FÍSEÁN: Máthair, mac agus iníon ag dul in iomaíocht do Chorn Uí Riada

Beidh Caitlín Ní Chualáin, an t-amhránaí aitheanta as an Teach Mór i gConamara, agus a beirt chlainne, Adhna agus Domhnall, páirteach i mórchomórtas an tsean-nóis ag Oireachtas na Samhna an tseachtain seo

FÍSEÁN: Máthair, mac agus iníon ag dul in iomaíocht do Chorn Uí Riada

Tá máthair, mac agus iníon ag dul in iomaíocht do Chorn Uí Riada ag Oireachtas na Samhna i mbliana, an chéad uair ar tharla a leithéid.

Tá Caitlín Ní Chualáin, nó Caitlín Pheaits mar a thugtar uirthi, amhránaí aitheanta as an Teach Mór i gConamara, agus a beirt chlainne, Adhna agus Domhnall Ó Braonáin le bheith páirteach i mórchomórtas an tsean-nóis a bheas ar siúl Dé Sathairn beag seo ag an Oireachtas i gCill Airne.

Beidh Mícheál Pheaits Ó Cualáin, deartháir le Caitlín agus uncail le Domhnall agus Adhna, ag dul ar stáitse Chorn Uí Riada freisin i mbliana.

Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Caitlín Ní Chualáin, a thug léi Corn Uí Riada in 2016, nach raibh sé i gceist aici cur isteach ar an phríomhchomórtas amhránaíochta ar an tsean-nóis i mbliana, ach gur athraigh sí a hintinn tar éis “go leor dianmhachnaimh”.

“Ní raibh mé le cur isteach air, bhí sé caite as mo cheann uilig agam. Thosaigh mé ag cuimhneamh orm féin agus is pribhléid é a bheith ar ardán Chorn Uí Riada agus is sampla é do mo chlann agus chomh maith leis sin, tá sé deich mbliana ó cailleadh m’athair, in 2013, agus bhí mé a’ rá, mura ndéanfainn ar chúis ar bith é ach é a dhéanamh mar ómós do m’athair.”

Níor tharla sé ó cuireadh tús le comórtas Chorn Uí Riada i 1972 go raibh ceathrar as an gcomhluadar céanna in iomaíocht lena chéile.

“Tá mo dheartháir Mícheál, tá sé féin páirteach i gcomórtas Chorn Uí Riada. Tá sé iontach go bhfuil muid uilig le bheith le chéile ar aon ardán amháin. Ní rud é a tharlóidh an-mhinic, b’fhéidir nach dtarlódh sé arís go brách,” a dúirt sí.

Seo an chéad uair ag Adhna Ní Bhraonáin agus ag Domhnall a bheith páirteach i gCorn Uí Riada.

Dúirt Adhna Ní Bhraonáin, atá tagtha abhaile tar éis cúig bliana thar lear, go raibh sí “neirbhíseach” faoi chomórtas Chorn Uí Riada ach gur “onóir mhór” di a bheith ar an ardán céanna lena muintir.

“Bhuaigh mé Comórtas na mBan in 2018 agus ansin an tseachtain ina dhiaidh sin, bhog mé go dtí an Nua-Shéalainn agus ní raibh mé ag súil le gnóthachtáil ar chor ar bith, so níor éirigh liom teacht abhaile agus dul ar stáitse Chorn Uí Riada ó shin.

“Ní raibh mé ar stáitse ar bith le cúig bliana agus diabhal mórán cleachtaidh a bhí á dhéanamh agam thall ansin dáiríre so tá mé cineál neirbhíseach anois faoi seo ach le cúnamh Dé beidh sé go hálainn agus is onóir mhór atá ann a bheith ar an stáitse céanna le mo Mhama, mo dheartháir agus m’uncail agus ar an stáitse céanna ar a raibh Deaideo, tá mé an-sásta faoi sin,” a dúirt Adhna Ní Bhraonáin.

Dúirt Domhnall Ó Braonáin, a bhuaigh Comórtas na bhFear ag an Oireachtas anuraidh go bhfuil sé “dochreidte” go mbeidh sé féin ar ardán Chorn Uí Riada i mbliana.

“Is cuimhneach liom agus muid ag fás aníos i gcónaí ag gabháil chuig an Oireachtas, mam i gcónaí ag réiteach le dul ar stáitse Chorn Uí Riada agus Chorn na mBan.

“Tá an rud mór seo i gcloigeann chuile dhuine faoi Chorn Uí Riada feictear dom féin agus is aisteach an rud cuimhneamh go mbeidh mé féin thuas leis na laochra sean-nóis seo uilig,” a dúirt sé.

Beidh Corn Uí Riada, Príomhchomórtas sean-nóis an Oireachtais, ar siúl Dé Sathairn an 4 Samhain ag 7pm ar an Stáitse Mór san INEC i gCill Airne. An craoltóir Neansaí Ní Choisdealbha, a bheas á chur i láthair agus beidh sé á chraoladh beo ar Raidió na Gaeltachta, seinnteoir TG4 agus www.antoireachtas.ie

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Máthair, mac agus iníon ag dul in iomaíocht do Chorn Uí Riada'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Cúis iontach ar fad! Gach rath orthu :-)

  • Kevin Hickey

    Breá bheith ag éisteacht leo.