fháil ceart.

    Sin an rud céanna go díreach a luaigh an Teachta Dála Aindrias Ó Muineacháinsa bhfíseán. Tá sé seo ag dul ar aghaidh chuile lá sa tseachtain agus bíonn siad ag súil go n-iompaíonn muid ar an mBéarla i gcónaí agus is cuma leis an Rialtas faoi.

    Brigid

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Bliain ó shin, dóbair go raibh orm lá a chaitheamh in ospidéal i dTrá Lí. Idir dochtúirí agus banaltraí a bhí ag déileáil liom, chuir gach aon duine acu an cheist chéanna ormsa, “What’s that in English?”, ach duine amháin – dochtúr mná muslamach a fhuaimnigh m’ainm go cruinn gan ceist.

  • Éilis

    Ar bhealach is deacra fós nuair a chuirtear an cheist seo i ngnáth chomhrá. Is féidir freagra neamhbhalbh, neamhleithscéalach a thabhairt ar chléireach nó ar dhoirseoir – nach bhfuil ainm eile ort, nó a léithéidí, ach nuair a thagann an cheist aníos sa mhionchaint a leanann agus daoine á gcur in aithne ritheann sé leat nach bhfuil sé cáirdiúil gan eolas a thabhairt go háirithe má leanann duine ar aghaidh, bhuel cén Béarla atá air ar aon nós? Ceal freagra deisbhéalach – cén Ghaeilge atá ar a sloinne féin? nó drogall dul níos doimhne i gceist na teanga, nach tú féin ach an duine eile a d’ardaigh, i saol an Bhéarla, níos minicí ná a mhalairt, úsáidim sloinne mo chéile.

  • Séamas Mac Coitir.

    Sea, is ar mhaithe le héascaíocht a iompaíonn daoine i gcoitinne ar an mBéarla, nuair a bhíonn siad ag plé le giollaí an stáit, ach go háirithe. Mar an gcéanna le lucht leighis srl., ní bheadh duine ach ag brú ar an doicheall dá mba rud é gur lean sé/sí ar aghaidh ag labhairt Gaeilge, agus gan aon tuiscint ag an bhfreastalaí ar an teanga sin. Ní mór dúinn aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne, nach bhfuil an Ghaeilge á múineadh mar theanga chumarsáide sna scoileanna le fada an lá. Dá bhrí sin, os rud é go bhfuil an Ghaeilge ar an bhfaraor géar faoi láthair, níl rogha ón réiteach ach an Béarla a labhairt. Mar sin, ag cur gach rud san áireamh, caithfimid glacadh leis an saol mar atá sé, ní mar ba mhaith linn é a bheith! Tá an Béarla ina rabharta thart timpeall orainn, agus an duine nach léir dó/ di an méid sin, tá sé ag maireachtáil i dtír na nÓg! Sin é mo scéalsa.Séamas