FÍSEÁN: ‘Ní ghéillfidh mise. ‘Sí mo theanga í!’ – ráiteas Bhríd Uí Neachtain a chuaigh i bhfeidhm ar mhórán…

Dar le mórán daoine ar na meáin shóisialta go raibh an físeán leis an aisteoir iomráiteach Bríd Ní Neachtain faoi na dúshláin a bhaineann le bheith i do chainteoir Gaeilge i measc na mbuaicphointí ar TG4XX Beo aréir. Ba í Niamh Ní Bhaoill a stiúraigh. Seo deis eile súil a chaitheamh air...

TG4xx Play
Le caoinchead TG4. Ba í Niamh Ní Bhaoill a chum an script agus Cathal Watters a stiúraigh

 

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Ní ghéillfidh mise. ‘Sí mo theanga í!’ – ráiteas Bhríd Uí Neachtain a chuaigh i bhfeidhm ar mhórán…'

  • Seosaimhin Ní Bheaglaoich

    B’iad bréithre Bhríd Ní Neachtain an ní ab feârr mar gheall ar ‘cheiliüradh’ na hoîche aréir.
    Thabharfadh sí misneach do dhuine.
    B’fhiú cur suas leis an nglamaireacht ar fad a bhí ár mbodhra ar feadh dhâ uair a chloig. ( cad na thaobh an bhéiceach?? an amhlaidh nā fuil fhios acu gur chuige sin atá micreafóin acu? Nó nî aráirde ar thaobh an chnoic a bhîodar. Agus na mná chomh holc leis na fearaibh )
    Thabharfainn ‘glaoch ar ais’ don Uachtarán leis, baill ó Dhia air.

  • Muireann Nic Amhlaoibh

    Niamh Ní Bhaoill a scrígh an píosa seo, a Sheosaimhín. Nach iontach é!

  • Pól Ó Braoin

    Píosa deas. Nár dheas an rud é an ráiteas gleoite sin a fheiceáil ar RTÉ scaití? … agus corr thagairt don Fháinne chomh maith leis a chuirfeadh in iúl don phobal go bhfuil a leithéid de shuaitheantas ar son na teanga ann? … Agus ní le linn “Seachtain na Gaeilge” amháin.